M'aistear sna Sléibhte

Agus bua iontach ag Ard Mhacha in éadan Chill Dara ag an deireadh seachtaine, ar 'M’aistear' an tseachtain seo labhraíonn Séan Ó Maoilste as Contae Ard Mhacha faoin athair s’aige, faoin nasc a bhí acu leis an pheil Ghaelach agus faoina chamchuairt sna sléibhte i mbliana.

Tá Seán ag iarraidh an pointe is airde a bhaint amach in achan chontae in Éirinn mar chomóradh ar a athair a cailleadh 10 mbliana ó shin.

Is ag amanna cosúil leis an bhua ag an deireadh seachtaine a bhíonn tú ag smaoineamh ar na daoine sin nach bhfuil linn níos mó, agus tá seo go háirithe speisialta do Shéan mar Ghael agus an ceangal le CLG a roinn sé lena athair.

Tá cuimhne mhaith ag Seán ar Chluiche Ceannais na hÉireann in 2002 nuair a bhuaigh Ard Mhacha Sam agus i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine mhothaigh sé cuid de na mothúcháin chéanna ag teacht ar ais chuige.

Faoi láthair tá Seán ag spreagadh daoine sa chontae le cuidiú leis an fhoireann sinsir, mar aon le clubanna s’acu féin, agus tá sé ag baint úsáide as an fhuinneamh nua seo, agus as na cuimhní atá aige ar a athair, chun barr an tsléibhte is airde i ngach contae sa tír a bhaint amach.

Seo a scéal.


Close
Close