An gcuirfeadh siad an cheist sin ar fhear?

Katie McGreal

Bhí Jamie-Lee McDonnell i mbéal an phobail go mór i ndiaidh an agallaimh a rinne sí le Ryan Tubridy ar an Late Late Show ar RTÉ le déanaí.

Is i bpáirt Michelle a bhíonn Jamie-Lee sa chlár Derry Girls agus le linn a hagallamh chuir Ryan ceist uirthi faoina haois. In ionad freagra a thabhairt, dúirt Jamie-Lee gur ceist fhrithbhanda a bhí ann agus nach gcuirfeadh sé an cheist chéanna ar fhear. Mhínigh Ryan di go raibh sé ag iarraidh a rá gur déagóir í a carachtar sa seó ach gur duine fásta í san fhíorshaol. Chuir Ryan in iúl di nár bhain an cheist lena hinscne.

Is minic a bhíonn agallamh le bean cháiliúil éigin ann ina gcuirtear ceisteanna ar nós: An bhfuil páirtí agat? An bhfuil tú pósta? Ar mhaith leat páistí a bheith agat? Cé a thugann aire do na páistí nuair atá tú ag obair? Cé chomh fada is a thógann sé ort a bheith réidh ar maidin?

Is ceisteanna pearsanta iad seo ar fad agus ní bhaineann siad leis an gcúis a bhfuil siad faoi agallamh. Bhí Jamie-Lee ar an Late Late le poiblíocht a dhéanamh ar an tsraith dheireanach de Derry Girls agus mar sin ní haon iontas é gur bhain ceist faoina haois stangadh asti. Nuair a bhíonn fir faoi agallamh, ní chuirtear ceisteanna pearsanta orthu. Ní fhiafraítear díobh faoin áit a bhfuil a bpáistí nó faoin mbean nua atá acu, ach tarlaíonn sé do mhná go mion minic.

Leis féin, níl cuma fhrithbhanda ar an gceist faoi aois Jamie-Lee ach ar an iomlán má bhreathnaíonn tú ar agallaimh a chuirtear ar mhná i gcomparáid le hagallaimh a chuirtear ar fhir, feicfidh tú nach gcuirtear na ceisteanna pearsanta céanna ar na fir. Cén fáth a gcuirtear ceisteanna difriúla ar mhná? Is aisteoir í Jamie-Lee, níl a haois tábhachtach, ach shíl Ryan go raibh sé ceart go leor an cheist sin a chur.

D'éirigh rudaí níos measa i ndiaidh do Jamie-Lee seasamh suas di féin. Fiú muna gceapann tú gur iompar frithbhanda a bhí ag Ryan leis an gceist, níl aon dul as ach léirigh sé fuath ban ina dhiaidh sin nuair nár lig sé do Jamie-Lee í féin a mhíniú. Thug Jamie-Lee spás do Ryan é féin a mhíniú agus a rá linn nach raibh sé i gceist aige a bheith drochbhéasach ach ansin labhair sé thar Jamie-Lee agus í ag iarraidh í féin a mhíniú. Níl ansin ach fuath ban, ‘ná lig di labhairt’. Tá sé tarlaithe domsa agus tá mé cinnte go bhfuil sé déanta ar gach bean a bhfuil aithne agatsa uirthi freisin. Fiú muna raibh sé i gceist ag Ryan iompar frithbhanda a léiriú leis an gceist, léirigh sé iompar frithbhanda sna nóiméid i ndiaidh do Jamie-Lee seasamh suas di féin.

Maith í Jamie-Lee ag rá go hoscailte nach raibh sí compordach leis an gceist. Is iomaí uair a tharlaíonn rudaí do mhná nach mbíonn siad compordach leo agus ansin ní bhíonn siad compordach aon rud a rá faoina míchompord. Rinne Jamie-Lee éacht dúinn uilig.

An chéad uair eile tá súil agam go smaoineoidh Ryan agus a fhoireann níos mó ar na ceisteanna a chuirfidh sé ar a chuid aíonna agus b’fhéidir nach mbeidh ar éinne eile a rá leis beo ar an teilifís nach bhfuil siad compordach leis. B’fhéidir.


Close
Close