An ndéanfaidh Varadkar agus Coveney aon difear?

Eoin Ó Murchú

Ní gnás ag polaiteóirí ó dheas aon rud a rá faoin Tuaisceart, ach amháin, ar ndóigh, Sinn Féin a cháineadh.

Ní gnás acu ach an oiread aon rud a rá faoi thábhacht na Gaeilge dúinn, ach amháin an cúpla focal.

Mar sin baineadh geit as roinnt mhaith daoine nuair a luaigh Simon Coveney sprioc athaontú na hÉireann mar chuid dá fheachtas le haghaidh cheannaireacht Fhine Gael.

Agus baineadh geit eile nuair a chuir Leo Varadkar, a bhuaigh an comortas sin, béim faoi leith ar an nGaeilge.

Níor bhac na meáin mhóra ar ndóigh le plé ar bith a dhéanamh faoi na ráitis seo - mar b’fhearr leo neamhaird a thabhairt ar an dá ábhar - ach cé chomh tábhachtach is a bhí na ráitis chéanna is céard iad na himpleachtaí a eascraíonn astu don pholaitíocht ar an dá thaobh den teorainn?

Anois ámh, tá Coveney ceaptha mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus cúram an Tuaiscirt air.

Sin comhartha den tacaíocht laidir a thaispeáin Coveney le linn an fheachtais cheannaireachta, agus ta seans aige anois fírinne a dhéanamh den chaint a rinne sé.

Ar ndóigh, cé go bhfuil sé ráite ag Varadkar go bhféadfaí athaontú na hÉireann a fheiceáil taobh istigh d'achar beag de bhlianta, tá sé ina chomórtas idir é agus Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, cé acu is nimhní i gcoinne Shinn Féin, páirtí atá ar an mbaol is mó don daonlathas in Éirinn, dar le Varadkar.

Tá an Taoiseach ag glacadh leis ámh go gcaithfidh iarracht a dhéanamh socrú faoi leith a bhaint amach don Tuaisceart i ndiaidh an Bhreatimeachta, cé go bhfuil sé ag diúltú ‘stádas faoi leith’ a lua, foclaíocht Shinn Féin ar an ábhar.

Tá sé níos gaire do Shinn Féin, áfach, maidir le hAcht Gaeilge.

Tá cúpla bliain ann ó dúirt Varadkar go poiblí gur chreid sé gur chóir go mbeadh Gaeilge ag Taoiseach na hÉireann – ráiteas nár chualathas roimhe ó Thaoiseach ar bith, fiú iad a raibh togha na Gaeilge acu.

Chuaigh sé i mbun Gaeilge a fhoghlaim agus is cosúil go bhfuil leibhéal a ceathair ar chaighdeán na státseirbhíse bainte amach aige faoi láthair.

Níos tábhachtaí, dúirt sé go bhfuil sé i bhfabhar Acht don Ghaeilge a bheith ann ó thuaidh, mar atá á éileamh ag Sinn Féin is eile, cé nár mhínigh sé céard is cóir a bheith san Acht.

Tá sé éasca caint a dhéanamh, cinnte, ach níl sé cinnte an ndéanfar beart de réir an bhriathair seo.

Tá an státseirbhís nach mór naimhdeach don dá ábhar seo, athaontú agus Gaeilge, nó tugtar neamhaird orthu.

Bheadh sé riachtanach go mbeadh aon aire a bhfuil na curaimí seo aige an-mheáite ar a chuid aidhmeanna féin a bhaint amach nó go mbáfadh an státchóras iad le scéalta eile.

Beidh le feiceáil an bhfuil an diongbháilteacht sin ag Varadkar nó ag Coveney.

Gan dabht mar gheall ar chúrsaí eacnamaíochta is trádála cruthaíonn an Breatimeacht deacracht do na 26 Chontae, is cuma faoi scéal athaontú na hÉireann.

Tuigeann an rialtas i mBaile Átha Cliath nach féidir teorainn cheart a dhéanamh den teorainn reatha in Éirinn, ach tuigeann siad freisin go bhfuil cros nach mór ag an DUP anois ar aon socrú a mbeadh impleachtaí bunreachtúla aige, ar nós an teorainn eacnamúil a aistriú ó oileán na hÉireann go Muir Éireann mar a mhol Mervyn King, iar-ghobharnóir ar Bhanc Shasana.

Maidir le hAcht Gaeilge, is cosúil go ngéillfidh an DUP rud éigin ach nach mbeidh an rud éigin sin ró-mhór.

Is iarracht í beag a dhéanamh den Acht ar ndóigh ceist na hUltaise a thabhairt isteach, ‘teanga’ nach bhfuil aon soiléireacht fúithi nó gluaiseacht ag iarraidh í a scaipeadh.

Tá sé deacair a bheith ró-mhuiníneach as Varadkar maidir leis an sonraí seo mar níl tada ráite aige fúthu, agus seans maith gur tábhachtaí dó dea-chaidreamh leis an DUP ná aon dúil sa Ghaeilge.

Mar sin féin is cóir tógáil ar an dea-thoil atá léirithe ag an mbeirt seo don Tuaisceart is don Ghaeilge, agus chabhródh sé dá ndéanfadh gluaiseachtaí pobail a gcuid stocaireachta féin leo.

Is é sin, ní féidir linn luí siar agus fanacht go dtiocfaidh na slánaitheoirí inár dtreo.

Caithfidh an pobal féin – ó thuaidh ach go háirithe – a bheith gníomhach i dtaobh na gceisteanna seo.

Tá seans maith againn, i bhfianaise a bhfuil ráite ag an mbeirt.

Caithfidh muid féachaint chuige go gcuirfear feoil ar an gcnámh.

Close
Close