Aip nua chun comhrá Gaeilge a chothú ag teastáil go géar

Seosamh Ó Riain

Mórán mar an gcéanna le líon mór de lucht na Gaeilge nach cainteoirí dúchais iad, is é an easpa deiseanna cainte an rud is dúshlánaí agus is deacra déileáil leis agus tú ag iarraidh cur le do stór focal. Ní aon áibhéil dá laghad a rá i mo chás féin go bhféadfainn dul ó cheann ceann na bliana gan comhrá amháin ar fiú trácht air a bheith agam sa teanga. Dá thábhachtaí is dá thaitneamhaí is ea léamh agus éisteacht leis an raidió is sop in áit na scuaibe iad seachas a bheith ag ‎cadráil is ag caibidil.

Chuige sin, teastaíonn go géar aip nua a chuirfeadh ar chumas cainteoirí Gaeilge labhairt lena chéile ar líne agus, ar ndóigh, bualadh suas lena chéile ach a mbeidh bagairt an choróinvíris curtha dínn. Bíodh is ann do Facebook, Tandem is MyLanguageExchange (agus níos mó ná iad), ní shásaíonn siad riachtanais Gaeilgeoirí a chur i dteagmháil lena chéile. Is liosta le háireamh iad na grúpaí teanga ar Facebook, ach níl aon cheann ann thar a cheile a sheasann amach agus a dtéitear caol díreach chuige chun Gaeilge a labhairt. Le Tandem ní féidir teacht ar chainteoirí lasmuigh den phríomhchathair agus cé go bhfuil na roghanna níos leithne ar MyLanguageExchange, bíonn an chuid is mó de na Gaeil ann ag iarraidh Gaeilge a mhalartú ar theanga eile, léitheídí Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis agus araile.

Abraimis gur as baile beag thú nach bhfuil suite faoi scread asail de Ghaeltacht ná cathair agus go bhfuil tú ag iarriadh teacht ar dhaoine a bhfuil cumas is suim sa teanga acu. Céard a dhéanann tú? D’fhéadfá cluas le héisteacht a chur ort timpeall na háite nó fógra a chur suas sa siopa áitiúl ag iarraidh cainteoirí. Is beag seans, ámh, go dtiocfá ar dhaoine go héasca ná baol air. Anois, dá mba ann d’aip lena bhféadfá cur isteach ainm do bhaile nó do chontae nó a mhacasamhail thar lear agus go liostálfaí na cainteoirí sa cheantar máguaird, chuirfeadh sé daoine ag spalpadh na Gaeilge sul i bhfad. D’fhéadfaí baill den aip bheith rangaithe de réir a gcumais sa teanga agus a gcuid mianta eile maidir le ar mhaith leo teagmháil scríofa amháin a bheith acu nó an mbítear sásta caint thar Teams, Zoom nó Skype nó fiú bualadh suas lena chéile le dul i mbun comhrá.

Cé gur beag dul chun cinn atá déanta leis an Straitéis 20 Bliain, tá léas dóchais ann ag an am céanna. Ceadaíodh maoiniú os cionn €820,000 sa samhradh d’ionad Gaeilge nua i nGaillimh. Sa bhreis air sin, fógraíodh le ríghairid go bhfuil cead pleanála faighte ag Conradh na Gaeilge chun a gceannáras ar Shráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad Gaeilge don phríomhchathair. Níl aon amhras ach go rachaidh na hionaid go mór chun tairbhe na gcainteoirí sa dá chathair sin, ach céard faoi dhaoine timpeall na tíre nó an domhain ar spéis leo teacht i gcomhluadar cainteoirí eile? Is dóibh siúd agus, ar ndóigh, do chách a bheadh an aip nua seo thar a bheith áisiúil.

Is fada tagairtí déanta maidir le fadhbanna leis an uaigneas seo tír seo, go háirithe anois agus aon dianghlasáil amháin eile ar na bacáin. Amhail is gach rud eile, tá an cultúr againne ag síorathrú agus dá réir ár nósanna comhrá. Is tír inar bhfuil an-mheas ar chaint ach an deis a bheith ann tabhairt fúithi. Nárbh dheas agus thar am an dá rud a thabhairt le chéile trí aip nua: an Ghaeilge agus comhrá?  Beatha teanga í a labhairt mar a deir an sean-nath.

Close
Close