Le Storm Eaton-Kilgallen
Ó 2020 i leith, maraíodh 30 bean go foréigneach ó thuaidh. Is iníonacha, aintíní, cairde, máithreacha agus eile iad na mná seo.
Sa chuid is mó de na cásanna, bhí aithne ag na mná seo ar na fir a mharaigh iad roimh ré. In 21 cás ar a laghad, maraíodh na mná seo ina dtithe féin.
Amharcaimis ar chás Amy Doherty, máthair 28 bliain d’aois as Doire, a fuair bás an tseachtain seo caite tar éis dóibh í a aimsiú gortaithe go dona ina teach. Agus Natalie McNally, bean 32 bliain d’aois a maraíodh ina teach féin ar an Lorgain in 2022 a bhí 15 seachtaine torrach ag an am.
Léiríonn na cásanna seo géarchéim i bhfad níos leithne sna sé chontae ó thaobh an an bhanmharaithe de.
Agus fós féin, in áit aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo go díreach, tá cuid de na guthanna is airde sa díospóireacht phoiblí ag díriú ar rud eile ar fad. Le linn na seachtaine, chualathas Jim Allister de chuid an TUV ar chlár raidió ag maíomh go bhfuil bagairt nua roimh mhná agus gur gá dúinn rud a dhéanamh chun iad a chosaint ón mbagairt seo.
An féidir leat tomhas a dhéanamh cad é an ‘bhagairt’ seo?
An mbaineann sé le laghdú géar ar líon na gciontuithe i gcásanna éignithe? B’fhéidir go mbaineann sé le stalcaireacht, nó leis an neamhchothroime pá. Cad faoin bhfuath ban forleathan ar líne?
Más rud é gur smaoinigh tú ar ‘fir ag ligean orthu gur mná trasinscneacha iad' chun rochtain a fháil ar spásanna do mhná – bheadh an ceart agat.
Dar le Jim Allister, tá an cheist seo ceangailte le difríochtaí dlí idir an RA agus an AE i ndiaidh an Bhreatimeachta. Mar gheall air seo, dar leis, is féidir le fir ligean orthu gur mná trasinscneacha iad chun rochtain a fháil ar spásanna aon inscne chun mná a éigniú.
Ach, mar atá ráite agam cheana féin, sa chuid is mó de na cásanna a bhaineann le banmhárú, bhí aithne ag na mná ar na fir a mharaigh iad roimh ré. Ní hamháin sin, i bhformhór na gcásanna, maraíodh iad ina dtithe féin. Sa lá atá inniu ann, ní gá d’fhir ligean orthu gur mná iad chun rochtain a fháil ar na spásanna seo – déanann siad ina dtithe féin é cibé.
Dar ndóigh, níl aon fhianaise ann a thacaíonn leis an eagla sin cibé.
Is ionann an pobal trasinscneach agus níos lú ná 1% den daonra sa RA. Ní raibh mé in ann fiú staitisticí a fháil faoi chásanna ina bhfuil fir ag dul isteach i spásanna do mhná amháin ag ligean orthu gur mná trasinscneacha iad. Ó dheas, áit a bhfuil féin-aithint dleathach ó 2015, ní raibh aon drochthionchar suntasach le sonrú fiú.
Mar a tharlaíonn sé, tá seans i bhfad níos mó ann go mbeadh daoine trasinscneacha ina n‑íospartaigh ionsaí gnéasaigh ná mar a bheadh siad ina gciontóirí.
Agus cad a dhéanann Jim Allister agus an TUV?
Bhuel, is dócha nár cheart go mbeadh iontas ar dhuine ar bith faoin ráiteas seo. Níl orainn ach ár súile a chaitheamh ar an sampla is déanaí den mheon atá acu i leith na mban ag comhdháil an TUV an tseachtain seo caite.
Bhí pinn á dhíol ag an TUV ann leis an teachtaireacht: “Take a step back, you’re OK. Breathe.”
Tagairt a bhí ann d’eachtra ina ndúirt MLA ón bpáirtí céanna, Timothy Gaston, an líne sin le polaiteoir eile, Paula Bradshaw, le linn díospóireacht teasaí i gCnoc an Anfa.
Céard atá i gceist anseo? Ní gá dul i bhfad leis an anailís is dócha.
Seo an cineál ‘micrea-ionsaí’ a labhraíonn mná faoi – an cineál teanga a dhéanann beag is fiú de mhná, a dhéanann iad a mhaolú, a chur ina dtost, agus a léiríonn easpa measa orthu go ginearálta. Agus ní hamháin sin — rinneadh magadh as an eachtra sin trí na pinn seo a dhíol.
Dúirt ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta, Naomi Long, gur iompar “nasty, childish and petulant” a bhí ann, agus bheadh sé deacair do dhuine ar bith easaontú léi.
Ar lámh amháin, tá páirtí ag maíomh go bhfuil siad ag iarraidh mná “a chosaint”. Ach feictear dom go bhfuil siad fós ag glacadh páirt i gcultúr a dhéanann beag is fiú de mhná go poiblí ag an leibhéal is airde.
Agus idir an dá linn, tá an fhíorfhadhb fós ann — agus ag dul in olcas.
An tseachtain seo caite, chuala muid Príomh-Chonstábla an PSNI Jon Boutcher ag teacht amach le rá go bhfuil imní mhór ann faoi acmhainní agus cumas na bpóilíní dul i ngleic leis an bhfuath ban.
Dúirt an Rúnaí Stáit Hilary Benn gurb é tuaisceart na hÉireann an áit is contúirtí sa RA le bheith i do bhean. Caithfear an cheist a chur: cén fáth nach bhfuil an díospóireacht phoiblí dírithe air sin? Mar atá sé anois, táimid ag déileáil leis na hiarmhairtí – ní leis na cúiseanna.
Ní leor níos mó póilíní ná pionóis níos déine amháin. Tá gá le cur chuige níos leithne: oideachas, athrú cultúrtha, agus eile.
Caithfear aghaidh a thabhairt ar an meon a ligeann don fhoréigean seo tarlú — an meon a dhéanann beag is fiú de mhná, a chuireann ina dtost iad, a ligeann don mhí-úsáid dul ar aghaidh gan dúshlán, agus a ligeann do 30 bean a bheith maraithe go foréigneach le sé bliana anuas.
Ach, dar liom, fad is atá polaiteoirí ag tarraingt aird ar bhagairtí nach bhfuil bunaithe ar aon fhianaise, tá siad ag seachaint na fírinne. Ní hamháin sin, i sochaí ina bhfuil an fuath ban ag dul in olcas – ní eiseamláirí iad a leithéid de Jim Allister agus Timothy Gaston d’fhir agus buachaillí óga. Is iad siúd a spreagann an cultúr seo ag an leibhéal is airde.
Mar fhocal scoir do Jim Allister agus an TUV – ní mná trasinscneacha a chuireann mná i mbaol.
Is í an fhadhb ná an fuath ban agus an cultúr atá á chothú againn sa tír seo. Agus go dtí go mbeidh an misneach againn aghaidh a thabhairt air sin i gceart, leanfaidh an patrún céanna ar aghaidh.



