An Ghaeilge: dlús, déine agus dílseacht

Alt taighde le Ciarán Dunbar

“In short, the large number of Irish-speakers dispersed throughout Ireland still have not succeeded (nor has state policy seriously attempted to plan for or to assist them) in establishing settlements of Irish-speakers of sufficient critical mass to generate the kind of ‘credible acoustic reality’ of Irish, that would affirm the young in a language reflex favourable to using Irish, or that would ensure that the stranger, newcomer or language-learner would accept the normalcy of linguistic conformity in the interests of living ‘the full life’ in such a community.” (i)
- An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh

Is féidir teachtaireacht an ailt seo a chur i bhfocal amháin – dlúthú. Ní bun-smaoineamh é ná aon bhaol air. Is ionann é agus normalú, agus ‘credible acoustic reality’ a chruthú. Is ionann é agus athneartú, athbheochan agus caomhnú. Ach ní aidhm stáit nó forais stáit ar bith é.

‘Dul chun cinn’ na Gaeilge atá mar sprioc ag Foras na Gaeilge, foirmle focal gan aon téagar nó substaint, ach atá inghlactha ag an mhórphobal Béarla.

Is é mo chás san aiste seo ná go gcaithfidh Gaeilgeoirí teacht le chéile go fisiciúil, chun cónaí le chéile, agus gurb é seo an t-aon bhealach ar féidir leis an teanga, agus mar sin de an cultúr atá ceangailte léi, maireachtáil ar chor ar bith ag an phointe seo. Ní ag déanamh a bheag atá mé den ghníomhaíocht reatha ar son na Gaeilge ach is é m’argóint ná go gcaithfidh dlús cainteoirí a chruthú a bheith mar aidhm ag an ghníomhaíocht sin.

Tá dlús riachtanach le go mairfeadh teanga, ní féidir le teanga maireachtáil gan é agus nuair a chailleann teanga dlús sa phobal, tá baol nach beag ann go gcaillfí an teanga sin de réir a chéile. Feictear sin i gceantair ar nós Bhearna agus na bhForbacha i gContae na Gaillmhe, cuir i gcás.

Más féidir le gréasán teanga a dhlús a chosaint nó a chothú as an nua, tá seans níos fearr ann go mairfidh sé, mar a scríobh Baker:

“When a social network is dense and multiplex (“close knit”), there is typically close     conformity to norms of behavior in its membership  (e.g., in always speaking the     minority     language with each other). Close networks increase the probability of solidarity and     reciprocity, thus increasing the chances of the survival of a minority language minority     language within such networks. Where there is a loosening of closeknit ties over time, or a     social network with relatively weak interpersonal links, this may be associated with     language shift.” (ii)

Tá teangeolaithe den tuairim gur gá teanga a bheith ag tuairim is 70% de phobal chun go mbeadh feidhm aici mar theanga phobail – tá a fhianaise sin le feiceáil fud fad na nGaeltachtaí. Go hoifigiúil, aithnítear mar Ghaeltacht ‘Catagóir A’ ceantar “atá os cionn na tairsí de 67% Cainteoirí Laethúla Gaeilge”. (iii)

Is é mo thuairim áfach, bunaithe ar an taighde agus ar mo thaithí sa Ghaeltacht, gur gá 90% a bhaint amach más mionteanga atá i gceist - mionteanga nach bhfuil le fáil ach in áiteanna beaga scaipthe atá faoi smacht ag státchóras a fheidhmíonn trí theanga eile agus a bhrúnn an teanga sin ar phobal na mionteanga.

Is é dlúthú - Gaelphobal a bhunú - an aidhm, measaim, ba cheart a bheith ag eagraíocht atá ar son athneartú na Gaeilge sa mheántréimhse.
Arís, ní hionann sin agus cáineadh a dhéanamh ar eagraíochtaí Gaeilge nach bhfuil an aidhm sin acu: tá siad ag déanamh an ruda a gcreideann siad ann.

