Seaghan Mac an tSionnaigh
Mhol Comhairle Cathrach Montréal an tseachtain seo caite go nglacfaí plean gníomhaíochta úrnua chun an Fhraincis a chur chun cinn sa chathair sin agus beidh an plean san á chur i bhfeidhm as so anois go dtí an bhliain 2024.
D’fhéadfá a rá, mar sin, gur fiúntach an léirsiú a reachtáladh tá mí ó shin i Montréal, léirsiú arbh í ceist na Fraincise i gcúige Québec ab ábhar dó, agus ar fhreastail os cionn céad duine air. Manaí éagsúla á bhfearadh ag lucht a fhreastail. Ceann díobh: “un pays en français. C’est maintenant ou jamais” [“tír as Fraincis. Anois nó riamh”].
Cad as an imní seo atá ar roinnt mhaith de mhuintir Québec i leith na Fraincise? 8.5 milliún duine a mhaireann sa chúige Ceanadach céanna. Más fíor do thorthaí dhaonáireamh 2016, tá 6% den líon san gan aon Fhraincis, agus 18% den líon san, tá sí acu, ach ní hí a labhrann siad age baile. Fágann san gur 82% des na Québecois a labhrann Fraincis age baile, agus b’fhéidir nach olc in aon chor mar fhigiúirí iad san…
Ach tá gnéithe eile le tabhairt san áireamh. Cé gur mó an daonra Frainciseoireachta atá ag Québec ná mar atá ag tíortha eile mar an Bheilg nó an Eilvéis, is gá cuimhneamh gur ar imeall thoir Mhór-Roinn Mheiriceá Thuaidh a luíonn Québec.
Ar leac an dorais 350 milliún Béarlóir geall leis a mhaireann na Québecois mar sin, agus is tapa a chuirfidh gníomhairí Fraincise Québecois bagairt an Bhéarla i gcuimhne don té a phléifidh ceist na teanga leis.
Ar an gcuma chéanna, cé gur Montréal an tarna cathair Fraincise is mó ar domhan fág as Páras na Fraince, tá 13% de chónaitheoirí na cathrach Ceanadaí sin gan labhairt na Fraincise. Cuir leis an méid sin an fháilte eiseamláireach a chuireann rialtas Cheanada roimh idir imircigh agus teifigh ar minice ná a mhalairt Béarla a rogha teanga chumarsáide, agus tá bunús éigint, cheapfá, le cúis na léirseoirí dár thagraíos sa chéad alt.
“Saibhreas cultúrtha agus gné bhunriachtanach d’fhéiniúlacht Montréal í an Fhraincis, agus is í sin an aithne atá ar an gcathair in Québec, i gCeanada agus ar fud an domhain” a dúirt méara Montréal, Valérie Plante.
Agus fén bplean gníomhaíochta atá beartaithe, atá le glacadh inniu an 14 Meitheamh, fostófar Coimisinéir Teanga den chéad uair i gComhairle Cathrach Montréal. An té a cheapfar, beidh sé nó sí freagrach as coiste comhairleach a chur ar bun, coiste lena gcuirfear dlús le cur chun cinn na Fraincise i Montréal agus lena gcoimeádfar súil ar fheidhmiú an phlean gníomhaíochta.
Dar ndó, tá coimisinéir teanga ar an bhfód ar leibhéal chúige Québec ón mbliain 1961 nuair a bunaíodh an eagraíocht ar a dtugtar l’Office québécoise de la langue française. Agus an méid cumhachta atá ag an eagraíocht sin, muise, nár bhreá le hOifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla in Éirinn a leath a bheith aici.
Chuathas chun áiféise sna cumhachtaí sin cheana, má tá. Scéal mór i mbéal an phobail cúpla bliain ó shin ab ea conspóid an “pastagate” nuair a bagraíodh fíneáil ollmhór ar an mbialann Iodálach ‘Buonanotte’ de bharr ceanglais Fhraincise áirithe a bheith á sárú ar a mbiachlár.
Agus cad é an sárú a bhí déanta acu? ‘Pasta’ seachas ‘pâtes’ agus ‘bottiglia’ seachas ‘bouteille’ [buidéal]. Ach d’éalaigh bialann Buonanotte ón bhfíneáil trí neart na meán sóisialta a úsáid i gcoinne bhagairtí l’Office québécoise de la langue française.
Cur chuige níos dearfaí, seachas dáileadh na bhfíneálacha, atá le haithint ar phlean gníomhaíochta seo Chomhairle Cathrach Montréal i leith na Fraincise. Díol suntais í an bhéim ann ar chúrsaí cultúir agus ar an gcaidreamh le náisiúin eile ar cuid dá n-oidhreacht an Fhraincis. Agus ar an ábhar sin, is ball í Éire d’Eagraíocht Idirnáisiúnta do Dhomhan na Fraincise ó bhí anuraidh ann. Bímis féin ina measc!
Déarfadh daoine áirithe ná fuil sa bhFraincis ach mórtheanga choilíneach dhaorsmachta eile. Is é a deirimse ná gur fada mar theanga an lucht oibre í an Fhraincis i gCeanada, gur fhulaing sí ar feadh i bhfad biogóideacht an Angla-lárnachais mar an gcéanna lenar fhulaing lucht na Gaeilge, agus gur gníomh ar son gach mionteangan aon chur i gcoinne róscaipeadh an Bhéarla. Cad a déarfadh sibh féin?