An Chasacstáin - íomhá, teanga & todhchaí

“An bhfuil Casacstáinis agat mar sin?”

“Is í mo theanga náisiúnta í”.

Thógas ceann den ráiteas saoithiúil sin ó chomhrá a bhí agam lá ar champas Notre Dame dom – dar ndóigh, “ár dteanga náisiúnta” nó “an teanga náisiúnta” is gnách a rá, ach bhraitheas go raibh casadh fileata sa tuaiplis teangan seo a baineadh as an bhfear seo agus Béarla á labhairt mar cheathrú teanga aige liom.

Baineann babhtáil idirchultúrtha le scoláireacht Ghaeilge Fulbright, agus machnaím go minic ar mhana fileata Borat Sagdiyev agus mé san “U. S. agus A.”: “cultural learnings for make benefit glorious nation of Kazakhstan”.

Níorbh fhada go raibh cúrsaí clófhoirne á bplé go tiubh te againn, agus ábhar suimiúil comparáide le déanamh idir cás na hÉireann agus cás na Casacstáine, b’fhachtas dom.

Is amhlaidh gur fhógair an tUachtarán Noursoultan Nazarbaev i mí Aibreáin i mbliana gur sa chló Rómhánach a bheadh an Chasacstáinis á scríobh ón mbliain 2025 amach, agus ráiteas “fileata” eile uaidh mar chuid d’fhorógra i dTeach na dTeachtaí i mí Mheán Fómhair: “níl a fhios agam an féidir a rá pé acu an gcuirfear fáilte roimh an aibítir nó nach gcuirfear, mar nach ionann aibítir agus árasán ná carr”.

Faoi anáil stairiúil an dúchais Mhoslammaigh sa tír sin is ea a tharla sé gur le haibítir chonsanta an chló Arabaigh, .i., an abjad, a saothraíodh traidisún scríofa na Casacstáinise go dtí an bhliain 1929 nuair a deineadh an chéad iarracht ar an Laidineachas a chur i bhfeidhm.

Níorbh fhada a mhair an iarracht chéanna mar go raibh poblacht Shóivéideach déanta den Chasacstáin faoin mbliain 1936 agus an script Choireallach á héileamh dá réir ina dhiaidh sin ag na húdaráis Rúiseafóin.

Nuair a bhain an Chasacstáin neamhspleáchas amach di féin sa bhliain 1991, deineadh teanga oifigiúil den Chasacstáinis agus den Rúisis araon – cainteoirí Rúisise is ea 20% de dhaonra na Casacstáine, agus a bhformhór sin lonnaithe i dtuaisceart na tíre.

Fágann an scéal sin nach annamh súile cíochracha Rúiseacha ag stánadh thar theorainn isteach, tagairtí bagracha d’fhairsingiú na Rúise mar phort ar uairibh acu.

Tá an togra seo um Laidiniú na Casacstáine cáinte ag aos polaitíochta na meán Rúisise ní nach ionadh, agus tuairim an anailisí pholaitiúil Alexander Asafov ina eiseamláir dá leithéid sin.

Cháin sé siúd an togra agus tábhacht na Rúisise á cosaint aige ó thaobh an tairbhe a bhaineann léi mar áis chumarsáide idirchultúrtha sa tréimhse iar-Shóivéideach.

Chuir sé i gcás gur Rúisis a bheadh mar theanga labhartha idir Casacstánach agus Eastónach a rangódh dóibh bualadh trí sheans le chéile.

Don leith eile, is é a deir náisiúnachas cultúrtha na gCasacstánach dúchasach ná go bhfuil an baol ann go dtarlódh iompú teanga i leith na Rúisise sa todhchaí.

Táthar ag maíomh mar shampla go bhfuil mórán den aos óg anois ann agus is fearr de Rúisis a bheadh acu seachas a gcuid Casacstáinise a bheadh ó dhúchas acu.

Míníonn Uli Schamiloglu, teangeolaí Casacstánach, gurb é is toradh leis seo ná go bhfuil fuaimeanna na Rúisise go mór sa treis anois in urlabhra na gcainteoirí dúchais óga.

Meastar go bhféadfaí moill a chur ar an Rúisiú teangeolaíoch seo ach clabhsúr a chur le ré na scripte Coireallaí.