Mais chriticiúil

Is é an aidhm leis an dlúthú ná ‘mais chriticiúil’ a bhaint amach. Is é mo thuiscint féin ar mhais chriticiúi i gcás na Gaeilge ná go gcaithfidh céatadán na gcainteoirí laethúla a bheith an-ard ar fad chun cuinsí a bhaint amach ina mbeadh sé iomlán riachtanach an Ghaeilge a bheith ag duine chun páirt iomlán a ghlacadh sa phobal – sin is fíor-chiall le teanga phobail.

Nó, chun an cás a chur ar bhealach eile, is é an sprioc ná mais chriticiúil cainteoirí laethúla a bhaint amach i gceantar ar leith, dlús daoine a dhéanfadh teanga na háite den Ghaeilge, an teanga is mó a chluintear ann agus an teanga ina ndéantar gnó an cheantair – an ‘tipping point’ a dhéanfadh teanga an phobail dithe.

Uime sin, is fearr dlúthphobal beag de chainteoirí Gaeilge, fiú má tá sé bídeach, chun labhairt na teanga agus aistriú na teanga go dtí an chéad ghlúin eile a éascú ná gréasán mór de chainteoirí scaipthe. Mar eiseamláirí, tá Pobal Feirste i mBéal Feirste nó Ard Barra i nGleann Maighir.

Líon iomlán na gcainteoirí rialta a ardú, sin an aidhm atá ag go leor de ghluaiseacht na Gaeilge faoi láthair. Ar an chéad amharc, is aidhm chiallmhar é sin. Ach mar a léiríonn meath na Gaeilge sna Gaeltachtaí agus an teip iomlán chun cainteoirí nua ó thús a ghiniúint san iar-Ghaeltacht – ní aidhm éifeachtach é.

Ar an lámh eile, tá fianaise láidir ann a léiríonn go n-éascaíonn dlúthphobail úsáid agus aistriú na Gaeilge ó ghlúin go glúin go mór. (iv)

Gréasáin

Mar sin féin, is féidir a bheith ag cur le heolas an phobail uilig ar an Ghaeilge agus a bheith ag cur le líon na nGaeilgeoirí rialta sa mhórcheantar thart ar an dlúthphobal (an ceantar faoi thionchar teangeolaíochta an chroícheantair, ina mothaíonn Gaeilgeoirí go bhfuil ceangal acu leis an chroícheantar). Is é an ‘mórcheantar teanga’ a thugaimse féin ar an limistéar sin: 'gréasán teanga' an téarma is coitianta ach ní leor é dar liom.

Maidir le Carn Tóchair agus Pobal Feirste, tá an croícheantar ann a bhfuil ceangal aige le mórcheantar thart air: i gcás Phobal Feirste leis na mílte cainteoirí laethúla agus i gcás Charn Tóchair le gréasán láidir Gaeilgeoirí a chónaíonn taobh istigh de 20km thart ar phointe lárnach Ionad an Chairn.

Feictear dom go bhfuil trí eilimint a bhaineann leis an choincheap ‘dlús’:
•    Dlús cainteoirí
•    Dlús úsáide
•    Dílseacht

Dlús cainteoirí

“Minority language groups need three things, density, density and density.” (v)
- An tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

Léadh thuas faoi dhlús cainteoirí agus an tábhacht a thugann sochteangeolaithe dó. Fiú má tá go leor deiseanna ann (i. imeachtaí) chun an Ghaeilge a labhairt ní chuirfear go mór leis an mhéid den teanga atá á labhairt (i gcodarsnacht leis an Bhéarla) mura bhfuil dlús ard cainteoirí ann i gceantar ar leith.  Oiread cainteoirí, chomh dlúth le chéile agus is féidir, agus ina cheadatán den phobal chomh hard agus is féidir – sin an aidhm ar ndóigh.

Mar sin féin, más rud riachtanach bunúsach é, ní bun agus barr an scéil é nuair atá teanga mhionlaithe i gceist, ní shéanaim sin ar chor ar bith.

