Lisa Nic an Bhreithimh
Ó fógraíodh na chéad chásanna den choróinvíreas in Éirinn seacht mí ó shin anois, bhain tábhacht leis an bpobal agus leis an ngá a bheith ag obair le chéile chun srian a choinneáil ar scaipeadh an víris. Chualathas scéalta de dhaoine ag faire amach dá chéile ar fud na tíre - biongó faoin aer ag árasáin i gceartlár chathair Bhaile Átha Cliath, ceolchoirmeacha ón mbaile ó cheoltóirí agus comharsana ag cuidiú lena chéile le siopadóireacht agus eile. Mar a scríobh mé in alt eile áfach, níor léiríodh an chomhpháirtíocht a bhí ag teastáil i measc mhuintir na hEorpa ag tús na paindéime, nó fiú timpeall na hÉireann ar bhealaí eile.
Nuair a cuireadh roinnt contaetha faoi dhianghlasáil arís le déanaí bhí roinnt gearán le feiceáil ar na meáin shóisialta agus mar cheannlínte na meán cumarsáide - míchothromas luaite, go ndearna pobail iarrachtaí móra agus go raibh píonós orthu díreach mar gheall ar úinéirí nó ar oibrithe monarchana i gContae Chill Dara. Níl aon amhras ach go gcruthaíonn an dianghlasáil deacrachtaí agus dúshláin mhóra do dhaoine - iad scartha ó dhaoine muinteartha leo, gan a bheith in ann éalú ó mhíúsáid, deacrachtaí uaignis agus meabhairshláinte i measc go leor eile. Ábhar díomá áfach ná na hábhair is mó buartha a léiríodh maidir leis na srianta breise úd. Tar éis míonna de bheith ag seasamh lena chéile, anois bhí gearáin a léirigh ‘muid’ agus ‘iad’, in áit comhphobal ag seasamh lena chéile ag ceistiú cad go díreach a tharla agus conas a ligeadh dó tarlú.
Léirigh an "Powerless Report" de chuid Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann nach bhfuil leath de dhaoine in ionaid Soláthair Dhirigh in ann scaradh sóisialta a dhéanamh iontu. Chuaigh 32 duine ar stailc ocrais in ionad Soláthair Dhírigh i gCathair Saidhbhín, Ciarraí, mí Iúil. Bhí 20 cás den víreas san ionad i mí Aibreáin amháin. Cónaíonn roinnt d'oibrithe na monarchana i gCill Dara in ionaid Soláthair Dhírigh.
Is féidir a shamhlú go bhfuil cuid mhaith de na hoibrithe seo ar phá íseal ina gcónaí i lóistín atá plódaithe le daoine. Nuair a shiúlaim timpeall ar mo cheantar féin i mBaile Átha Cliath feicim seanfhoirgnimh Sheoirseacha le breis is 15 chloigín dorais ar chuid acu agus feictear leapacha buinc in aghaidh na bhfuinneog iontu, na scórtha daoine plódaithe istigh sna seomraí. Chomh maith leis seo, ní bhíonn conradh ag go leor daoine i bpoist den chineál seo. Mura dtéann siad ag an obair, ní fhaigheann siad pá.
Ní haon ionadh é gur scaipeadh an víreas mar a scaipeadh sna monarchana agus sna hionaid Soláthair Dhírigh. Má tá daoine i suíomh plódaithe san obair, agus cuid acu sa chás céanna sa mbaile freisin, mura bhfuil a ndóthain aer úr acu, má tá drochshláinte orthu de bharr cúinsí oibrithe agus/nó maireachtála, níl aon amhras ach go scaipfí an víreas fíorthógálach seo, atá bainteach leis na scamhóga agus na haerbhealaí, go forleathan ina measc. Lena chois seo, má tá scanradh ar dhaoine roimh bheith gan aon phá mura dtéann siad ag an obair, déanfaidh go leor acu gach iarracht dul ag an obair, fiú agus tinneas orthu.
Tá go leor ceisteanna le plé maidir le cás na monarchana i gCill Dara. Cén fáth a gcuirtear daoine i lóistín de leithéid na n-ionad Soláthair Dhírigh? Cén fáth a bhfuil siad chomh plódaithe sin nach féidir le cuid mhór de na cónaitheoirí scaradh sóisialta a dhéanamh? Cén fáth nach bhfuil cosaint ann do dhaoine ar bheagán pá ionas gur féidir leo am saor a thógáil ón obair más gá gan bhuairt airgeadais? Is deis foghlamtha é cás Cill Dara dúinn - deis spléachadh a thabhairt ar shaolta cuid de na daoine is imeallaithe inár sochaí, agus deis seasamh leo mar a sheasamar le chéile i rith na míonna luatha den phaindéim, ag éileamh cúinsí maireachtála níos fearr.
Is cuimhin liom freastal ar chaint ó bhean a chónaigh in ionad Soláthair Dhírigh. D'inis sí scéal faoi oibrí sóisialta agus buachaill óg a bhí ina chónaí ann agus scartha óna thuismitheoirí. Nuair a d'iarr an t-oibrí sóisialta air gloine uisce a fháil, lean sí an buachaill agus chonaic sí é ag líonadh gloine uisce ón leithreas. Ní dhearna mé dearmad riamh ar an íomhá den bhuachaill óg sin a tháinig go hÉirinn ar lorg tearmainn, mar a rinne na miliúin Éireannach i dtíortha eile thar na céadta. Ná déanaimis dearmad anois ar lucht Chill Dara agus Chathair Saidhbhín. Is ar scáth a chéile a mhairimid, agus caithfear smaoineamh i gcónaí, go háirithe ag am mar seo, fúthu siúd 'sna scáthanna'.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi Chóras an tSoláthair Dhírigh nó le cuidiú a thabhairt, féach i dtreo Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann, Doras nó eile; éist le podchraoladh Jane McNamara, "Modern Problem" nó fiú cuir fáilte roimh lucht iarrtha tearmainn go hÉirinn trí mheas a léiriú agus sa phobal, mar a rinneadh dúinne i dtíortha i gcéin thar na blianta.