A Thig, ná Tit Orainn

Ciarán Ó Pronntaigh

Deirtear nach féidir le daoine ó thuaidh comhaontú ar a dhath. Ón mhéid a chonaic mé Dé hAoine seo a chuaigh thart, is léir nach bhfuil sin fíor. Bhuail na Baill Tionóil uilig le chéile, na cinn thofa ar an ghnáthdhóigh agus an ceann a fuair a suíochán le seal eile in Westminster a thabhairt do Jeffrey Donaldson, san áireamh.

Ba é an DUP a bhí sna cathaoireacha dána ar an lá, mar is gnáth na laethanta seo, ach chomhaontaigh na páirtithe eile ar an bhealach chun tosaigh. Bhí ainmneacha ann don Cheann Comhairle, mar shampla, agus sraith vótaí. Ar an drochuair, ní raibh Patsy McGlone in ann ach 62 vóta as 90 a mhealladh dá chúis, vóta níos airde ná mar a fuair Mike Nesbitt. Tuigimid faoin am seo nach ligfeadh na rialacha a tugadh isteach le mionlaigh a chosaint don vóta seo seasamh gan móramh ar an taobh Aontachtach agus d’fhógair an DUP go luath sa lá go mbeadh siad ina éadan. Nach íorónta an lipéad acu!

Ach amharcaimis ar na figiúirí seo arís. Tá níos mó ná dhá dtrian de na baill sásta suí síos agus obair as lámh a chéile le fadhbanna suntasacha maidir le costas maireachtála, an córas sláinte, oideachas agus go leor eile a réiteach. Is é an DUP atá ag cur stop leis an chomhaontú sin – agus gan iad a bheith cinnte cad é a shásódh iad ó thaobh an Phrótacail de nó cén dóigh go cinnte a mbainfeadh siad sin amach. Is muidne an mhír mhargántaíochta atá acu agus iad ag iarraidh brú a chur ar Rialtas na Breataine.

Sé bliana i ndiaidh an vóta, tá greim ag scáil dhorcha an Bhreatimeachta ar pholaitíocht na háite seo go fóill agus tá na hiarmhairtí ag sileadh séarachais isteach sa chóras. Ach cad é a thig linn a dhéanamh? Ceann de na fadhbanna a bhaineann leis an Phrótacal go mbíonn sé doiligh an coincheap a mhíniú ar dhóigh atá ag dul a bheith úsáideach sa chomhphlé. Sin ráite, déanfaidh mé iarracht.

Abair go bhfuil teach agat agus go bhfuil tú ag iarraidh giota beag athchóirithe a dhéanamh. Seans go leagfaidh tú balla le síniú a dhéanamh nó le fuinneog mhór a chur isteach. Níl mórán céille agam don fhoirgníocht ach tuigim go maith nach féidir leat leanúint leat ag leagan na mballaí gan rud nua a chur isteach ina áit. Agus sin, ar bhealach, an fhadhb. Tá an DUP ag iarraidh go seasfadh an díon gan bhallaí agus mura bhfaigheann siad a ndóigh, beidh siad ag puthaíl agus ag puthaíl...

Anois, níl páirtí ar bith ag iarraidh go mbeadh teorainn sa bhreis i gcúrsaí trádála ach tá tuiscint ag an chuid is mó againn go mbeidh seiceálacha de chineál éigin de dhíth. Is é an cur chuige a mholann na páirtithe eile, mar aon leis an rialtas ó dheas agus Rialtas Biden, gur chóir tús áite a thabhairt don chaint leis an Aontas Eorpach leis an Phrótacal a leigheas.

Tá an Príomh-Aire, Boris Johnson, le teacht go Béal Feirste Dé Luain le haghaidh cainteanna leis na páirtithe. Beidh sé spéisiúil an labhróidh sé ar son an mhóraimh anseo agus comhairle chéillí a chur ar an DUP nó an mbainfidh sé leas as an chuairt lena chlár fhanaiceach féin a bhrú chun cinn. De ghnáth, nuair a thagann polaiteoirí anseo le hidirbheartaíocht a dhéanamh, bíonn iontaoibh ag gach taobh as. Ar an drochuair, in am na práinne, tá príomh-aire againn nach bhfuil muinín ag duine ar bith as. Ar a laghad, tá sin cothrom go leor ar gach taobh ach is doiligh a fheiceáil go mbeidh sé in inmhe mórán fiúntais a dhéanamh.

Fiú ag an phointe seo, níl sé soiléir an bhfuil Johnson ag iarraidh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Liz Truss, a leanúint agus an Kango a oibriú ar an Phrótacal, nó an leanfaidh sé comhairle an Aire Airgeadais, Rishi Sunak, agus cur chuige níos réasúnta a ghlacadh. Ní féidir leis an dáshraith a fhreastal, áfach, agus beidh impleachtaí ann cibé rogha a ghlacfaidh sé. Cén sórt comhartha a bheas ann do na páirtithe eile má thosaíonn sé cogadh trádála le heite dheis na nAontachtaithe a shásamh? Nó an nglacfaidh an DUP lena fhocal má deir sé go ndéanfaidh sé beart lá is faide anonn? Is soiléir nach iad na sé chontae an gad is giorra do Johnson ach is measa arís é má táimid uilig le bheith in úsáid aige i gcluiche mór taobh istigh de na Tóraithe agus é ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an Aontas Eorpach. Ar a laghad, sin mar a mhothaíonn sé dá lán againn.

Close
Close