Dlús úsáide

Ní fiú na cainteoirí a bheith ina gcónaí san áit chéanna gan na deiseanna acu í a labhairt le chéile. Ní hionann eolas ar mhionteanga agus í a úsáid faraor – léiríonn stair na Gaeilge (agus na dteangacha Ceilteacha ar fad) sin le 100 bliain anuas agus ar an drochuair is iomaí áit sa Ghaeltacht nach gcloistear an teanga, cé go mbíonn fios maith go leor ag daoine uirthi.

Chonacthas i stair na Gaeilge gur éirigh daoine as labhairt na Gaeilge agus gur thiontaigh siad ar aonteangachas Béarla d’ainneoin an Ghaeilge a bheith ag 100% de phobal ag tús an phróisis.

Uime sin, tá stuchtúir de dhíth, comhthéascanna, réimse, deiseanna agus, chun bheith ionraic, áiteanna agus amanna ina mbeadh sé riachtanach Gaeilge a labhairt. Áiteanna nach mbeadh an chumhacht ag lucht labhartha an Bhéarla an lámh in uachtar a fháil ar an Ghaeilge, áiteanna nach mbeadh cros ag an Bhéarla ar úsáid na Gaeilge.

Is é atá i gceist ná déine, déine úsáide. Is éard atá de dhíth ná:
•    Saol Sóisialta trí Ghaeilge
•    Fostaíocht trí Ghaeilge (pléifear cúrsaí eacnamaíochta amach anseo)

Léiríonn taithí agus taighde go gcabhraíonn deiseanna úsáide le haistriú na teanga ó ghlúin go glúin más féidir le páistí an teanga sin a chloisteáil san oiread comhthéascanna agus is féidir. Is é an pobal, chan na tuismitheoirí, a thógann páistí le teanga. Is eol do gach tuismitheoir a thóg clann le Gaeilge san iar-Ghaeltacht sin. Bíonn teanga an phobail níos láidre ná teanga an teaghlaigh agus bíonn an dá rud de dhíth ag teanga mhionlaithe.

Chomh maith leis sin, is spreagadh suntasach é fostaíocht trí mheán na Gaeilge chun go dtógfadh daoine a gcuid páistí leis an teanga, sin mar gheall ar an chumas a ghineann sé agus mar thoradh ar bhrú sóisialta i mo thuairimse.

Cumas

Ceann de na cúiseanna nach mbaineann daoine níos mó úsáide as an Ghaeilge, nach dtógann siad a gcuid páistí le Gaeilge agus nach labhraíonn páiste a thógtar léi í go minic go fiú, ná easpa cumais. Ní féidir leo gach rud ba mhaith leo a rá inti gan stró – is fusa Béarla a labhairt go díreach.

Tá dlúthbaint ag an mhéid réimsí ina n-úsáidtear teanga leis an chumas labhartha atá ag a cuid cainteoirí. Má tá na réimsí ina n-úsáidtear teanga teoranta i gcoitinne, beidh an cumas labhartha atá ag daoine íseal i gcoitinne dá réir.

Feiceann muid sin i gcás na Gaeilge agus is rud coitianta é i gcás teangacha a bhfuil meath orthu. De réir mar a chailleann mionteanga réimse ina bhfuil sí á labhairt, tosnaíonn an teanga féin a bheith ag cailleadh saibhreas foclóra, cruinneas gramadaí agus srl. Faigheann sí bás i mbéal na ndaoine.

Má tá daoine ag cleachtadh teanga in go leor leor réimsí dá saol áfach, bheadh an teanga sin saibhir dá bharr.

Mar a luaigh mé, tá a fhios ag gach duine a thóg páistí le Gaeilge, nó a rinne iarracht sin a dhéanamh, go mbaineann an fonn a bhíonn ar pháistí an Ghaeilge a úsáid leis an chumas atá acu sa teanga agus leis na ‘deiseanna’ atá chun í a úsáid. Is ionann ‘deis’ agus norm, agus mar sin de, iallach éigin ar ndóigh, mar atá le gach teanga, ná bíodh dallach orainn faoi sin.

