Michelle Nic Pháidín
Tá go leor gocarsaí ag teacht as Twitter ar an aimsir seo mar thoradh ar an bhuile boise a thug an t-aisteoir clúiteach Will Smith do Chris Rock ag mórghradaim Hollywood, na hOscars, an tseachtain seo caite.
Ócáid a bhí ann a chuir an spotsolas ar chuid de na ceistanna a bhaineann leis an tsochaí ina maireann muid agus a d’fhág léaspáin ag damhsa sna súile ag go leor againn.
Rinne an fear grinn, Chris Rock, ábhar magaidh de bhean Will Smith, Jada Pinkett Smith, mar gheall go bhfuil alóipéice uirthi. Ag labhairt dó ón ardán, dúirt Chris: “Jada, can’t wait for GI Jane 2.”
Thug Will Smith aghaidh ar an stáitse, bhuail bós trasna an leicinn ar Chris agus shuigh síos arís. Bhí cuid mhór daoine den bharúil gur cineál scige a bhí ann i dtús baire go bhfaca siad aghaidh Chris Rock - thuig siad ansin nár scig a bhí i gceist.
Ardaíonn an eachtra roinnt ceisteanna: bhí Will Smith ar dhuine de chéatadán iontach beag de dhaoine de dhath a bhain Oscar, mar sin de ar fhág a chuid iompair smál ar an éacht? An raibh Chris Rock ceart a bheith ag spóchadh as daoine a bhfuil galar orthu? Cén fáth nach bhfuil cás cúirte ag eascairt as an eachtra mar gur ionsaí fisicúil a bhí ann ós comhair an tsaoil mhóir? An mbeidh daoine óga anois ag ionsaí a cheile mar gheall ar an mhéid a rinne Will Smith? Ar dhéaláil Will leis an cheist ar an dóigh ceart? Ar ghabh sé leithscéal le Chris? Ar chóir dó a leithscéal a ghabháil leis? Agus an cheist dheireannach: an bhfuil rud ar bith a mhaolaíonn an fhreagracht atá ar Will i leith na heachtra?
Sílimse go bhfuil.
An chéad rud ná is fearr an fear nó an bhean ghrinn atá ábalta a bheith greannmhar gan bheith ag déanamh ábhar magaidh de dhuine nó de dhaoine eile. Ceann de na fir ghrinn is fearr dá bhfuil ann ná Billy Connolly agus cén t-ábhar magaidh is mó a bhíodh aige? É fein.
Tá sé ceart go leor ábhar magaidh a dhéanamh díot féin ach ní maith an duine grinn a bhíonn ag spócadh as duine atá tinn nó difriúil. Glac san airéamh chomh maith go ndearna Chris Rock seo ós comhair na réaltaí agus na móruaisle, agus ós comhair na milliún duine. Is daoine abaí muid - tá feith an ghrinn níos doimhne ionann uilig ná sin.
Gan iniúchadh a dhéanamh ar cad é a dúirt gach aoi, réalta agus uile ar na meáin shóisialta, chonaic mé teachtaireacht a d’fhág bean ghrinn ar Twitter: d’fiafraigh sise an mbeadh daoine den bharúil anois go dtig leo siúl aníos ón lucht féachana agus bos a bhuaileadh ar an lucht grinn muna n-aontaíonn siad leis an mhéid atáthar á rá - ní déarfainn é ach ní raibh mé den bharúil go bhféadfadh sé tarlú ag na hOscars le foireann slándála den chaighdeán is airde timpeall orthu ach an oiread. Tháinig sé aniar aduaidh ar gach duine, Will Smith fein ina measc, is dóigh liom.
Níl dabht ar bith i m’intinnse go raibh Will mícheart san mhéid a rinne sé.
Dá mbéinn i mo shuí istigh i mbeár agus duine a fheiceáil ag éirí amach óna chathaoir agus ag buaileadh bos ar fhear de bharr go raibh sé ag spóchadh as bean bhéinn ag iarraidh ar dhuine ón bheár scairt a chur ar na gardaí, láithreach. Ach níor cuireadh scairt ar na gardaí i Meiriceá. Níl Chris ag tógáil cáis.
Is é an rud is measa liom fá seo uilig nó go bhfuil daoine óga amuigh ansin a bhfuil meas agus urraim acu ar an réalta - agus níl mé ag rá nach bhfuil an t-ómós sin tuillte aige agus an dea-shaothar atá déanta aige thar na blianta - ach nuair a thóg sé a lámh le duine eile ní dea-shampla é a thuilleadh. Is mór an trua é sin. Is cinnte go bhfuil scoltacha agus ionaid a dtug an t-aoi cuairt air agus go bhfuil ard urraim ag na páistí sna scoltacha sin dó.
Sin ráite, dá mbeadh Will Smith le dul chun na cúirte, ceann de na scéaltaí a bheadh ag a lucht cosanta ná gur tógadh é i dteaghlach foréigneach - áit a mbíodh a athair ag bualadh a mháthar. Ní thugann sin ceart don réalta a lámh a thógáil le duine eile, ach tugann sé léargas éigin ar an scéal. Ina leabhar beathaisnéise, tugann Will le fios go mothaíonn sé ciontach de bharr nach ndearna sé go leor lena mháthair a chosaint agus a athair ag á bualadh. Deireann sé féin i rith agallaimh go raibh sé i gcónaí ag iarraidh daoine a chur ag gaire agus ardú meanman a thabhairt dóibh mar gheall gur fhoghlainn sé mar pháiste dá mbeadh aoibh an gháire ar a athair seans nach mbuailfeadh sé a mháthair.
Ghlac Will an deis lámh a thógáil le duine a bhí, dar leisean, ag déanamh a bheag dá bhean. Rinne sé í a chosaint. Is cinnte go bhfuil go leor agaibh amuigh ansin atá ag rá ‘an rud atá sa chú tá sé sa choileán’ ach ní dóigh liom gur sin atá i gceist sa chás seo.
Sílim gur eascair an gníomh sin as áit inteacht pianmhar - áit nach bhfuil cneasaithe go foill agus áit dhubh dhorcha a mbeidh go leor cuidithe de dhíth air leis an bhua a fháil air. Tá seans maith ann go raibh aghaidh Chris nimhneach ar feadh tamaill ach beidh Will ag fulaingt de bharr go ndearna sé an gníomh céanna agus a rinne a athair roimhe. Tá sin níos measa nó pian fhisicúil ar bith, is dócha go bhfuil sé ag turlaingt ina chodladh dá bharr. Sin nó go bhfuil léamh eile ar an scéal - gheobhaidh muid amach luath nó mall.