Ciarán Dunbar
Tá mé ag cur spéis i nGaeilge na hAlban ó tugadh dialann dhátheangach domh is mé ar an mheánscoil, rud a thug orm suim a chur sa teanga seo atá chomh cosúil le mo chanúint féin.
Thapaigh mé leis an deis chun freastal ar dhianchúrsa Gaeilge na hAlban ar an Chaisleán Nua ar na mallaibh is bhain mé mo sháith tairbhe as.
Ba iad Joy Dunlop, as a' Choingheal, gar don Òban, agus Noeleen Ní Cholla, as Gaoth Dobhair, na múinteoirí – rinne siad beirt an-jab.
Chuaigh díograis Joy i bhfeidhm orm. Is léir a dílseacht don teanga agus a dóchas gur féidir í a shábháil - ba dheas a bheith spreagtha.
Tá aithne agam ar go leor daoine in Albain a bhfuil a gcuid dóchais chóir a bheith caillte acu anois – brú an chatha go trom orthu.
Feicimse Gaeil na hAlban ag troid eatarthu féin ar na meáin shóisialta ar ábhair nach bhfuil mórán suntais leis, dar liom, agus i mBéarla de ghnáth.
Bíonn cuid mhaith de na hargóintí seo bunaithe ar mhothúcháin, ar fhéiniúlacht agus ar an chiall atá le focail.
Ach ná ligimis orainn go bhfuil sinne in Éirinn saor ón ghalar céanna. Is minic a thiontaíonn daoine in aghaidh a chéile agus cúis ag dul in olcais.
Ach, ar scor ar bith, is fiú go mór spéis a chur i saol na Gaeilge in Albain.
Is cosúil le saol scátháin as ficsean eolaíochta é, gach rud mar an gcéanna, ach beagáinín difriúil ag am céanna.
Feiceann muid i nGaeil na hAlban na laigeachtaí nach bhfuil muid sásta a aithint ionainn féin.
Is féidir linn amharc go fuarchúiseach ar an Ghaeilge dhúchasach ag fáil bháis in Albain - glacann muid leis gurb amhlaidh an scéal - ach in Éirinn is féidir leis an intinn an fhíric sin a cheilt orainn.
Creideann cuid daoine gur canúintí de theanga amháin atá sna ‘Gaeilgí’ ar fad, maíonn daoine eile nach dtuigeann siad focal den teanga eile, agus bíonn Albanaigh cosantach go leor ó thaobh an ‘Phan-Ghaelachais’ de.
Rud atá cinnte, is cuid de chontanam teangacha iad Gaeilge na hÉireann agus na hAlban, cé go bhfuil na bearnaí níos mó ná mar a bhíodh.
In amanna, ní thuigeann muid focal ach baintear geit asainn nuair a mhínítear an rud a dúradh agus bíonn sé deacair dúinn a thuiscint cén fáth nár thuig muid é sa chéad dul síos.
Chan ionann sin is a rá nach bhfuil difríochtaí suntasacha ann – tá, agus níos mó ná mar a ligeann an focal scríofa air.
Cuir i gcás, ní minic a bhíonn Albanach ag labhairt le daoine, bíonn siad ag 'bruidhinn' (bruíon)le daoine i gcónaí.
Ach, don té a bhfuil tuiscint mhaith aige ar fhoclóir na Gaeilge – is é sin ar féidir leis an Ghaeilge a thuiscint gan aistriú go Béarla agus a thuigeann an réimse dúchasach céille – is fíorbheagán ‘cara bréige’ atá ann eatarthu i ndáiríre, d’ainneoin an méid a mhaítear.
Teanga amháin? Bíodh do thuairim agat ach ní fiú a bheith ag titim amach mar gheall air – níl ann sna focail ‘teanga’ agus ‘canúint’ ach lipéid.
Ach fiú más féidir í a thuiscint – níl sé furasta Gaeilge a labhairt le hAlbanach – cén dóigh cumarsáid a dhéanamh mar sin?
Is é an rogha is simplí an rogha choitianta – agus an ceann is ciallmhaire ó thaobh cumarsáide de – Béarla a labhairt.
Is é an dara rogha ná ár gcuid Gaeilge féin a labhairt go mall is cúramach, ag súil leis gur féidir leis sin cumarsáid éigin a dhéanamh – agus éiríonn leis an chur chuige sin go pointe.
Is féidir, más duine léannta thú agus más duine léannta do chara, dul i muinín na teanga coitianta clasaicí atá caillte – cabhróidh Gaeilge an Chéitinnigh go mór leat anseo.
An fhadhb atá ann leis an Chéitinneach agus a leithéid, má chaitheann tú barraíocht ama leo, tosnaíonn tú a thuiscint gur leaganacha lochtacha canúintí an lae inniu, cuma in Albain nó in Éirinn iad.
Aisteach go leor, tá an saibhreas cainte agus canúna againn sa dá thír mar gheall ar mheath na Gaeilge - dá mba rud é nár briseadh na Gaeil, is dócha, ar nós na hIodáile agus an Domhain Arabaigh, go mbeadh muid ag foghlaim trí mheán na teanga clasaicí agus go mbeadh ‘An Là’ ar an BBC agus Nuacht TG4 sa teanga chéanna.
Is féidir an 400 focal nó mar sin de atá de dhíth chun Gaeilge na hAlban a thuiscint a fhoghlaim chun an comhluadar a éascú – má dhéanann an tAlbanach amhlaidh, ba mhór an chabhair é.
Is féidir spéis a chur sna canúintí marbha nó leath-mharbh a bhíodh mar dhroichead tuisceana idir Albain is Éire tráth – de réir mo thaithí féin tuigfidh muintir Earra Ghael Gaeilge Aontroma go furasta.
Ach is beag fiúntas praiticiúil le Gaeilge Aontroma agus Aráinn/Chinn Tíre seachas sin – tá na seanchanúintí sin marbh.
Is féidir toiseacht as an nua agus Gaeilge na hAlban a fhoghlaim ó thús mar a bheadh teanga iomlán nua ann ach tá sé fíor-dheacair teanga atá iontach cosúil le do theanga féin a fhoghlaim go maith – go háirithe nuair is mionteanga mhionlaithe atá i gceist.
Ní bhíonn fios ag duine cén focal nach bhfuil ag an duine eile agus cuireann sé sin mearbhall ar gach duine.
Réiteach eile ar an scéal ná cineál 'Eadar-Ghaelg' a labhairt – leagan neodrach comónta a thoisigh mé féin a chur i dtoll a chéile – ach sin saothar saoithín agus is beag dul chun cinn atá déanta agam ceal ama.
Seans gurb é an fíor-réiteach ar an scéal ná comhcheangal de na roghanna sin thuas a úsáid.
Ní féidir liom a shéanadh, áfach, cé gur buntáiste ollmhór é Gaeilge na hÉireann a bheith agat chun Gaeilge na hAlban a fhoghlaim – tá 70% den teanga agat cheana – is beag Éireannach a bhaineann líofacht nó fileatas iomlán amach inti.
Is minic a bhíonn an chomhchosúlacht ina míbhuntáiste.
Ach b’fhiú é. Tá litríocht láidir acu in Albain ar fiú stró a chur ort lena léamh – tír álainn agus daoine áille chomh maith.
Is ionann Gaeilge na hAlban a fhoghlaim is do shaol Gaelach a dhéanamh i bhfad níos mó, agus i bhfad níos Gaelaí.
Dála an scéil, beidh 'Scottish Gaeilge' ar Duolingo go luath – cuirimis spéis inti.