Áthas - Is é do mheon an eochair

Katie McGreal

Chonaic mé an feachtas 100 Happy Days ar líne seachtain sula ndeachaigh mé faoin scian. Bhí eagla an domhain orm faoin obráid agus níor mhothaigh mé ró-shásta leis an saol ag an am.

Nuair a léigh mé céard a bhí i gceist leis an bhfeachtas – pictiúr a ghlacadh de rud éigin a chuireann áthas ort ar feadh 100 lá – smaoinigh mé liom féin, “ní seo an t-am ceart dom rud éigin den chineál seo a dhéanamh.”

Ansin, rith sé liom gurbh an t-am is fearr chun rud éigin den chineál sin a dhéanamh.

Bhí faitíos orm roimh dul isteach san ospidéal ach ní raibh mórán de rogha agam air.

Ach bhí rogha agam ó thaobh mo mheoin agus mo smaointe de. Shíl mé dá mbeinn ábalta rudaí maithe a fheiceáil i rudaí beaga sa saol, d’fhéadfainn a bheith sásta – suas go pointe – agus mé ag dul faoin scian.

Ba dhuine diúltach mé ó bhí mé an-óg.

Dá mbeinn ag fanacht ar nuacht nó scéal éigin bheinn i gcónaí ag smaoineamh gur drochscéal nó drochnuacht a bhí ag teacht.

Sin an nós a bhí agam i gcónaí.

Smaoinigh mé mar sin toisc gur shíl mé nach mbeadh díomá orm, pé rud a tharla, dá mbeinn réidh chun an scéal is measa a chloisteáil.

Ní raibh an ceart agam. Bhí díomá orm ar aon nós.

Mar a dúirt cara liom le déanaí, is fiú é a bheith dóchasach – beidh díomá orm más drochscéal atá ag teacht pé scéal é.

Síleann neart daoine go mbaineann an feachtas 100 Happy Days lena bheith sásta an t-am ar fad.

Ní sin an rud atá i gceist leis.

Tá lucht an fheachtais ag iarraidh ar na rannpháirtithe breathnú ar an domhan timpeall orthu agus rudaí maithe a fheiceáil i ngach áit.

Tá siad ag iarraidh orthu an mothúchán áthais nó sona a mhothú mar is ceart agus é a thabhairt faoi dheara.

Anois, nuair a shiúlaim síos an bóthar ar lá grianmhar deirim liom féin, “tá áthas orm toisc go bhfuil an ghrian amuigh” nó má fhaighim boladh deas ó bhláthanna deirim liom féin, “Tá áthas orm go bhfuil na bláthanna ag teacht amach arís”.

Ansin, fiú má tá droch-aoibh orm sular thug mé an rud sin faoi dheara, bíonn dea-ghiúmar orm, fiú ar feadh nóiméad nó dhó.

Má smaoiníonn tú faoi, nuair atá droch-aoibh ort, bíonn drochlá agat.

Ní fheiceann tú rudaí maithe i rud ar bith agus cuireann gach rud as duit.

Tarlaíonn an rud céanna nuair atá dea-spion ort. Feiceann tú rudaí maithe i ngach áit.

Nuair a thosaigh mé ag glacadh páirte san fheachtas seo thug mé níos mó rudaí maithe timpeall orm faoi dheara.

Is cuimhin liom lá amháin san obair bhí dea-spion orm nuair a d’iarr siad orm dul go hOifig an Phoist.

Bhí an ghrian ag soilsiú nuair a bhí mé ag siúl síos an bóthar. Ag Oifig an Phoist, ní raibh go leor airgid agam leis an beart a chur sa phost.

Dúirt an bhean taobh thiar den chúntóir go raibh sé go breá agus go bhféadfainn é a thabhairt ar ais di níos déanaí an lá sin.

Ar an mbealach ar ais go dtí an oifig, chonaic mé duine éigin ag tabhairt a thicéad páirceála, ar a raibh cúpla nóiméad fós fágtha air ar an meaisín, do dhuine éigin eile. Tá daoine maithe ann i gcónaí ag déanamh rudaí maithe an t-am ar fad – ach caithfidh an meon ceart a bheith agat chun na rudaí seo a fheiceáil.

‘Sell Stuff, Make Money, Be Happy’

Sin an líne lipéid atá ar fhógraí Adverts.ie faoi láthair.

Ní seo an chéad uair ina bhfuil na meáin ag rá linn go gcaithfidh airgead a bheith againn sular féidir linn a bheith sásta.

Ó thaobh fógraíochta de, is am iontach é chun an mana seo a bheith acu. Tá daoine buartha faoi tháillí uisce, morgáistí móra, ag cailliúint a bpost ach fiú, nuair a bhí airgead againn le linn an Tíogair Cheiltigh, ní rabhamar sásta.

Bhíomar i gcónaí ag iarraidh carr níos deise nó teach níos mó. Má smaoiníonn tú riamh go mbeifeá sásta dá mbeadh X, Y nó Z agat, ní bheidh tú riamh sásta.

Má tá tú ag iarraidh a bheith sásta, breathnaigh timpeall ort ar na rudaí beaga – breathnaigh ar na bláthanna ag teacht amach arís nó ar pháistí scoile ar bís toisc go bhfuil uachtar reoite acu.

Má tá tú ag iarraidh rudaí maithe a fheiceáil, feicfidh tú iad, fiú muna bhfuil rudaí ag dul go rómhaith i do shaol féin ag an am sin.

Ar an lá a chuaigh mé isteach san ospidéal, bhí áthas orm rudaí a chur sa phost go cairde liom agus b’shin an chéad lá a chonaic mé na bláthanna taobh amuigh de theach mo thuismitheoirí.

An lá ina dhiaidh, thosaigh mé ag gáire nuair a thosaigh an clár teilifíse ‘Doctors’ toisc gur chuir sé am lóin san obair i gcuimhne dom.

Is féidir leis an athrú meoin seo a bheith ina chabhair mhór leatsa freisin má tá tú oscailte dó.

Tá tuilleadh eolais faoin bhfeachtas seo ar fáil ar an suíomh gréasáin www.100happydays.com agus molaim go hard na spéire é.

Close
Close