8 rud a d’fhoghlaim mé go tapa mar mháthair chúpla

Louise Smith

Thug muid na cailíní chun an bhaile linn ag tús na hathbhliana agus póit an tséasúir go fóill ar dhaoine lasmuigh dár mbolgán aoibhnis.

Cuar gear foghlama a bhí ann dúinn ón tús ach sheas ocht rud amach domh le linn na laethanta luatha sin leis na cailíní.

Freagracht

Nuair a chuir m’fhear céile na cailíní sa charr lasmuigh den ospidéal, bhí clann bheag s’againne dúbailte agus bhí muid beirt go hiomlán freagrach as beirt iomlán nua.

B’amaideach a neirbhísí a bhí mé i suíochán an phaisinéara.

Ní raibh ach cúpla míle idir an t-ospidéal agus an teach s’againne ach cheapfá go raibh muid ag tiomáint ar imeall na haille, chomh muirneach agus a bhí ár lasta an oíche sin.

San ospidéal, bhí mé i mo mháthair mhuiníneach, ach ar ais sa teach ní raibh agam ach ceisteanna ag an tús.

Cé go raibh gach rud ullmhaithe againn, mhothaigh mé uaim an brat cumhdaigh a bhí tharainn sa bharda máithreachais.

An mbeinn ábalta iad a chothú go fóill?

An mbeidís compórdach le chéile sa chliabhan caolaigh?

An mbeinn ábalta na cailíní a cheansú dá mbeidís ag caoineadh?

I gceann uaire nó mar sin áfach, bhí muid socraithe isteach, bhí an bheirt ar an bhrollach agam agus mé sásta go leor arís go mbeimis in ann cúram ceart a thabhairt don chúpla.

Faoi léigear

Deir cara liom go mbeinn faoi léigear sa teach ag na páistí ag an tús.

Bhí an ceart aici, ach níos mó ná sin bhí mé faoi léigear ar an tolg.

Níor thug na daoine beaga bídeacha cead domh imeacht uathu ar feadh bomaite gan a bheith ag gol agus b’éacht mór é dul chuig a leithreas fiú amháin gan trácht ar chith a bheith agam!

D’fhoghlaim mé go tapa nach bhfuil leigheas ar fhiabhras cábáin ach éalú, is cuma cé mhéad sraith teilifíse nó scannán atá ar fáil duit, ach idir an sneachta agus an slaghdán bhí an tríúr againn gafa sa teach ar feadh míosa, beagnach.

De réir mar a bhí mé ag éirí corrthónach sa teach, bhí an t-imní ag méadú go mbeadh sé iontach deacair an teach a fhágáil.

Is mór an faoiseamh a bhí orm mar sin nuair a thug mo dheirfiúr cuireadh chuig teach s’aici fá choinne béile.

Bheadh orm dul i ngleic leis an phram dúbailte agus na suíocháin chairr faoi dheireadh thiar!

Ar éileamh

In áit bainne a thabhairt don leanbh gach trí nó ceithre huaire, deir na saineolaithe anois gur chóir do thuismitheoirí an páiste a chothú “ar éileamh”.

I gcás ocras na gcailíní s’againne, is cinnte gurb é “éileamh” an focal ceart!

Ag amharc siar ar na grianghraif, ní chreidim cé chomh beag agus a bhí siad.

Ní aon ionadh go raibh siad ag lorg bainne an t-am ar fad.

Bhí an bheirt acu faoi sé phunt meáchain agus muna raibh siad ina gcodladh bhí siad ag diúl.

Bhreac mé síos nótaí faoi na hamanna a raibh mé ag tabhairt na cíche dóibh sa chéad seachtain.

In amanna bheadh cailín amháin ag cothú ar feadh uaire, agus ansin an duine eile ar feadh 40 bomaite agus ar ais arís mar sin lá agus oíche.

Is maith an rud é go raibh mé in ann an bheirt a chothú ag aon am amháin nó ní bheadh sos ar bith agam.

Cé acu atá agat ansin?

In ainneoin gur chaith mé féin agus m’fhear céile go leor ama agus machnaimh ar ainmneacha na leanaí agus mé ag súil, is minic nár bhac muid leo agus muid ag déanamh tagartha do na cailíní ar mhaithe le rudaí a fháil déanta chomh tapa agus is féidir.

“Tóg í agus athróidh mé a clúidín,” nó, “tá sí ag múscailt, tabhair dom í.”

Cé nach cúpla comhionann iad ár n-iníonacha, tá siad iontach cosúil lena chéile.

Le bheith cinnte nach dtiocfadh marbhall orainn, chuir mé vearnais bhándearg ar ionga amháin coise de chuid duine acu.

Tuigim go léiríonn cailíní suim i gcúram áilleachta ag aois níos óige sna laethanta seo ach níor cheap mé go mbeinn ag cur vearnais orthu chomh luath sin!

