Is é Damien Ó Dónaill as Rann na Feirste, Tír Chonaill, atá i mbun cainte ar Inis Seo Dom! an tseachtain seo.
Is múinteoir Gaeilge é Damien i dTír Eoghain agus tá dúil mhór aige sa Ghaeilge, sna cluichí Gaelacha agus sa cheol.
Labhair Meon Eile leis faoina thógáil i Rann na Feirste, faoina shúimeanna agus faoin dúil atá aige ina theanga féin.