Ba mar gheall ar argóintí oideachaseolaíocha eile a moladh an seanchló Gaelach a chur ar ceal in Éirinn ar an ábhar go dtéann sé róchrua ar pháistí scoile dhá script éagsúla a fhoghlaim.

Sa treo eile a bheidh an Chasacstáin ag dul áfach, agus dhá script le foghlaim ag páistí na Casacstáine de réir an phlean nua.

Teanga eachtrannach ar fad is ea an Rúisis sa Chasacstáin dar ndóigh – teanga Shlavach í an Rúisís, agus teanga Thurcach í an Chasacstáinis.

Teangacha Turcacha eile a labhraitear i scata dos na poblachtaí iar-Shóivéideacha eile sa réigiún mar atá an an Úisbéiceastáin, an Asarbaiseáin, an Tuircméanastáin, agus an Chirgeastáin.

Cuid díbh, tá an cló Rómhánach tugtha ar láimh le fadó riamh acu, agus an chuid eile, tá ceist an Laidinithe á meá agus á meas i láthair na huaire acu.

Ba iad na Turcaigh ba thúisce a thug faoina leithéid sa bhliain 1928 nuair a chuir Mustafa Kemal deireadh le húsáid an abjad, agus céim mhór chun réitigh le Poblacht na Tuirce a bheadh i gceist le hathrú mar é sna tíortha Turcacha eile.

Ní dall atá na Rúisigh ar impleachtaí polaitiúla an Laidinithe sa réigiún seo a bhíodh riamh mar réimse tionchair ar leith dá gcuid, agus is mó breab de réir dealraimh a íocann rialtas Mhoscó le muintir na Cirgeastáine d’fhonn an script Choireallach a choimeád i réim sa tír sin mar shampla.

Don té a bhfuil suim aige ina leithéid, dála an scéil, deineadh sé freastal ar Chomhdháil Meanmanra ar an 28 Deireadh Fómhair, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus ar champas Naomh Pádraig, mar a ndéanfaidh Cormac Chambers anailís ar mar a d’athraigh polasaí seachtrach na Rúise le roinnt blianta anuas.

Baineann gné eile leis an gcinneadh seo ó thaobh thodhchaí na scripte Coireallaí sa Chasacstáin.

Táthar ann a deir go gcabhródh an cló Rómhánach leis an gCasacstáin íomhá úrnua a chruthú di féin go hidirnáisiúnta sa tréimhse iar-Bhorat.

Is léir cén dochar a deineadh do cháil na Casacstáine le geáitsí Sasha Baron Cohen in Ali G agus Borat, saothair ina mbíonn leagan áiféiseach den gcló Coireallach go minic le feiceáil – agus bíodh a fhios agat nach aon Chasacstáinis a labhrann an phearsa sin, ach meascán den Eabhrais agus den bPolainnis, ná ní sa Chasacstáin a deineadh scannánaíocht do Borat, ach sa Rómáin, agus alltacht ar mhuintir an tsráidbhaile ina thaobh faoi mar a chuirtear in iúl sa chlár faisnéise When Borat Came to Town.

Giúdach dar ndóigh is ea Sasha Baron Cohen féin, agus tá gearrthóg dhiamhair le fáil ar líne ina labhrann Borat Eabhrais líofa le hiriseoir ón Iosrael, tír ina bhfuil cion fé leith ar Bhorat.

Is ea, tá oiread de leagáid chultúrtha fágtha ag Sasha Baron Cohen ar an gCasacstáin agus a d’fhág na clófhoirne éagsúla lena scríobhadh a teanga náisiúnta tríd na cianta.

Bhí sé sin soiléir ón mearbhall a bhí ar údaráis Chuáit 2012 nár chuimhnigh ar fhíoramhrán náisiúnta na Casacstáine a sheinm in ómós dá buaiteoir Oilimpeach Mariya Dmitriyenko, ach leagan scigaithriseach Baron Cohen.

Amhrán náisiúnta nua don Chasacstáin anuas ar chlófhoireann nua a bheith acu más ea, agus, b’fhéidir, leis, teideal nua don tír, dar lena bhfuil de chaint ar ainm na tíre a athrú go dtí “Kazakh Eli” mar chuid den ghluaiseacht seo um athnuachan a dhéanamh ar íomhá na Casacstáine.

Close
Close