An mbeidh acht Gaeilge ann choíche?

Ciarán Ó Pronntaigh

Mura bhfuil dul amú orm, bhí an Ghaeilge beo beathach in éagmais acht Gaeilge leis na céadta bliain. Go deimhin, mhair sí i dtréimhse a raibh an stát ag cur ina coinne go tréan, ó Reachtanna Chill Chainnigh ar aghaidh. Ach tá tionchar ag polasaí teanga an stáit ar an stádas atá ag na teangacha sa stát sin agus tá níos mó ná siombalachas i gceist leis na hiarrachtaí is déanaí Acht na Gaeilge a chur sa reachtaíocht.

Tá Bunscoil Phobal Feirste 50 bliain ar an fhód i mbliana agus tá ceiliúradh ar súil acu. Ní gan dua, áfach, a cuireadh an scoil ar bun agus chaith lucht a bunaithe blianta fada ag troid le go mbeadh rath uirthi. Nuair a osclaíodh na doirse, bhí bagairt ann ó sheanréimeas Stormont go gcuirfí lucht na scoile i bpríosún mura stopfadh siad. Níor éist siad leis an bhagairt, ar ndóigh, agus lean siad ar aghaidh.

Go dtí 1984, reáchtáladh an scoil gan oiread agus pingin ón stát, ualach an-trom go deimhin, go háirithe ag am nuair a bhí an scoil ag fás. Tugann an freagra a bhí ag an DUP ag an am léargas faoin chóras polaitíochta ó thuaidh. Cháin Peter Robinson an cinneadh an scoil a mhaoiniú agus dúirt go raibh sé ‘scannalach’. Sna blianta ó cuireadh an stát ó thuaidh ar bun, ba é an polasaí leanúnach a bhí ag an Pháirtí Aontachtach, an t-aon pháirtí a bhí i gcumhacht, neamhní a dhéanamh den teanga san earnáil phoiblí agus sa chóras oideachais ach go háirithe. Ná déantar dearmad go raibh Gaeltacht measartha láidir i dTír Eoghain ag tús an chéid seo caite agus gur ligeadh di imeacht le sruth.

Ciallaíonn Acht na Gaeilge go n-aithníonn an stát go bhfuil an Ghaeilge ann agus go n-aithníonn sé go bhfuil nasc idir a pholasaí teanga agus stádas gach teanga sa stát sin. Agus ba chóir dúinn a bheith iontach soiléir faoin dóigh a ndéantar cur síos ar Acht na Gaeilge. Ní cás speisialta ná airgead eisceachtúil atá uainn nó íocann muid uilig fóirdheontas don Bhéarla gach lá le seirbhísí i mBéarla a fháil. Níl i gceist leis an acht ach go gcaithfí sciar beag den airgead sin ar na seirbhísí céanna ach iad a bheith i nGaeilge do na daoine atá á n-iarraidh. Ar an drochuair, tá gach páirtí aontachtach i gcoinne Acht na Gaeilge agus sin an fáth ar gá an reachtaíocht a chur trí Westminster nó ní raibh sé ag dul a tharlú in Stormont.

An mbeidh toradh leis an chinneadh seo go luath, mar a gheall an státrúnaí, Brandon Lewis? Sa chéad dul síos, ní mór dúinn a choinneáil sa reicneáil nach bhfuil clú an ionracais ar rialtas Johnson. Tá liosta le háireamh de rudaí a gheall siad lá amháin agus lá is faide anonn go ndeachaigh siad siar ar a bhfocal. An ceann is déanaí HS2, an córas traenach a gealladh do thuaisceart Shasana agus ní gá a lua gur theip glan orthu an conradh idirnáisiúnta a shínigh siad faoin Phrótacal a chur i bhfeidhm.

Bímis airdeallach faoi mhoilleadóireacht an rialtais in Westminster maidir le hAcht na Gaeilge. Cheana féin, chaill siad an chéad chloch mhíle ar an bhóthar: gealladh go dtabharfaí tús leis an phróiseas in Westminster i mí Dheireadh Fómhair agus tá deireadh mhí na Samhna ann, chóir a bheith. Bhí caint ann faoi Choimisinéir Teanga a cheapadh i mí Mhárta – an bhfuil seo réalaíoch anois? Tá toghchán Stormont le bheith ann i mí na Bealtaine, ar ndóigh, agus tá baol mór ann go bhfanfaidh an státrúnaí go dtí an t-am sin agus súil aige go ndéanfar dearmad den gheallúint a thug sé.

Le bheith cothrom, dúirt Brandon Lewis go bhfuil sé fós ag iarraidh am saor a fháil in Westminster le go dtiocfadh leis an reachtaíocht a thabhairt isteach. Tá súil agam go seasann sé lena fhocal ach ní miste an oiread brú a choinneáil air agus is féidir, rud a thuigeann An Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge go maith nó tá feachtas brústocaireachta tosaithe acu cheana.

Close
Close