Ag Tógáil ionad aclaíochta sa Phalaistín

Ceithre bliana ó shin, bhog Ainle Ó Cairealláin anonn go dtí an Phalaistín le tamall a chaitheamh ag cuidiú le muintir na háite ansin. Agus ardú ag teacht ar an diaibéiteas agus ar an bhrú fola sa réigiún agus cionn is go raibh saineolas aige ar shláinte coirp, chinn sé ar ionad aclaíochta a thógáil.

Ó shin i leith, tá an t-ionad aclaíochta ag dul ó neart go neart, cé go bhfuil sé suite i lár champa dídeanaithe. Tá Aclaí Palestine mar chuid d’ionad Lajee, agus é suite in aice le naíonra agus ionad sláinte, tugann sé deis do mhuintir na háite sos a glacadh ón saol doiligh a bhíonn acu de ghnáth. Cé go ndéanann saighdiúirí Iosrael ionsaí ar an ionad go minic, coinníonn an fhoireann in Aclaí Palestine orthu ag obair go díograiseach chun spás sábháilte a chur ar fáil.

Labhair Meon Eile le hAinle ar Zoom agus phléigh muid tógáil an ionaid aclaíochta agus na rudaí is dúshlánaí a bhaineann le bheith i do chónaí thall sa Phalaistín. Phléigh muid an feachtas GoFundMe atá ar curtha ar bun acu chun airgead a bhailiú le seirbhísí a chur ar fáil do phaistí, do sheandaoine agus do dhaoine le fadhbanna sláinte, agus do ghnáthcheachtanna Aclaí chomh maith. Luaigh sé chomh maith an scéim samhraidh atá le tosú i mbliana, le go mbeidh daoine ó fud fad an domhain ábalta dul anonn le tréimhse a chaitheamh ag cuidiú agus ag tacú leo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil amach faoin scéim samhraidh agus áit a chur in áirithe anseo

Tá tuilleadh eolais faoi Aclaí Palestine le fáil anseo agus is féidir tacú le Aclaí Palestine agus airgead a dheonú don fheachtas GoFundMe anseo

Close
Close