Dónall Mac Giolla Chóill
Beidh daoine a bhfuil aithne acu orm ar an eolas go gcaithim cuid de gach bliain ar an taobh contráilte de Mhuir Éireann.
I mbolg an arrachta, mar a deir cara liom.
Níos luaithe i mbliana chuaigh mé anonn ar feadh sé lá, thart ar am na Féile Pádraig.
Trí mhí i ndiaidh na saoire sé lá sin, tháinig mé ‘na bhaile.
Ba iad sin na sé lá b’fhaide i mo shaol.
Tá cúis amháin ann ar maith liom tamall a chaitheamh ar an taobh thall, mar is san áit féin a bhfaigheann tú tuigbheáil níos fearr ar an dream eile.
Is cinnte go bhfuil ríocht aontaithe ann, i bprionsabail.
Is cinnte fosta gurb ann do rud darb ainm ‘Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann’.
Ní thig sin a shéanadh, bómán a dhéanfadh iarracht fíric na staire a shéanadh.
Ach mar bhómán, agus duine a chaithfeas méid áirithe focal a chur ar leathnach le híocaíocht a fháil, séanaim gurb ann i bhfírinne don Ríocht Aontaithe, ach amháin ar pháipéar.
I ndiaidh dom trí mhí a chaithemh i measc na Sasanach, i Surrey, bruachcheantar de chuid Londan, gar do Wimbeldon, tá go leor tuigbheála agam ar na Sasanaigh, lucht na Ríochta Aontaithe.
Anois tá siad ann a bhfuil trua acu dom, go raibh orm trí mhí a chaitheamh thall ansin, faoi dhianghlasáil ag Gallaibh.
Deirim leo siúd a léiríonn trua dom gur crua an pionós a chuir mé isteach.
Ag pointe amháin, maidin amháin, mar gheall ar gur neach fiosrach mé, sheas mé ar na scálaí meá.
Anois ba bhreá liom a bheith ábalta a fhógairt anseo cén meáchan a bhí mé i ndiaidh trí mhí de bheith cothaithe ag col seisir, ach ní raibh mé ábalta an méid a tháinig aníos ar an scáileán taobh le mo chuid ladhracha a léamh.
Ní raibh mé ábalta mo chuid ladhracha a fheiceáil fiú.
Bhí siad ann, i bprionsabal, agus bhí fianaise áirithe agam gurbh ann dóibh, agus mhothaigh mé iad, ach ní léir dom iad thíos faoin maróg sin a bhí ag fás thart fá mo choim.
Agus mé thall ansin, mhothaigh mé go bhfuil bréag bhunúsach i bprionsabal na Ríochta Aontaithe.
Ag tús na paindéime seo, bhí nós ag Rúnaithe Stáit na Ríochta Aontaithe agus ag saineolaithe sláinte agus eolaíochta seasamh gach tráthnóna thart ar a cúig a chlog, agus nuashónrú a dhéanamh ar pé rud a thit amch le lá anuas.
Ar feadh fada go leor, seo mise i mo shuí amuigh i ngairdín cúil, i Surrey Shasana, t-léine agus brístí beaga (déan iarracht gan é a shamhlú, ní pictiúr é a chuirfeadh sonas i do chroí - fág aige sin é, mar a dúirt an té a dúirt é), mé ag éisteacht leis an raidió, leis an nuacht, le líon na mbásanna agus na ndaoine galraithe ag ardú lá i ndiaidh lae.
Na Stáit Rúnaithe, an Príomh-Aire, ag fógairt athruithe laethúla sa dóigh go mbeadh cead agat do shaol a chaitheamh.
Ansin i ndiaidh tamaill, thuig mé gur minice iad ag tagairt do Shasana amháin seachas don Ríocht iomlán aontaithe, bhuel Dhá Ríocht, Prionsacht agus Dhá Thriain de Chuige.
Sa lá atá inniu ann, go mórmhór mar gheall ar na déabhlóid, nuair a labhraíonn an Príomh-Aire, nó Stát Rúnaí Sláinte, Oideachais, Iompair srl, is ar son Shasana amháin a labhraíonn siad. Ní ró-mhinic a bhíonn tionchar acu ar thaobh s’againne den tsaol – fiú go minic rudaí a d’fhógair Seansailéir an Státchiste le linn na paindéime, níor bhain siad linne ach amháin mar gheall ar an rud a dtugtar ‘sochar iarmhartach’ air mar gheall ar fhoirmle a chruthaigh fear dar sloinne Barnett, a deir go búnúsach go gcaithfear airgead a dháileadh ar fud na Ríochta de réir mar a chaitear i Sasana é, de réir daonra.
Go bunúsach, mar shampla, dá mbeadh Rialtas na hÉireann ag cloí leis an chóras seo, i gcás gach euro a chaitheann siad i Mín an Chladaigh, bheadh orthu dhá Euro is caoga cent a chaitheamh ar mhuintir Bhun an Leaca, ach ná habair sin le muintir Bhun an Leaca - samhlaigh dá mbeadh dhá euro go leith acu le caitheamh eatarthu, bheadh sé ina chogadh dearg agus bheadh deireadh le cibé cuma atá ar dhlí agus ord ar an bhaile sin.