Má tá an comhthéasc sin ann, nó na réimsí sin ann mar a deirtear sa tsochteangeolaíocht, cuirfear le cumas teanga na bpáistí agus na dtuismitheoirí araon – a bheadh éifeacht na ndúradán aige – ach ní fhaightear a leithéid ach amháin i ndlúthphobal ina bhfuil deiseanna / iallach úsáide / dlús.

Is rud é sin atá ar eolas ag gach duine a thógann páiste le mionteanga.

Dílseacht

Living language — What makes a ‘living’ language is a question of ideology, not demographics. There is no objective linguistic or sociological measure that we can use to say definitively that a language is living or dead. It     really is just an opinion. Any language that is in some way still used and passed on could be considered ‘living’ depending on your criteria. The key factor is not speaker density, but language loyalty. If speakers are zealous about using their language and passing it on, that language community will persist and possibly even grow, but if speakers are shifting to using and passing on a new language, it doesn’t really matter how closely they live together; their language will sooner or later pass out of use. (vi)
- An Dochtúr Tim Currie Armstrong.

Déanann an Dr. Tim Currie Armstrong pointí láidre san fhriotal cainte thuas. Tá scoilt nach beag ann idir lucht acadúil na hAlban maidir le todhchaí na Gaeilge sa tír agus is sa chomhthéacs sin a scríobhadh é. Dar liomsa, tá pointe Armstrong maidir le hidé-eolaíocht agus dílseacht teanga chomh soiléir sin nach mbacfadh daoine lena rá os ard fiú.

Tá an ceart aige go bhfuil dílseacht de dhíth, agus tá an ceart ag an Ollamh Ó Giollagáin go bhfuil ard-dlús de dhíth. Ní gá rogha a dhéanamh idir an dá dhearcadh, dar liom. Tá an dá rud de dhíth – san Iar-Ghaeltacht agus anois sa Ghaeltacht.

Ní féidir a shéanadh, áfach, go mbeidh dúshlán ollmhór roimh an Ghaeilge i gcónaí, fiú i gcásanna nuair a bhíonn dlús, déine agus dílseacht ann. Tá sé sin feicthe agam sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.

I ndeireadh na dála áfach, feictear dom gurb ionann Gaelphobal agus áit a labhraítear an teanga gan cheist gan smaoineamh, áit a mbeadh sí saor ó idé-eolaíocht. Ach is fadtréimhseach an sprioc é sin.

_____________________

i. Ó Tuathaigh, G. (2008).
ii. Baker, C. (2006), l. 219.
iii. https://udaras.ie/assets/uploads/2020/11/002910_Udaras_NuashonruI%C2%81_FULL_report_A4_FA.pdf
iv. “Léiríonn na torthaí go bhfuil iompar teanga i bhfad níos fabhraí i leith na Gaeilge i gceist leis an ngrúpa a bhfuil cónaí orthu i gcomharsanacht Ghaelach agus go n-úsáideann an grúpa     seo níos mó Gaeilge i réimsí an tsaoil laethúil, an bhaile agus le páistí na bhfreagróirí i gcomparáid leis an ngrúpa a úsáideann Béarla amháin nó den chuid is mó le comharsana. Taispeánann an cás seo go bhfuil buntáistí ar leith     ag baint leis an gcomharsanacht Ghaelach do phobal na Gaeilge agus go bhféadfadh tionchar a bheith ag an timpeallacht ar iompar teanga níos fabhraí i leith na sprioctheanga.” Ní Shionnain, U. (2020).
v. ‘On November 30, 2018, Conchúr Ó Giollagáin (sic.) presented a lecture at St. Francis Xavier University in Antigonish, Nova Scotia, entitled, "Paving the Road with Good Intentions - The Societal Conditions of the Gaels in Scotland and Ireland" https://www.youtube.com/watch?v=_L_-oQvllDU&t=2s
vi. https://drilseach.net/2022/03/10/gaelic-is-not-dying/

Close
Close