An Prótacal: Tá réiteach ar an bhfadhb ach an toil a bheith ann

Eoin Ó Murchú

Ní minic a thugtar an oiread sin aird ar imeachtaí Theach na dTiarnaí i bParlaimint Westminster, ach cúpla la ó shin d’eisigh coiste tras-pháirti de chuid na dTiarnaí céanna ráiteas inar iarr siad ar rialtas na Ríochta Aontaithe agus ar an Aontas Eorpach araon teacht ar shocrú trí idirbheartaíocht i dtaobh na ndeacrachtaí a bhaineann leis an bPrótacal.

Is éard a bhí spéisiúil faoin ráiteas ná, ar dtús, gur glacadh leis gurb é an méid is mó is féidir a dhéanamh ná bealaí a aimsiú le déileáil leis na deacrachtaí atá taobh istigh de chruth ginearálta den Phrótacal mar atá.

Agus sa tarna háit, go raibh Nigel Dodds ón DUP, Reg Empey ón UUP, agus Margaret Ritchie ón SDLP ar an gcoiste a ghlac leis nach fiú labhairt faoin bPrótacal a chur ar ceal. Ní léir go raibh Dodds ná Empey ag labhairt thar ceann a gcuid páirtithe, ach níl na tuairmí sin séanta ag na páirtithe ach an oiread.

Más fíor go dtuigeann na páirtithe Aontachtacha nach foláir an Prótacal a fheabhsú in ionad fáil réidh leis, is céim mhór chun cinn é. Mar shampla, deirtear sa tuarascáil, cé go bhfuil an Prótacal ag cur isteach ar thrádáil idir an Bhreatain agus Tuaisceart na hÉireann, go dtugann sé freisin deiseanna eacnamaíocha a mbeidh toradh orthu sa bhfadtéarma.

Iarrtar ar an mBreatain agus ar an Aontas Eorpach teacht ar shocrú tréidliachta a aithníonn amhrais an dá thaobh faoi fhéinchórais rialála; agus deirtear gur chóir an t-easnamh daonlathach sa bPrótacal mar atá a mhaolú trí thionchar an Tuaiscirt a mhéadú sa mBreatain agus san AE – cé nach mínítear cén chaoi. Go deimhin is fada idir an chaint seo agus an chaint is mó coiteann ó na páirtithe Aontachtacha sa mbaile.

Mar a tharlaíonn, níl ráiteas an choiste seo ródhifriúil óna bhfuil á rá ag Aodhan Ó Conghaíle, stiúrthóir Chuibhreannas Miondíola Thuaisceart Éireann, atá ag lorg idirbheartaíocht idir an RA agus an tAE fosta.

Ach cén réiteach atá in ann?

Cinnte, baineadh leas as scéal an Phrótacail le pointí polaitiúla a dhéanamh. Don DUP is don UUP, níl sa bPrótacal ach ceann caol na dinge i dtreo na hÉireann Aontaithe. Ní oirfeadh aon chaint faoi leasaithe a dhéanfadh an Prótacal infheidhmithe don dearcadh sin, rud eile a léiríonn cé chomh haisteach is atá sé gur aontaigh Dodds agus Empey le ráiteas an choiste seo.

Ar an taobh eile, ón tús, bhain an Coimisiún Eorpach leas as scéal na hÉireann le brú a chur ar Shasana agus le pionós a ghearradh ar an mBreatain as an mBreatimeacht. Bhí súil ann go mbeadh ar an mBreatain filleadh faoi cheannas na hEorpa maidir le trádáil bhia ach go háirithe mar gheall ar dheacrachtaí le cur i bhfeidhm an Phrótacail.

Ach, má táthar dáiríre faoi theacht ar shocrú, mar a dúradh sa gcoiste seo, tá gá le solúbthacht ón dá thaobh. Solúbthacht i dtaobh an pháipéireachais a bheadh riachtanach, agus b’fhéidir beagáinín maidir le mínithe a thabhairt.

Faoi láthair tá leisce ar mhorchomhlachtaí i Sasana earraí a sheoladh go dtí an Tuaisceart mar gheall ar líon an pháipéireachais agus easpa eolais faoina bhfuil ag teastáil. Tá margadh an Tuaiscirt róbheag ionas nach fiú bacadh leis. Ní fadhbanna dosháraithe iad seo, ach i láthair na huaire tá an dá thaobh i mbun scáthdhornálaíocht in ionad fíor-mholtaí réitigh a chur chun cinn.

Tá rialtas na Breataine ag lorg éascaíocht trádála leis an Tuaisceart, agus an tAontas Eorpach ag iarraidh an Margadh Aonair a chosaint - ar a laghad sin iad na leithscéalta atá ag an dá thaobh.

Céim shimplí a d'osclódh an doras, b'fhéidir, ná dlí a thabhairt isteach sa dá dhlínse a dhéanfadh sé mídhleathach earraí a sheoltar go dtí an Tuaisceart a chur trasna na teorann, in éineacht le comhoibriú póilíneachta is fianaise le smacht a chur air sin. Bheadh corr-dhuine in ann smugláil a dhéanamh, ach má tá an pionós daor go leor ní bheadh fadhb rómhor ann is bheadh Margadh Aonair na hEorpa agus trádáil na Breataine leis an Tuaisceart araon slán.

Tá leid cheana sa bpáipéar a chuir rialtas na Breataine amach, in ailt 43 is 62 go bhféadfadh leagan éigin den mholadh seo a bheith inghlactha dóibh. Dá gcuirfeadh an tAontas Eorpach i gcoinne moladh den chineál seo, bheadh sé soiléir nach bhfuil siad ionraic i dtaobh dheacrachtaí an Phrótacail, agus mura mbeadh na Sasanaigh sásta plean mar sin a mholadh bheadh a mí-ionracas le feiceáil go soiléir freisin.

Tá réiteach le fáil ar an bhfadhb má tá an toil ann dó. Tá an toil sin ann ag coiste Theach na dTiarnaí i Westminster, ach an bhfuil ag na páirtithe eile?

Close
Close