Súil Siar ar Shéasúr CLG 2017

Colm Duffin 

Oisíní i ndiaidh na Féinne: I ré seo na gcóras GPS, na saineolaithe cothúcháin agus na gclár meáchain, táthar ag leagan amach gurb é 30 an 40 nua. Creidtear gur seanduine dóite thú an uair a shlánaíonn tú 30 agus réitítear péire slipéar agus an píopa duit go gcuirtear cathaoir bhog in áirithe duit in áras na seandaoine. Is iomaí imreoir a thug dúshlán na tuairime sin i mbliana, áfach, ina measc Kevin Moran, Michael ‘Brick’ Walsh agus Keith Higgins a ghnóthaigh duais Uile-Réalta agus féach cé a bhain peileadóir na bliana, is ea Andy Moran agus é 34. Go maire Tír na nÓg agus na Sean an céad!

Seanscéal agus mairg mhór air: Cén t-olc a chuir muintir Mhaigh Eo ar dhéithe na peile? Bliain eile agus cluiche ceannais eile fágtha ina ndiaidh acu. Ach níor leor do na déithe céanna fulaingt an 17 Meán Fómhair in éadan BhÁC do mhuintir Mhaigh Eo, nó chaill mná an chontae i gcluiche ceannais na mban seachtain ina dhiaidh sin chomh maith. Agus meas tú cé a bhuail iad sa chluiche sin? Seoltar freagraí ar chárta poist/ríomhphost/tvuít…

An té atá saor glacadh sé an chéad fhéinín: Ní fhacthas coir chomh gránna suarach riamh léi i stair CLG. Áireofar i measc mhórscannail an chumainn é agus ábhar iontais nár glaodh comhdháil éigeandála le tabhairt faoin cheist agus an ciontóir a ruaigeadh as an chumann ar fad ar fad. An choir? Féinín nó dhó a ghlacadh ag taobh na páirce i ndiaidh gnáthchluiche dúshláin. An ciontóir? Aidan dána O’Shea. Ní raibh súil…ná ciall…leis an racán a tharraing an eachtra sin agus gan ar intinn ag O’Shea ach am a chaitheamh leis na daoine is tábhachtaí sa chumann…na daoine óga!

Nuair a bhíonn na Cait amuigh bíonn na luchóga ag rince: Is fada ó bhí na Cait chomh lagbhríoch tinn céanna agus atá faoi láthair agus ar an drochuair do na Cait iad féin tá na luchóga níos mó agus níos láidre agus níos cumasaí ná mar a bhí riamh. Mura n-éiríonn leo Liam a bhreith leo in 2018 fágfaidh sin trí bliana as a chéile nár bhain Cill Chainnigh craobh na hÉireann. Níor tharla tubaiste dá leithéid ó d’imigh ré réabhlóideach na nóchaidí! Ach an bhfuil duine cróga in bhur measc a chuirfeadh geall air sin?

An dtugann gach rud maith a sheal? Trí chraobh as a chéile bainte ag Baile Átha Cliath anois agus imní ar phobal na peile nach bhfuil an Reich míle bliain acu ach go díreach ag tosú.

Is iomaí cor sa saol…ach níl ach Cora amháin ann: Tá GWS Giants na peile Astrálaí i ndiaidh greim a fháil ar fhathach ceart, nó d’éirigh leo Cora Staunton, an laoch mór peile as Maigh Eo a mhealladh chucu le ceannaireacht a thabhairt don fhoireann acu thall. Ba chríonna an beart acu é nó is beag duine i saol na peile nach bhfaca scil agus ceannaireacht na mná céanna thar na blianta - glac éachtaí Cora in 2017 mar shampla – tá sí díreach i ndiaidh a séú craobh uile-Éireann a bhaint lena club, Ceathrú na Con gan trácht ar an 11ú bonn Uile-Réalta a thabhairt léi ar son Mhaigh Eo. Ach ná bíodh buaireamh oraibh, a mhuintir Mhaigh Eo…ní fada uilig a bheidh sibh gan í nó beidh Cora ar ais faoina feisteas glas agus dearg sula séidfear aon fheadóg i gcraobh 2018!

