Scoth na rothaíochta sléibhe i gContae an Dúin

Díreach taobh le Caisleán Ruairí ar bhruach Loch Cairlinn i gContae an Dúin, tá rianta rothaíochta sléibhe atá ag mealladh lucht rothaíochta ó chéin agus ó chóngar.

Tá trí rian ann - ceann dearg 27km ar fhad, ceann dubh 19km ar fhad agus ceann oráiste guaisbheartaíochta - a bhfuil radharcanna galánta le feiceáil uathu ar fad agus ní hionadh ar bith é go bhfuil Caisleán Ruairí anois ar an léarscáil idirnáisiúnta rothaíochta sléibhe.

Chun tús a chur leis an tsraith úr 'An Bhearna Bhaoil', bhuail Meon Eile le Colm Ó Ciaráin agus a mhac Ruairí chun blaiseadh a fháil den chineál dearcaidh atá de dhíth chun tabhairt faoin spórt contúirteach corraitheach seo!

Tuilleadh eolais le fáil ar http://www.mountainbikeni.com

Close
Close