An ola dhéanach

Ciarán Ó Pronntaigh

Ní dea-chomhartha riamh é an t-arm a fheiceáil ar na sráideanna. Is cuma más ag cur smacht ar léirsithe nó ag tiomáint innill dóiteáin (mar a tharla leis na ‘green goddesses’ i Learpholl in 1995), is líne sa ghaineamh é agus léiríonn sé go bhfuil géarchéim ann. Ach sin chomh dona is atá cúrsaí sa Bhreatain anois leis na scuainí fada ag na réamhchúirteanna agus fios curtha ar an arm.

Easpa tiománaithe an chúis atá luaite leis an ghanntanas peitril agus díosail a bhí forleathan sa Bhreatain ar feadh seachtaine nó mar sin. Ach cad ba chúis leis an easpa tiománaithe?

Cinnte, bhí iarmhairtí Covid ann – tiománaithe a chonaic go raibh saol eile ann taobh amuigh de chábán na trucaile agus a ghlac fostaíocht eile nó a d’éirigh as an ghairm ar fad. Ach roimh Bhreataimeacht, bhí deis ag na comhlachtaí eachtrannaigh a mhealladh agus a earcú. Tá an ganntanas céanna sa Ghearmáin ach tá linn earcaithe i bhfad níos mó acusan, an Eoraip, go deimhin. Dhruid an Bhreatain an doras sin agus, anois, tá an tír uilig ag ól na dí seirbhe nó ní dhearnadh aon iarracht pleanáil chun tosaigh.

An rud atá soiléir go bhfuil na slabhraí soláthair thar a bheith íogair sa Bhreatain agus níl siad chomh láidir agus a bhíodh roimh Bhreatimeacht. Táimid ag caint faoi scaollcheannach peitril agus díosail inniu ach tá na fadhbanna níos forleithne ná sin. Tá na feirmeoirí ag bagairt go mbeidh sméara agus glasraí gan bhailiú i mbliana agus tá brú faoi leith sna monarchana feola, jabanna a líon daoine as baile isteach go traidisiúnta.

Ach tá rud níos measa ann. Dhíol lucht Breatimeachta, daoine amhail Boris Johnson, an tionscadal mar uile-íoc a leigheasfadh gach galar eacnamaíochta sa tír, inimirce san áireamh. Rinne siad beag is fiú de gach argóint go mbeadh míbhuntáistí ag siúl leis an cholscaradh leis an Eoraip agus ní thig leo a leithéid a admháil anois. Le bheith pointeáilte faoi, sin an polasaí a bhain an t-olltoghchán deireanach do Johnson nó ní raibh polasaí idé-eolaíoch ar bith aige, rud a chuir olc ar na sean-Tóraithe a chreid sa saormhargadh ag an am.

Thug Johnson leis vótaí ó dhaoine i dtuaisceart Shasana ar ghnách leo vótáil do Pháirtí an Lucht Oibre ar feadh na nglúnta, an Balla Dearg mar a tugadh air, agus caithfidh sé na daoine sin a shásamh anois, dóigh amháin nó dóigh eile. Am éigin, rithfidh sé leis na daoine a thug vóta do na Tóraithe den chéad uair nach ndéanfaidh sé pioc maitheasa dá saol ach, faoin am sin, beidh Johnson bogtha ar aghaidh chuig rud éigin eile. Faoi láthair, mar sin, is pointe prionsabail é do Johnson nach bhfaightear aon locht ar an pholasaí a thug isteach i Sráid Downing é. Gheall sé caisleáin óir san fheachtas Breatimeachta – ní thig leis a rá gur tógadh na caisleáin chéanna ar ghaineamh.

Ach, cad é mar is féidir le Johnson an dubh a chur ina gheal chomh follasach seo agus gan duine ar bith ceist a thógáil? Nach bhfuil freasúra ann a thógfaidh dúshlán dó? Ar an drochuair, níl. Tá drogall ar Keir Starmer, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, na fadhbanna le Breatimeacht a lua ar na cúinsí céanna – vótáil an Balla Dearg ar son na dTóraithe de thairbhe gur chuir siad Breatimeacht ar fáil. Ní thig leis fiú an focal Breatimeacht a lua ar eagla go gcuirfí olc ar iarvótálaithe an pháirtí ó thuaidh, áiteanna ar nós Sunderland a vótáil go láidir ar son Breatimeachta.

An rud is suntasaí faoin scéal ar fad nach bhfuil straitéis ag Johnson ná ag a rialtas. Dúirt aire amháin go mbeadh an t-arm ag cuidiú le hiompar peitril, dúirt ceann eile a mhalairt agus anois beidh siad ann, is cosúil. D’fhógair Johnson go mbeadh víosaí ar fáil do roinnt míle eachtrannach teacht isteach sa tír le hobair sa ghearrthréimhse ach nuair a cuireadh ar na súile dó go mbeadh orthu imeacht roimh oíche Nollag, b’éigean dó an tréimhse a shíneadh.

Comhartha sóirt den áiféis atá i gcroílár an rialtais an moladh a thug an leas-príomh-aire, Dominic Raab, le linn na géarchéime gur chóir príosúnaithe a earcú leis na tancaeir a thiomáint. Ní thiocfadh leo a bheith níos mí-ionraice ná an rialtas seo, cibé.

Close
Close