Concubhar Ó Liatháin
Is bláth é an poipín nach bhfásann in Éirinn.
Mar sin baineadh siar as go leor, lucht leanúna Shinn Féin go háirithe, nuair a thug Liadh Ní Riada, iarrthóir an pháirtí don Uachtarántacht, le fios go gcaithfeadh sí an bláth beag cródhearg, ag a bhfuil croí is stair dhorcha, dá dtoghfaí í ina hUachtarán agus í ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann ag ocáidí sollúnta amhail comóradh ar dheireadh an Chogaidh Mhóir.
Dúirt sí go ndéanfadh sí é in ainneoin a cuid mothúcháin féin “ar son an leasa choitinn”.
Freagra ar cheist ó laithreoir RTÉ ba ea ráiteas Ní Riada.
Ceist gan chiall, d'fhéadfá a rá, mar an leor bláth a cheangal le do chasóg chun a thabhairt le fios go bhfuil tu ag lorg athmhuintearas le do chomharsana doicheallacha?
An cineál ceiste lena mbeifeá ag súil ó dheisceartach neamhthuisceanach.
Tá daoine a deir, go leor de chomhghleacaithe pháirtí Ní Riada ina measc, nach freagra róthomhaiste a tugadh ach chomh beag.
Má thoghtar Liadh Ní Riada ina hUachtarán - agus níl an chuma sin ar an scéal faoi láthair i bhfianaise go bhfuil sí go mór ar cúl an Uachtaráin Ó hUiginn sna pobalbhreitheanna - bheadh sí á hinsealbhú ar “Dhomhnach an Chuimhneacháin” an mhí seo chugainn, nuair a bheidh céad bliain ó dheireadh an Chogaidh Mhóir ag 11rn ar 11 Samhain 1918 á chomóradh ar fud an domhain.
Bheadh sí ag seasamh ar ár son ag ócáid ar an mór-roinn an mhaidin chéanna, i dteannta le cinn stáit eile, ag tabhairt ómós do na mairbh.
Is dócha go mbeadh poipíní á gcaitheamh ag go leor de na ceannairí sin.
Agus is stair chasta - ní chomh casta lenár stair féin, b'fhéidir - atá ag cuid de na tíortha sin leis an mBreatain.
Ní duine mise a chaithfeadh siombal ar nós an phoipín nó, go deimhin, lile na Cásca.
Tuigim a siombalachas.
Tar éis na blianta a chaitheamh i mo chónaí ó thuaidh den teorainn, tuigim an fuath atá ag naisiúntóirí - ní gá gur baill de Shinn Féin iad - do shorcas bliantúil na bpoipíní taca an ama seo agus iachall á chur ar gach láithreoir teilifíse is imreoir sacair a bheith ag caitheamh na siombaile in ómós doibh san a cailleadh ag troid faoi bhrat na Breataine.
Bíonn sé deacair a dhéanamh amach cé acu ar son ómós a thabhairt dár sinsir, nó ar son masla a thabhairt don taobh eile, a bhíonn go leor polaiteoirí aontachtacha ag caitheamh an bhláithín bhig dheirg leis an gcroí dorcha.
Is iomaí duine ó thuaidh atá faoi bhrón mar gur mharaigh duine ag troid faoin mbrat céanna duine dá ghaolta.
Ní ceist siombalach acu san í seo.
Téann an poipín céanna go cnámh na huillinne sa chaint go léir faoi Éirinn Aontaithe agus sílim gur gá do dhaoine ar mhaith linn athaontú na tíre a bhaint amach smaoineamh go domhain air seo.
Tá riachtanas ann teacht ar bhealaí le tabhairt le fios don mhionlach ar an oileán seo go mbeadh todhchaí acu in Éirinn Aontaithe ina dtabharfaí meas dá dtraidisiún is dá gcultúr.
