An faisisteachas agus an t-olltoghchán ó dheas

Kerron Ó Luain

Is é seo an chéad olltoghchán le fada an lá sna 26 Chontae ina mbeidh páirtithe polaitiúla atá go soiléir faisisteach ag dul os comhar an phobail ar bhonn chomh forleathan agus chomh heagraithe.

Áirím anseo An Páirtí Náisiúnta, Irish Freedom Party agus Anti-Corruption (ACI) Ireland.

Cé go bhfuil dlúthnasc idir na dreamanna seo, agus cairdeas le brath idir na ceannairí atá acu, tá tréithe áirithe agus cúlraí ar leith ag gach ceann díobh.

Is é Justin Barrett, fear as Cill Chainnigh, atá i gceannas ar an bPáirtí Náisiúnta, mar a ghlaonn siad orthu féin. Chaith Barrett cuid mhaith dá óige leis an dream Youth Defence – grúpa antoisceach de chuid na heite deise Caitlicí a bhíonn ag stocaireacht in aghaidh cearta ginmhillte. Lena chois sin, d’fhreastail sé ar ócáidí de chuid na nua-Naitsíoch san Iodáil in 2001.

An crann taca atá aige sa bPáirtí Náisiúnta ná James Reynolds, leas-uachtarán an pháirtí. Is feirmeoir as Contae Longfoirt é Reynolds agus é bainteach leis an eagraíocht Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann roimhe seo. Rinne sé iarracht é féin agus a gcuid comhghleacaithe a chur i lár agóid na bhfeirmeoirí lasmuigh de Theach Laighean i Mí na Samhna ach dhiúltaigh an formhór dó. Bhí Reynolds lárnach san agóid i gcoinne Ionad Soláthar Díreach i Rúscaigh, Contae Liatroma, anuraidh. Dódh an t-óstán a bhí beartaithe don ionad i ndeireadh na dála agus chinn an rialtas gan dul ar aghaidh leis an bplean.

Is é Hermann Kelly ceannaire an Irish Freedom Party – páirtí a dteastaíonn uathu stát na hÉireann a bhaint amach as an Aontas Eorpach chun go mbeadh sé “neamhspleách”. Ainneoin an ráitis seo, oibríonn Kelly le Nigel Farage san Eoraip, duine a bhí lárnach i mBrexit, dar ndóigh. Is ríléir nach mbeadh i “neamhspleáchas” Kelly ach Éire a bheas arís in áit na leathphingine i gcomhréiteach éigin leis an Ríocht Aontaithe.

Deir Kelly nach mbeidh san iomaíocht don olltoghchán seo. Tá ciall éigin aige is dócha ó bualadh go dona é sna toghcháin Eorpacha anuraidh nuair a sheas sé i mBaile Átha Cliath. Fágfaidh sé é faoina ghiollaí uallach na náire a iompar an uair seo nuair a bhuailfear go dona iad féin. Leithéidí John Bowler, imirceach Meiriceánach atá ag cur faoi i gCiarraí agus atá ag rith sa Dáilcheantar sin. É sásta leis an imirce is léir – chomh fada is gur imircigh gheala iad.

D’fhorbair ACI thart ar ghealt eile, Gemma O’Doherty. Tá líon suntasach leantóirí aici ar na meáin shóisialta, áit a ndéanann sí bolscaireacht ar a tuairimí comhcheilgeacha áiféiseacha. Brúnn sí leithéidí theoiric an “great replacement”. Is teoiric gan bhunús í seo a deir go bhfuil seift ag na Náisiúin Aontaithe plean a chur i bhfeidhm chun “cinedhíothú” a dhéanamh ar an Eoraip faoi 2040 trí imirce as cuimse ón Aifric agus ón Áis a stiúradh. Tá John Waters, iar-cholúnaí leis an Irish Times, mar iarrthóir ag an ACI chomh maith. Is dócha go raibh drochthionchar ar an uair a briseadh as a phost sa Times ar John bocht soineanta.

Tháinig an Páirtí Náisiúnta, an Irish Freedom Party, ACI agus dreamanna eile nach iad le chéile anuraidh i mBaile Átha Cliath nuair a chuireadh an ruaig ar O’Doherty ón ardán YouTube de bharr a ciníochais. Bhí agóidí leanúnacha acu lasmuigh de cheanncheathrú Google san ardchathair.

Ina dhiaidh sin thángadar le chéile arís ag agóid roimh an Nollaig chun cur in éadan reachtaíocht a bhfuil á plé chun caint bhagarthach agus chiníoch a dhéanamh mídhleathach. An uair sin náiríodh iad lasmuigh de Theach Laighean nuair a tháinig na céadta frith-faisisteach agus dreamanna mionlaigh agus creidimh le chéile chun seasamh ina gcoinne.

Bheadh an scéal seo truamhéalach agus greannmhar ar go leor bealaí mura raibh impleachtaí tromchúiseacha ag an méadú atá ag teacht ar mhisneach na bhfhaisisteach. Tá ionsaithe á ndéanamh ar mhoscanna, tá daoine gorma is donna á ngortú agus tá óstáin á gcur trí thine. Méadaíonn nimh na n-eagraíochtaí seo, bíodh sé ar-líne nó sa bpobal, na hionsaithe céanna as cuimse.

Bíonn tráchtairí áirithe – liobrálaigh den chuid is mó – ag maíomh gur chóir neamhaird a thabhairt dá leithéid, óir is féidir “an bua a fháil orthu i ndíospóireachtaí”. De réir na loighce seo nuair a fheiceann an mórphobal cé chomh craiceáilte is atá ACI agus araile, déanfar dearmad orthu agus ní dhéanfaidh siad dul chun cinn ar bith ó thaobh na toghchánaíochta nó ó thaobh na cumhachta de.

Ach is botún é seo. Insíonn an stair dúinn nach féidir seasamh ar leataobh agus ligint dóibh fás nó teacht le chéile i mbealach eagraithe fiú. Is fíor nach bhfuil siad láidir go polaitiúil go fóill agus ní bhfaighidh siad ach céatadán an-bheag ar an 8ú Feabhra. Ach b’amhlaidh gach ollghluaiseacht fhaisisteach ag tús a mbeatha – sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Spáinn.

Nuair a athraíonn na cúinsí oibiachtúla – géarchéim eacnamaíochta, tuilleadh imirce, géilleadh na bunaíochta – is go sciobtha a fhásann na faisistithe. Agus an tuiscint ann go bhfuilimid ag maireachtáil in am an-chontúirteach agus an córas caipitleach ag deireadh a ré agus ar tí titim isteach ar féin arís, ní fada uainn an tubaiste sin in athuair. Bímis aireach.

Close
Close