A Arlene, a chara...

Concubhar Ó Liatháin

A Arlene, a chara, caithfimid labhairt le chéile. 

An tseachtain seo caite chuir tú an cat i measc na gcolúr agus é á mhaíomh agat go bhféadfaí baint de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tú ag iarraidh do sheasamh ar son Brexit a chosaint.

Murab ionann agus an Breatimeacht, fuair Comhaontú Aoine an Chéasta tacaíocht ón mhóramh sa Tuaisceart nuair a cuireadh os comhair an phobail é i reifreann.

Is ait nach dtuigeann tú, ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, go bhfuil sibhse anois ag seasamh ar son mionlaigh agus gur féidir nach luíonn do cheistiú faoin gComhaontú a fuair mandáid sna Sé Chontae go compórdach leis an dtacaíocht iomlán a thugann tú do Brexit, nach bhfuair mandáid sna Sé Chontae.

Is iomaí rud a bhaineann leis an DUP agus an Tuaisceart a bheadh deacair a mhíniú, agus sin ceann eile acu.

Deir tú, a Arlene, go bhfuil do pháirtí “ar son an Aontais” - Aontas na Breataine agus Thuaisceart Éireann seachas an tAontas Eorpach - agus gur mhaith leat nach mbeadh aon difear idir an Tuaisceart agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe.

Ach tá a fhios againn go bhfuil eisceachtaí ón riail seo.

Níor mhaith leis an DUP go mbeadh saoirse ag duine aerach a chéile a phósadh sa Tuaisceart, fiú is gur ceart é seo sa Bhreatain.

Ní aontaíonn an DUP gur cheart go mbeadh cead ag mná cinneadh a dhéanamh deireadh a chur le toircheas sna Sé Chontae ach tá seo ceadaithe sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. 

Ar ndóigh, tuigimid nach bhfuil an DUP sásta go mbeadh reachtaíocht ann chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge ó thuaidh, fiú go bhfuil Acht Breatnaise ann sa Bhreatain Bheag agus Acht don Ghàidhlig in Albain.

Tá an fiosrúchán faoin tionscnamh teasa in-athnuaite - RHI - ag tabhairt go leor chun solais le tamall.

Ceann de na fíricí atá nochta go raibh cur chuige éagsúil sa Bhreatain maidir le spreagadh a thabhairt do dhaoine córas teasa in-athnuaite a úsáid seachas mar a cuireadh i bhfeidhm sna Sé Chontae.

Sa Bhreatain, bhí táillí éagsúla ar scála laghdaitheach ar fáil chun an breosla seo, na millíní adhmaid, a dhó.

Ciallaíonn sé sin nach mbeidh an bille uafásach le híoc ag na húdaráis thall is atá i ndán don Fheidhmeannas ag Stormont, mar ó thuaidh bhí an táille céanna le híoc as gach millín is ní raibh teorainn leis an méid a d'fhéadfaí a íoc le duine ar bith.  

Dá mb'amhlaidh gur chreid do pháirtí, an DUP, agus tú féin, a Arlene, an oiread san sa chothromas ar fud an Aontais, nár cheart gurb í an chéad chéist a chuirfeá ar na comhairleoirí - iad san a fostaíodh chun saineolas a chur ar fáil don Fheidhmeannas faoin ábhar seo - “cad é an córas atá i bhfeidhm sa Bhreatain is cuirtear sin i bhfeidhm anseo?”

Neosfaidh fiosrúchán Patrick Coghlin a thuilleadh faoi scéim RHI is conas a d'oibrigh sé lá níos faide anonn ach nach n-aontaíonn tú gur ceist í sin a bheadh ar bharr an liosta ag fíor-aontachtóir?

Tá na ceisteanna seo faoi do sheasamh ar na conspóidí éagsúla spéisiúil astu féin ach tá macallaí ag baint leo i gcomhthéacs an chomórtha atá á dhéanamh tráth an ama seo ar bhuaicphointe i stair Ghluaiseacht Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann ar shlógadh ar son cearta cothroma do Chaitilicigh na Sé Contae is a bhí ar fáil do shaoránaigh sa Bhreatain.

An rud is mó atá á éileamh ag an líon is mó daoine sna Sé Chontae faoi láthair arís eile ná go mbeadh na cearta céanna acu sa chuid seo den Riocht Aontaithe is atá sna codanna eile.

Ritheann sé linn gur féidir leat a bheith ar son cothromas idir na codanna éagsúla ar bhonn rialacha a bhaineann le trádáil - ach nach bhfuil cothromas inghlactha nuair atáthar ag caint ar dhaoine.  

Rud eile de, fiú má tá creideamh agat a deir nach ceadmhach, mar shampla, pósadh idir daoine den inscne chéanna agus nach bailí os comhair Dé ach pósadh idir fear agus bean, má chrosann do chreideamh a mhianta ar dhaoine nach gcreideann amhlaidh, ní hiad na daoine a chuireann ina aghaidh sin atá gann ar spiorad na caoinfhulaingthe.

Is tusa ba cheart a bheith ag scrudú do choinsiais.

Tuigim go maith nach dtaitneoidh sé leat go mbeinnse, cainteoir Gaeilge ó Chontae Chorcaí, ag caint leat mar seo.

B'fhéidir go dtuigfeá lá éigin.

Mura dtuigeann tú, bí ar an airdeal mar, má chreideann tú nár cheart an crogall a chothú nuair a thagann sé faoi do dhéin ag lorg ceart is cothromas, ní hamhlaidh go mbeidh sé sásta a bheith ocrach i gcónaí.

Tá an chaint faoi reifreann faoin teorainn agus athaontú na hÉireann anois ag éirí níos glórthaí ar na haerthonnta agus sna nuachtáin agus níl sé i bhfolach níos mó sna cúinní dorcha ná na cúlsráideanna.

Ní thostfar é anois gan gníomh mór uaitse le léiriú go n-aontaíonn tú le cothromas agus ceartas.

Glac uaimse é, ní bheidh tú ábalta éalú ón gcinniúint sin le damhsa amscaí ar ardán mar a rinne Theresa May ag comhdháil na dTóraithe.

Beidh ort a bheith níos gasta ar do chosa ná ise.

Close
Close