An bhfuil saol na polaitíochta ródhúshlánach inniu?

Ursala Savage 

Ní fíor a thuilleadh don athfhriotal iomráiteach sin: ‘Is le teip a chríochnaíonn gairm pholaitiúil’.

Tá go leor samplaí le cúpla bliain anuas de pholaiteoirí ag éirí as an pholaitíocht as a stuaim féin, ag fágáil sula dtiocfadh an t-am nach mbeadh an dara rogha acu an cinneadh a dhéanamh iad féin. An sampla is mó anseo in Éirinn ná Leo Varadkar, a d’imigh as an ról mar Thaoiseach in 2024, cinneadh a tháinig aniar aduaidh ar go leor daoine.

Tá an saol polaitíochta athruithe cuid mhór le blianta beaga anuas, go háirithe mar gheall ar na meáin shóisialta, agus tá na héilimh a dhéantar ar ionadaí poiblí ag ardú le linn na hama.

Tá an feiniméan céanna feicthe sa tuaisceart chomh maith. An tseachtain seo caite d’fhógair Kellie Armstrong, Comhalta den Tionól Reachtach (CTR) ó Pháirtí na Comhghuaillíochta do thoghcheantar Loch Cuan, go bhfuil sé ar intinn aici éirí as saol na polaitíochta ag an chéad toghchán Tionóil eile. Tá 11 bhliain caite ag Armstrong mar CTR agus bhí sí ina Comhairleoir Áitiúil roimhe sin chomh maith. Dúirt sí sa ráiteas maidir leis an chinneadh go raibh an-bhrón uirthi an cinneadh a dhéanamh, agus labhair sí píosa faoi na deacrachtaí a bhaineann le saol na polaitíochta. 

Is í Armstong an tríú CTR chun fógra mar seo a dhéanamh le déanaí, i ndiaidh do bheirt pholaiteoirí de chuid Shinn Féin amhlaidh a fhógairt: Pádraig Delargy ó Fheabhal agus Maolíosa McHugh ó Iarthar Thír Eoghain. 

Tá réasúnaíocht shoiléir leis na fógairtí sin faoi láthair, mar anois beidh am ag na chéad iarrthóirí eile a bpróifíl a fhorbairt idir seo agus Bealtaine 2027. 

Ar a bharr sin, tharla 13 chomhthoghadh sa Tionól ón toghchán in 2022, agus cé gur imigh seachtar CTR mar gheall ar róil eile i saol na polaitíochta, agus cúpla duine a d’éirigh as an ról mar gheall ar thinneas, tá go fóill roinnt CTRanna a d’imigh le linn tréimhse na mandáide seo chun deiseanna eile a fhiosrú. 

Nuair is seasamh na dtréan an gnáthchur chuige i saol na polaitíochta, tá sé suimiúil go bhfuil an oiread sin daoine a bhfuil rath orthu sa réimse ag déanamh roghanna eile dóibh féin i ndiaidh tréimhse sna róil seo. 

An é nach bhfuil gairm sa pholaitíocht tarraingteach do dhaoine faoi láthair? Gan amhras, bíonn a gcuid cúiseanna féin ag daoine fanacht nó seasamh siar ach is cinnte go bhfuil éilimh ollmhóra ar pholaiteoirí sa lá atá inniu ann agus go bhfuil blas níos géire ar an dioscúrsa phoiblí anois chomh maith. 

Is minic a bhíonn deacrachtaí ag polaiteoirí, go háirithe ag polaiteoirí baineanna, le hionsaithe ar na meáin shóisialta. Ní raibh na coinníollacha oibre a bhaineann leis an tsaol polaitíochta riamh ag teacht le riachtanais teaghlaigh, agus in amanna bíonn an pobal ag súil leis go mbeidh daoine ar fáil am ar bith sa lá lena chois. Cé go ndeir go leor polaiteoirí, Kellie Armstrong ina measc, gur ‘onóir’ atá ann ionadaíocht a dhéanamh ar an phobal, is dúshlánach an saol a bhíonn ag an chuid is mó acu. 

Bhí giota conspóide ann an mhí seo caite nuair a fógraíodh go mbeadh ardú tuarastail ann do CTRanna ó £53,000 go £67,200 agus rinneadh cáineadh ar an chinneadh, tráth a bhfuil cúrsaí airgeadais éirithe iontach teann ó thuaidh. Ach, fós féin beidh CTRanna ag saothrú níos lú na a gcomhghleacaithe in Albain (£74,507), sa Bhreatain Beag (£76,380), in Westminster (£93,904) agus i mBaile Átha Cliath (€118,284 nó £103,416).

Agus toghchán Tionóil ag teacht i mí Bealtaine na bliana seo chugainn, tá seans láidir ann go dtiocfaidh tuilleadh polaiteoirí amach leis an nuacht go mbeidh siad ag éirí as idir seo agus sin. B’fhiú go mór an cheist a chur faoi na cúiseanna atá acu an cinneadh seo a dhéanamh. Mura féidir le daoine gairm a dhéanamh den pholaitíocht ar bhealach inmharthana, beidh deacrachtaí ag an chóras polaitíochta daoine a mhealladh chuig na róil seo sa chéad dul síos gan caint ar iad a choinneáil ann. 

Close
Close