Ceol na Clainne - Clann Kerr

Ceol na Clainne - Clann Kerr

‘Ceol na Clainne’ ag teacht ó Bhéal Feirste an tseachtain seo agus Seán Ó Baoill i mbun cainte leis an deartháir agus leis an deirfiúr Laura agus Barry Kerr.

Bhuail Séan leis an bheirt in Ionad Cultúrtha Duncairn i dtuaisceart na cathrach, áit a bhfuil stiúideo péintéireacht ag Barry.

Is as an Lorgain i gCo. Ard Mhaca ó dhúchais iad Laura agus Barry ach tá cónaí orthu i mBéal Feirste leis na blianta anois. Is ceoltóir a bhí ina n-athair agus spreag sin a bheirt dul i mbun ceoil. Dúirt siad gur rud é a tháinig go nádúrtha chucu siocair go raibh uirlisí i gcónaí ina luí thart fán teach.

Bhí teach tábhairne ag a dtuismitheoirí agus is iomaí seisiún ceoil a bhí ann go maidin.

Tá Laura anois ag obair go lán aimseartha ach tá a croí go fóill sa cheol traidisiúnta agus beidh i gcónaí. Chaith sí tamall i ngrúpa rac-cheoil fosta agus thug siad faoi camchuairt fud fad na tíre agus ceirnín taifeadta acu.

Chaith Barry tamall ag taisteal leis an cheol chomh maith. Bhí sé ag teagasc sa Fhrainc agus tá sé ag bualadh san Astráil ar feadh ceithre seachtaine i mbliana fosta. Tá cúpla ceirnín taifeadta aige agus é ag dúil le ceann úr a sheoladh i mbliana.

Bíonn an bheirt acu ag teagasc agus tuigeann siad an tábhacht chun an chéad ghlún eile a spreagadh. Is cinnte go bhfuil suim acu in achan sórt ceoil ach d’fhán siad i gcónaí dílis don cheol traidisiúnta agus fanfaidh go deo.

Féach thíos faoin fhís le teacht ar MP3 do na hamhráin.

Ceol na clainne - Clann Kerr
Clann Kerr
Close
Close