2012 AD, Odaisé Bhéal Feirste

Halla na Cathrach, Nollaig
Halla na Cathrach, Nollaig

Dónall Mac Giolla Chóill

Cúpla seachtain roimh Nollaig. An Satharn, roimh am lóin. Lár na Cathrach i mBéal Feirste agus gan mórán le scór duine ag siúl suas síos Plás Dhún na nGall.

Dúradh gur seo ceann de na laethanta is gnóthaí i saol tomhaltóireachta na cathrach, ach taobh amuigh den chúpla dosaen siopadóir agus na múrtha poilíní ina gcuid jípeanna armtha, agus an scríbhneoir seo, is beag gnó a rinne lucht siopaí faoi chroí Bhéal Feirste.

Ach amháin gur cheannaigh triúr poilín McBricfeasta ó bhialann Mhic Dhomhnaill agus gur cheannaigh mise nuachtán.

Bhí beirt eile ar an tsráid seo ag an am céanna, ón Áis ó dhúchas dóibh, agus eisean ag seinim ar ghiotar, eise ag buaileadh poirt diaga ó mhéarchlár sóghluaiste taobh amuigh d’Eason’s.

Ní raibh siad ag fáil mórán d’éisteacht agus iad ag cannadh iomann ag moladh ghlóir Dé agus Íosa, ach amhail an bhuíon ar bhord an Titanic, bhuail siad leo.

Níl a fhios agam ar thuig siad go raibh mór imeachtaí ag titim amach sa chathair, agus ar chuma leo ar aon nós.

Bhí atmaisféar taibhseach fá lár an bhaile an Satharn seo caite, agus le cúpla deireadh seachtaine anuas ó rinneadh an cinneadh Bratach an Aontais a bhaint anuas ó Halla na Cathrach, agus gur tosaíodh na léirsithe seo uile leis an bhratach a chur ar ais in airde.

Mhothófa, dá mbeifeá ann, roimh léirsiú go raibh mothúchán láidir ann go raibh mór-imeacht nó tubaiste ar na gaobhair.

Shamhlaigh mé féin scannán uafais ar nós ceann a bhaineann le deireadh an tsaoil nó ionsaí niúcléach agus na sráideanna bánaithe.

Faighim, dála an scéal, an mothúchán céanna gnáth-mhaidin Domhnaigh i lár Bhéal Feirste roimh oscailt na siopaí, cosúil le radharc as 28 Days Later.

Anois tá an Nollaig ag teacht agus gan ach dornán de laethanta fágtha leis an tsiopadóireacht uilig a dhéanamh.

Bímse i gcónaí ag deireadh agus mé ag déanamh aon siopadóireachta a bhíonn orm a dhéanamh, de ghnáth tráthnóna Oíche Nollag.

Anois ná labhair liom faoi chártaí Nollag.

Tá cinn agam ó 2005 nár cuireadh sa phost go fóill, cé go bhfuil seoltaí ar chuid acu, agus a luaithe is atá siad sin socrúithe agam, tabhairfidh mé aghaidh ar riaráiste 2006 agus mar sin ar aghaidh liom.

Ach is maith an leithscéal dom é nach bhfuil sé chomh furasta i mbliana an tsiopadóireacht a dhéanamh leis na léirsithe faoin bhratach, agus iad ag méadú agus ag dul chun líonmhaireacht, is mó an leithscéal agam i mbliana ná mar a bhí bliain ar bith eile, (in ainm Chroim, bhí mé sa bhaile slán sábháilte an Satharn sin nuair a fógraíodh rabhadh buama in ionad siopadóireachta Castle Court i mBéal Feirste).

Sin dá gcréidfeadh duine ar bith mar leithscéal é.

Duine ar bith a bhfuil aithne acu orm, beidh fhios acu gur chuma liom an Nollaig ann nó as, agus go ndéanaim mo sheacht ndícheall gach bliain theacht fríd an séasúr seo gan loit gan cneá, gan colm nó gortú, agus cúpla scilling fágtha i mo phóca agam.

Is cinnte nach dtig neamhiontas a dheanamh den Nollaig go huile agus go hiomlán, ach gach bliain déanaim iarracht, agus teipeann glan orm.

Murach go raibh duine faoi ghlas an lá ar fád i ngéibheann i dtír Mhoslamach, tá an Nollaig dósheachanta.

Is minic a chloistear anois Bing Crosby roimh an tSamhain a bheith ceiliúrtha againn agus é i mbun White Christmas (chuala mise i lár Dheireadh Fómhair bliain amháin i Boots é!).

Agus leis an bharr a chur leis an donnas, i mí na Nollag 2012, chonaic mé fógra teilifíse ag moladh do dhaoine ullmhú le haghaidh Nollaig 2013!

Nuair atá mé ag tagairt don fhógraíocht seo uilig, cúpla oíche ó shoin chonaic mé fógra Guinness atá á thaispeáint ó bhí 2003 ann, ina bhfeiceann tú radharcanna éagsúla ó bhailte in nÉirinn, agus na radharcanna sin faoi shneachta, ina measc tá Halla Cathrach Bhéal Feirste, faoi bhrat sneachta ach – agus an tseachtain seo, an chéad uair ariamh ar áirigh mé seo – san fhógra áirithe seo tá an crann brataí lom, gan bratach ar foluain.

Anois an smaoineamh a rith liom ná seo leanas; cad thuige nár tosaíodh léirsiú, nár déarnadh gearrán, nár cuireadh na bóithre faoi bhac, busanna agus an córas iomlán iompair phoiblí chun sioparnaigh, cad thuige nár cuireadh tús le baghcat cuimsitheach ar Diageo?

Is cinnte go mbeidh réiteach ar cheist na mbratach agus is cinnte go mbeidh an focal ‘infheistíocht’ mar pháirt den réiteach sin, agus má thagann an fuacht mire atá a thuar, gur laghdaithe a bheas suim daoine seasamh faoi dhíon Dé, gan acu lena gcoinneáil te ón sioc agus ón tsíon ach bratach thanaí.

Nollaig shona duit.

Close
Close