An mbeadh praghas ró-ard le híoc ag an ngnáthdhuine as athaontú na hÉireann?

Eoin Ó Murchú

Ceist lárnach don díospoireacht faoi Éirinn Aontaithe ná caighdeán maireachtála an phobail, agus cén tionchar a bheadh ag athaontú na tíre air sin.

Cloíonn Aontachtóirí i gcoitinne leis an argóint go bhfuil an Deisceart níos boichte, cé nach bhfuil sé sin fíor, ach is léir go bhfuil amhras ar a lán náisiúntóirí freisin faoin gcoras sláinte, an NHS, mar shampla.

Go dtí le déanaí, bhí an chuma ar an scéal go mbeadh go leor náisiúntóirí sásta fanacht mar a bhí mar gheall ar a leithéid, fiú dá mbeadh siad sa mhóramh ó thuaidh.

Ach tá an scéal sin ag athrú anois mar gheall ar dhiúltú an DUP glacadh le héilithe cothromais, ar sampla díobh an t-achrann faoin Acht Ghaeilge.

Ach cén bunús atá leis na hargóintí faoin eacnamaíocht agus faoin meánchaighdeán maireachtála?

Nuair a cuireadh an chríochdheighilt i bhféidhm ar Éirinn, níl aon dabht ach go mba é an Tuaisceart an ceantar ba shaibhre is ba mhó forbartha ó thaobh na heacnamaíochta de.

Bhí dhá thrian de chumas déantúsaíochta na hÉireann le fáil ó thuaidh, a fhad is gur bhain an chuid eile den tír le talamhaíocht is soláthar earraí.

Le blianta fada bhí argóint ag na hAontachtóirí i gcoinne athaontú na hÉireann ar an mbonn go raibh daoine níos fearr as go pearsanta ó thuaidh.

Ní mar sin ar ndóigh atá cúrsaí anois.

Tá an tsean-tionscalaíocht innealltóireachta, tógáil longa is eile imithe i léig cuid mhaith ó thuaidh, agus tá tábhacht na talamhaíochta laghdaithe as cuimse ó dheas, an stát anois ag brath ar sheirbhísí agus déantúsaíocht cógas, teicneolaíocht is eile.

Cuirtear figiúirí na heacnamaíochta as a riocht cuid mhaith mar gheall ar an gcaoi a n-aistríonn comhlachtaí idirnáisiúnta airgead isteach is amach de réir mar a oireann dá riachtanais chánach.

Ach tá olltairgeacht intíre an Deiscirt dhá oiread go leith níos airde ná olltairgeacht an Tuaiscirt.

Ach céard faoi leas sóisialta agus sláinte?

Nach bhfuil daoine níos fearr as ó thuaidh go pearsanta?

Cinnte, thug rialtas na Breataine córas leasa shóisialaigh isteach (in aghaidh thoil an Pháirtí Aontachtaigh) níos túisce ná mar a tugadh a leithéid isteach ó dheas.

Ach léiríonn na figiúirí go bhfuil na rátaí íocaíochta i bhfad níos fearr ó dheas ná mar atá ó thuaidh.

Mar shampla, is é an ráta iomlán do dhuine gan fostaíocht ó dheas ná €198 sa tseachtain, nó timpeall £173.

Ó thuaidh ní fhaigheann an duine céanna ach £73.10, níos lú ná leath den mhéid atá le fáil ó dheas.

Arís, maidir le pinsin, is é an ráta iomlán ó dheas ná €243.30 nó £213.42 i gcomparáid le £125.95 ó thuaidh, gar do leath an ráta ó dheas.

Agus tá an scéal céanna ann nach mór chomh fada is a bhaineann sé le sochar leanaí: ó dheas €32.31 nó £28.34 do gach páiste, i gcomparáid le £20.70 ó thuaidh don chéad leanbh agus £13.70 do gach leanbh ina dhiaidh sin.

Céard futhu siúd a bhfuil jabanna acu?

In 2017, ba é an meánioncam seachtainiúil ó thuaidh ná £501 - nó £623 san earnáil phoiblí agus £446 san earnáil phríobháideach.

Ó dheas, ba é an meanioncam seachtainiúil ná €734 nó £644 - €946.45 (£830.22) san earnáil phoiblí, os cionn €1,100 (£965) sa tionscal teicneólaíochta, agus €675 (£592) san earnáil phríobháideach i gcoitinne.

Má tá tú fostaithe, nó gan jab, is léir go bhfuil níos mó airgid i do phóca ó dheas.

Ach céard faoi shláinte agus an NHS?

Bíonn cúram leighis ar fáil in aisce ó thuaidh, ach ó dheas bíonn sé in aisce freisin dóibh siúd nach bhfuil jab acu nó atá ar phá íseal.

Faigheann na daoine sin cárta leighis.

Íocann an dream eile €50 as gach cuairt.

Ach cá mhéad uair sa mbliain a théann an gnáthdhuine don dochtúir?

Agus seirbhísí poiblí, ar nós bruscar a bhailiú is eile?

Ó dheas, go hiondúil, íocann daoine suas le €300 (£263) sa bhliain as na seirbhísí i gcomparaid leis na rátaí áitiúla a íoctar ó thuaidh.

Tá argóintí eile ann cinnte.

Tá Aontachtóirí buartha faoina bhféiniúlacht is faoina gceangal le Sasana is Albain.

Tá ceist ann faoi cé mhéad a bheadh le caitheamh ag an Deisceart le muintir an Tuaiscirt a thabhairt ar aon chéim leo.

Deireann saineólaithe go bhfuil buntáistí eacnamula in ann dúinn dá mbeadh an tír athaontaithe.

Ach is léir go mbeadh níos mó airgid sa bpóca ag chuile dhuine ó thuaidh san Éirinn nua sin – más féidir socrú ceart maidir le féiniúlacht agus spreagadh na heacnamaíochta a bhaint amach.

Close
Close