Labhair go beag agus ná habair a dhath...
Ach sin a d’fhoghlaim mé i ndiaidh tamall: go labhraíonn Boris Johnson do mhuintir Shasana amháin.
Tá bealach iomlán éagsúil ag Nicola Sturgeon ó thuaidh in Albain le tabhairt faoin phaindéim, agus Mark Drakeford i gCymru, tá a dhóigh féin aige déileáil leis fosta.
Agus againne sa bhaile, in Oirthuaisceart Uladh/Na Sé Chontae/Ar Wee Pravince/Norn Iron, tá bealach eile ar fad ag Arlene Mhór agus Michelle Bheag le déileáil leis an ghalar, le saineolaithe ar nós Sammy Willson agus Edwin Poots ag roinnt comhairle agus saineolais go fial flúirseach fairsing ar fud na tíre mar a bheadh feirmeoir ag scaipeadh aoiligh roimh chur na bprátaí.
Anois tá mise sean go leor le cuimhniú siar ar na seanlaetha, nuair a bhí rudaí dubh agus bán, ar an teilifís ar aon nós.
Tá a fhios agam go bhfuil siad ann anois áléamh seo nach gcreideann go raibh am ann nuair a bhí an pictiúr ar an scáileán dubh agus bán, go raibh an teilifís ar nós bosca ann, agus ualach mar a bheadh cliabh mónadh ann.
Ó agus bhí guthán (an áit a raibh guthán) ceangáilte den bhalla.
Anois do na léitheoirí sin (an bheirt acu ar a laghad) atá ró-óg le cuimhniú air sin, caithfidh go measann siad go bhfuil mise i mo Mhatúsalach amach is amach, agus seans go bhfuil.
Thiocfadh a rá faoi scríbhneoirí go bhfuil siad ag éirí sean nuair atá na heagarthóirí níos óige ná iad, ach bhí sé d’ádh ormsa le fada an lá go bhfuil eagarthóir an phíosa seo níos óige ná mé, agus go gcuirim go leor meancóg isteach leis na blianta a chur air.
Níl neart ag an duine bhocht air sin, rugadh níos óige ná mé é, agus níl cuma air go bhfuil sé ag dul anonn i mblianta, tá mé ag rá leat - tá mé ag iarraidh an pictúir sin san áiléar a fheiceáil.
Ach pointe mo rámhaille?
Cuir i gcuimhne dom…(comhartha go bhfuil mé ag dul anonn in aois, damnú), ó sea.
Tá mise sean go leor le cuimhniú ar theacht na bhaile ón scoil bheag agus ag cur an teilifís ar siúl tráthnóna Dé Máirt le Maighread Bhean an Tuíodóra ag seasamh ag an bhosca agus í ag cur thairsti faoi seo nó siúd.
Nuair a labhair sise, d’éist an Ríocht agus iad aontaithe, go minic ina coinne.
Ina diaidh tháinig John Major, agus d’fheadfá a rá gurbh eiséan an Phríomh-Aire deireanach ar an Ríocht Aontaithe.
Leis an socrú déabhlóide, cuireadh deireadh leis an aontas idir na ríochtaí.
Mar a dúirt Maggie Mhór blianta ó shoin, níorbh ann don tsochaí - dúirt sí go raibh fir agus mná ann, agus teaghlaigh, ach níorbh ann don tsochaí.
D’fheadfaí a rá anois mar sin nach bhfuil ann don Ríocht Aontaithe ach amháin ar léarscáil agus ar pháipéar.
Mar chruthú air sin, dá mbeadh a leithéid de dhíth, chuaigh mé isteach i siopa i Wimbeldon agus bhí cúig phunt i mo sparán, nóta de chuid Bhanc na hÉireann a bhí ann agus an focal ‘sterling’ scríofa air.
Rinne mé iarracht leabhair a cheannach leis.
“Brón orm,” arsa mo bhean ag an scipéad, “ach ní ghlacann muid le hairgead eachtrannach.”
Chuir mé in iúl di gur steirling a bhí ann, ach bhí fear ina sheasamh ansin, agus chuir sé a ladhar isteach.
“An ceart ar fad agat,” arsa seisean, “ní ghlacfainnse féin le rud ar bith nach raibh cloigeann na banríona air! An ceart agat.”
Agus mé ag siúl amach as an siopa, bhí taom tírghrá ag teacht ar an fhear nach raibh baint ná páirt aige leis an scéal ina thús, agus é ag léimtigh suas síos mar a bheadh abhac feargach ann i gceann de na síscéalta a léigh muid agus muid inár bpáistí, agus é ag dul “Waaaas wong wiv da Queen!?!”
D’imigh mise liom go meidhreach, bhí mé i ndiaidh cur isteach ar Shasanach fir, agus seans fíorbheag go raibh tuigbheáil ag teacht chuige nach raibh ríocht na banríona s’aige chomh haontaithe sin i ndiaidh sin agus eile.