Idir Mise agus Tusa - Ard Mhacha vs Tír Chonaill

Idir Mise agus Tusa - Ard Mhacha vs Tír Chonaill

Cé acu is fearr, Ard Mhacha nó Tír Chonaill? Príomhchathair eaglasta na hÉireann nó contae uasal sléibhtiúil na nDálach? Sin í an cheist atá idir chamáin ag Lughaidh agus Emma in agallamh na seachtaine seo.

Idir Mise agus Tusa

Conallach

Cad é mar atá tú a chara?

Tá súil agam tú ‘bheith go maith.

Ach nach trua duit a bheith ansin in Ard Mhacha,

In áit a bheith i gcondae den scoth.

Is fearr liom an áit seo Tír Chonaill,

Faoi scáth an Earragail Mhóir,

Níl agaibh ansin i lár tíre

Ach cnoic bheaga ísle, is corr-bhó!

Ard Mhachach

Más íseal na cnoic, bheul is torthúil

Is iad na cnoic iad is saibhre amuigh

Is ní corr-bhó a bhíonn ag siúl orthu,

Ach na mílte, ag innilt is ag spraoi.

Níl agaibh ach caoirigh i dTír Chonaill,

Agus níl siad féin ag iarraidh a bheith ann!

Ní fhásann féar ar leacacha sléibhe

Agus is measa an caorán fliúch lom.

Conallach

Más lom iad na caoráin nach maith dúinn

An mhóin a bheith againn gach lá?

Is nach iontach an boladh deas fáiltiúil

Ó shimléir ar dtithe beaga breátha

Is más garbh iad na sléibhte, is maorga,

Is é an ceantar is deise le fáil.

Tig turasóirí chugainn go rialta

An raibh agaibh aon chuairteoir go fóill?

Machach

Oh, bíonn cuairteoirí againne, cinnte,

Ó thíortha i bhfad is i gcéin.

Thig siad gach bliain ina mílte

Chuig ár gceantar stairiúil féin.

Seo an áit a roghnaigh Naomh Pádraig

Lena chreideamh a thoiseacht sa tír.

Seo príomhchathir chríostúil na hÉireann.

Sin rud nach bhfuil agaibhse thiar.

Conallach

Ach tá stair uasal againn i dTír Chonaill

Chomh huasal le condae ar bith.

Nach anseo a mhair Taoisigh Uí Dhonaill

Agus gach duine acu ina rí!

Machach

Bheul ón am roimhe sin tá áit againn

Inár tharla na heachtraí ba mhó

Bhí Eamhain Mhacha Uasal mar lóistín

Ag Cú Chulainn is Conchubhar fadó

Bhí Cú Chulainn agus laochra Ard Mhacha,

Ar na laochra ba chróga ariamh.

Agus is anseo a cosain siad Uladh

Ó Arm na banríona Méabh.

Conallach

Is maith sin uilig ach cá dtéann sibh

Nuair nach mbíonn sibh ag foghlaim sa rang?

Anseo i dTír Chonaill tá an trá againn

A gcaitheann muid samhraidh ann.

Thig linn Caisleán a dhéanamh sa ghaineamh

Nó a bheith ag snámh linn i rith an lae

Ach cad e is féidir libhse a dhéanamh

Cuachta i lár tír, bheinn ar strae

Machach

Bheul is féidir a bheith ag imirt in Ard Mhacha

Áit a n-imrítear peil mar is ceart

Ach ní thuigfeadh do mhacasamhail sin

Mar tá ré órga na gConnallach thart

Conallach

Oh Tá dul amú ortsa a thaisce

Má shíleann tú sin a bheith amhlaidh.

Bhí muid riamh incurtha libhse

Inné, inniu agus sa todhchaí.

Ach an bhfuil a fhios agat seo a chara

I ndiaidh an méid atá ráite agat

Ba bhreá liom cuairt ar Ard Mhacha

Ar mhiste dá dtiocfainnse chugat?

Machach

Oh tar anseo cinnte agus fáilte

Ba bhreá liom tú a bheith linn

Agus an dtiocfadh liom dul go Tír Chonaill

Is breá liom bhur gcanúint bhinn.

Conallach

Rachfaidh muid thart le chéile

Chun an chósta agus ansin go lár tíre

Le chéile

Tá an dá áit lán spóirt agus féile

Is tá a fhios againn beirt gur fíor é!

Close
Close