Tuairimí ón Teorainn: Aodhán Ó Conghaile

Tá an Breatimeacht ag teannadh linn agus éiginnteacht faoin todhchaí ag cur imní ar chuid mhór daoine.

Sa tsraith seo, labhraíonn Meon Eile le daoine ar dhá thaobh na teorann faoi na himpleachtaí a bheidh ag Brexit daofa agus dúinn uilig.

Tá Aodhán Ó Conghaile ina stiúrthóir ar Chuibhreannas Miondíola Thuaisceart Éireann agus bíonn sé ag caint ar son grúpaí miondíola an tuaiscirt leis na meáin, leis an rialtas agus le páirtithe polaitiúla.

Agus vóta an Bhreatimeachta ag tarlú, chinn an Cuibhreannas Miondíola Thuaisceart Éireann nach dtiocfadh siad amach ag tacú le haon taobh ar leith ach go gcuirfeadh siad na ceisteanna móra tábhachtacha ar dhaoine a bhí ar son an tAontas Eorpach a fhágail agus ar son fanacht ann.

Anois, tá an grúpa dírithe ar chinntiú go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach le margadh in áit Breatimeacht gan aon mhargadh.

Labhair Meon Eile le hAodhán Ó Conghaile faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag Brexit ar chúrsaí gnó agus eacnámaíocha ó thuaidh...

Is féidir an t-agallamh ar fad le hAodhán a chloisteáil ar ár gcuntas Soundcloud anseo.

Close
Close