Ní gá go gcaithfeadh gach Éireannach an poipín ach dá gcaithfeadh an tUachtarán é ag ócáidí sollúnta, amhail Domhnach an Chuimhneacháin, nach mbeadh sin ina chomhartha suntasach gur fáilteach seachas doicheallach a bheadh Éireannaigh roimh ár gcomhÉireannaigh/Bhriotanaigh in Éirinn Aontaithe seo atáimíd ag lorg.
Is dócha gur ceann de na rudaí a thug caint an Riadaigh faoi chaitheamh an phoipín ar son “an leasa is mó” chun tosaigh ná an chuimhne atá againn ar ár stair choimhlinteach, stair a bhfuil rian na fola uirthí gan aon agó.
Mharaigh Briotanaigh Éireannaigh agus mharaigh Éireannaigh Briotanaigh ar son agus in aghaidh chúis na hÉireann Aontaithe.
Caitheann na Briotanaigh poipíní i gcuimhne a marbh.
Caitheann Éireannaigh lile na Cásca ar son a marbh.
An rud a deir an díospóireacht faoin phoipín liomsa go gcaithfimid araon seilbh a ghlacadh ar ár stair iomlán, olc agus maith, an stuif nach dtaitníonn linn agus an méid a bhfuilimid mórálach as.
Cuid den dream a gcaitear an poipín ar a son, fuair siad bás sna trínsí sa Somme agus i bpáirceanna áir eile ar an bhFronta Thiar idir 1914-18 mar gur dúradh leo, agus gur chreid siad, gur ag troid ar son fhéinrialtais na hÉireann a bhí siad.
Cuid eile acu, thug siad a mbeatha ionas nach mbeadh féinrialtas in Éirinn, “ar son Dé agus Uladh”.
Ba den tír seo iad ar fad. Is linne iad.
Caithfimid an stair sin a shealbhú an oiread is go gcaithfimid a aithint gur cuid dár stair freisin é an IRA agus an méid a rinne siad, fiú munar aontaíomar leis, ar son na hÉireann mar ar chreid siad.
“An dtabharfá sceimhlitheoireacht ar ghníomhaíocht an IRA?”
Ba é sin ceann de na ceisteanna eile a chuir an láithreoir teilifíse eile Pat Kenny ar Liadh Ní Riada sa díospóireacht ar Virgin Media 1 Dé Céadaoin.
Dúirt sí ná raibh sí ar a compord ag tabhairt sceimhlitheoireacht air sin ach cháin sí na sléachtanna a rinne an IRA.
Dúirt sí, áfach, go raibh an IRA imithe agus go raibh próiseas síochána ann agus dúirt sí leis an láithreoir nárbh fhiú dó a bheith ag iarraidh an IRA a thabhairt ar ais.
Tá an stair chomh casta is atá sí linn i gcónaí.
Ní féidir linn fuascailt a fháil uaithí gan gníomh nó ráiteas láidir a dhéanamh ó am go chéile.
B'fhéidir gurb é an radharc d'Uachtarán na hÉireann ag seasamh le hómós i measc ceannairí domhanda eile agus poipín á chaitheamh aige nó aici ar Dhomhnach an Chuimhneacháin an gníomh siombalach sin.
Ní dócha go raibh an bhean údaí thall, Banríon Shasana, Eilís, ar a compord iomlán nuair a leag sí bláthfhleasc ag Gairdín an Chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath, in ómós do chách a fuair bás ar son shaoirse na hÉireann.
Ach rinne sí é ar son an leasa choitinn.
Tá sé éasca an méid sin a ligint i ndearúd agus an briatharchath faoi Brexit idir sinn is an Bhreatain ag téamh gach lá agus achasáin ag eitilt uainn agus chugainn.
An bhfuil téarnamh éigin sa bhláth beag dearg leis an gcroí dorcha?
I bhfeachtas toghchánaíochta atá faoi scamall mar gheall ar ráitis bhladhmannacha a thug iarrthóir eile faoin lucht siúil, tá creidiúint ag dul don Riadach as a ráiteas uachtaránúil agus, b'fhéidir, stairiúil, pé toradh a bhíonn ar an vótáil.