Iltascáil

Is iomaí rud is féidir a dhéanamh nuair nach bhfuil ach lámh amháin saor agat.

D’fhoghlaim mé sin go tapa.

Nuair nach raibh na páistí ag cothú cíche, bhíodh siad ina gcodladh ar an chúisín mór cothaithe a bhíodh thart orm agus mé ar an tolg.

Bhíodh drogall orm bogadh ar eagla go músclóinn duine acu ach amháin nuair a bhí a gcuid clúidíní le hathrú.

D’éirigh mé iontach gasta ag ithe nuair a bhí deis agam, go minic le lámh amháin agus bhí an t-ádh dearg orm gur cocaire maith é m’fhear céile a bhí sásta bia agus uisce a thabhairt don éan cáis nuair a bhí sé ar ais ón obair.

Agus mé ag cothú na leanaí, bheinn leath i mo chodladh agus leath ag amharc ar shraith éigin ar an teilifís.

Ba é an rud is deicre faoin am sin ná an chiontacht a mhothaigh mé dá mbeinn ag fágáil na gcailíní ar feadh cúpla bomaite chun deoch a fháil domh féin nó rud éigin.

Ba mhaith na scairteacha a bhí acu lena gcuid míshástachta a léiriú go soiléir!

Daoine

Chuidigh cineáltas agus fláithiúlacht daoine go mór linn.

Tháinig daoine lá i ndiaidh lae ar feadh seachtainí le gúnaí gleoite, naíbhearta deasa, blaincéid bhán-dearga, gach uile rud i bpéirí beaga.

Ba deacair spás a aimsiú d’achan rud nó an t-am a fháil lena oscailt in amanna.

Nádúrtha go maith, bíonn spéis ag daoine leanbh nua a fheiceáil agus is dóiche go méadaíonn an spéis nuair a thagann beirt bheag nua ar an saol le chéile.

Rith sé liom go minic go bhfuil sé greannmhar nach dtagann an oiread sin daoine chuig do theach ag am ar bith eile, go háirithe gan réamhfhógra.

Ach nuair nach mbíonn deis agat do chuid éadaí a chur ort gan trácht ar an teach a ghlanadh, nuair a bhíonn an chuma is tuirsí trína chéile ort agus a bhí ariamh, díreach ansin tagann na sluaite.

Ach ba chuma liom faoi na rudaí sin, bhí fáilte mhór roimh an tacaíocht ar fad.

Dá mbeadh duine eile ann chun leanbh amháin nó an bheirt a thógáil ar feadh píosa, is mór an cuidiú é.

Díth chodlata

Is cuimhin liom a rá le cuairteoir amháin le háthas go raibh cóir a bheith trí uair an chloig codlata agam san iomlán an oíche roimhe amhail is gur oíche mhaith í sin ag an am.

Ag an tús, mhothaigh mé gur leor sin.

Bhí an bheirt ghleoite seo chun mé a choinneáil sásta, ní bheadh codladh de dhith, an mbeadh?

Le beirt a chothú, brúcht a bhaint astu beirt agus iad a shocrú síos arís, gach uair go leith nó mar sin, ní raibh mórán ama fágtha don chodladh.

Is cuimhin liom go mbeadh drogall orm dul thuas staighre ag deireadh an lae mar gheall ar an fhrustrachas a mhothaigh mé gan a bheith ábalta néal codalta a fháil sa leaba.

Ba leis na cailíní an seomra leapa ón chéad lá ar aghaidh.

I gcionn cúpla seachtaine, thuig na cailíní an difear idir lá agus oíche agus chodail siad rud beag níos faide – ceithre uair i ndiaidh a chéile sna hoícheanta maithe.

Dá mbeadh ceithre lámh agam

Ach an rud is suntasaí a d’fhoghlam mé sa chéad mhí mar mháthair chúpla ná go mbeinn i gcónaí ag iarraidh péire breise lámh a bheith agam.

Ní hé leis an teach a ghlanadh ná le greim bia a dhéanamh domh féin agus a ithe le scian agus forc, cé go mbeadh sé sin go deas fosta.

An rud a ba bhreá liom a dhéanamh ná baróg cheart a thabhairt don bheirt acu ag aon am amháin in áit duine acu a bheith ag fanacht.

Cé gur féidir iad a iompar ag aon am amháin i mo bhaclainn agam, caithfidh mé mo chuid airde a roinnt idir eatarthu an t-am ar fad.

Ina ainneoin sin, faighim go leor leor sástachta ag amharc ar na cailíní ag déanamh cumarsáide lena chéile.

Mar a dúirt máthair chúpla eile liom, is pribhléid mhór í a bheith in ann an caidreamh agus an cairdeas eatarthu a fheiceáil agus iad ag fás agus ag forbairt le chéile.

Close
Close