Ón bheagán go dtí an móránTá Laochra Loch Lao ag imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta ó bhí 2006 ann agus i rith an ama sin, bhí siad ag brath go hiomlán ar imreoirí ó chlubanna éagsúla na cathrach a bheith leo don deireadh seachtaine. Ach ní ag brath ar aon duine a bheidh siad feasta óir is i mbliana a d’fhógair siad gur cumann neamhspleách ann féin a bheidh sna Laochra agus iad anois ag ullmhú don chéad bhliain acu i sraitheanna Aontroma. Tá tús curtha leis an traenáil faoi aois chomh maith agus cá bhfios nach mbeidh siad féin agus na Gaeil Óga in iomaíocht lena chéile i gcraobhchomórtas na gclubanna amach anseo!

Níor chaill mná an mhisnigh riamh: I ndiaidh ar fhulaing siad le trí bliana anuas agus trí chluiche ceannais as a chéile a chailleadh, ba dheacair gan tréaslú le mná na nDubs craobh pheil na mban a thabhairt leo faoi dheireadh… bíodh is gur díomua eile a bhí i ndán do mhuintir bhocht Mhaigh Eo!

Mol an óige agus tiocfaidh sí: An bhfacthas riamh taispeántas chomh haibí máistriúil céanna agus a thug an Ciarraíoch óg David Clifford i gcraobh peile na mionúr i mbliana? Saoi i mbun seilbhe agus draoi an dá chos, scóráil sé 4-04 i gcluiche ceannais na hÉireann…agus é ag imirt ar a chompord shílfeá! Beifear á adhradh go ceann i bhfad go cinnte, ach an ar pháirceanna na hÉireann nó na hAstráile a dhéanfar an t-adhradh céanna?

Beatha teanga óráidí a rá as Gaeilge: Bliain na n-óráidí Gaeilge. Rena Buckley agus Aoife Ní Chaiside a thug a n-óráidí uathu i nGaeilge amháin i ndiaidh dóibh craobhchomórtas camógaíochta na sinsear a bhaint dá contae agus dá club faoi seach. Agus ní óráidí na gcúpla focal Gaeilge a bhí iontu ach óráidí na glan-Ghaeilge deisbhéalaí líofa.

An té a chuireann san Earrach baineann sé san Fhómhar: Sa tsraith a chuir iománaithe na Gaillimhe na síolta dá éachtaí amach san Fhómhar. Thug siad greadadh do na Tiobradaigh i gcluiche ceannais na sraithe, greadadh nach raibh an Gaillmheach ba dhóchasaí amuigh ag súil leis. As sin go deireadh an tséasúir bhí siad céimín bheag bhídeach chun tosaigh ar ar casadh orthu. Thug siad leo Craobh Laighean agus Liam féin ina dhiaidh sin, ach ba léir gur thug bua sin na sraithe muinín sa bhreis dóibh gorta na Gaillimhe a dhíbirt faoi dheireadh thiar.

Scéal mhadra na n-ocht bhfoireann: Pléadh, cáineadh, moladh, séanadh, cuireadh i leith. Níl áireamh ar líon na leathanach, na bpreasráiteas, na gcolún nuachta agus na tvuíteanna agus go leor eile a scríobhadh faoi na hathruithe a bhí á mbeartú do chraobh na peile in 2018. I ndiaidh an iomláin, tá go leor den bharúil in ainneoin gach ar scríobhadh faoin cheist nár éisteadh a dhóthain leis na daoine is mó a rachadh an cinneadh i bhfeidhm orthu, mar atá na himreoirí iad féin.

Ní neart go cur le chéile: Mana, soiscéal agus brí bheatha Shleacht Néill. 3 fhoireann shinsearacha idir camógaíocht, iomáint agus peil agus na 3 chraobh cúige tugtha leo don dara bliain as a chéile. Tá ar féidir a rá faoin chlub éachtach seo ráite agus seanráite faoin staid seo ach is léir nach foirne camógaíochta, iomána agus peile amháin a mhúnlaíonn siad thuas i gCarn Tóchair, ach Gaeil atá bródúil as a gceantar, as a gcultúr agus as a dteanga. Agus níl deireadh déanta acu go fóill sa séasúr seo creidim…

Close
Close