Dúshlán Reathaíochta Laochra Loch Lao - Ó Bhéal Feirste go Gaillimh

Bhí Comórtas Peile na Gaeltachta in ainm 's a bheith ar siúl i gContae na Gaillimhe i mbliana ach de dheasca na srianta dianghlasála, cuireadh an comórtas ar ceal. Bhí an club CLG Laochra Loch Lao i mBéal Feirste ag iarraidh tacú leis an phobal mar sin chinn siad dúshlán reathaíochta uaillmhianach a dhéanamh. 

Thug na himreoirí ó CLG Laochra Loch Lao faoi dhúshlán reathaíochta 350km, an fad idir Spórtlann na hÉireann i mBéal Feirste agus Spórtlann Naomh Anna i Leitir Mór, Gallimh. Mhair an dúshlán ar feadh deireadh seachtaine amháin (Aoine go dtí an Luain) le hachan bhall den chlub, idir óg agus aosta, ag glacadh páirt ann. Rith gach duine an méid is mó agus ab fhéidir leo thar an deireadh seachtaine agus cuireadh a gcuid torthaí uilig le chéile chun an 350km a bhaint amach. Rud a rinneadh go furasta.

Tá an fhoireann go fóill ag iarraidh airgead a bhailiú don ‘Whiterock Children’s Centre’ - ionad in iarrthar Bhéal Feirste a thugann tacaíocht riachtánach do theaghlaigh áitiúla. 

£1,000 an sprioc a bhí ag an chlub ach i ndiaidh an dara lá den dúshlán, bhí níos mó na £2,500 bailithe acu don ionad ar Bhóthar na Carraige Báine. Ní hamháin sin ach ar an lá deireanach den dúshlán bhí níos mó na 800km rite acu!

Tá leathanach Go Fund Me na Laochra go fóill beo agus is féidir tacú leo anseo.

Ba mhaith le Meon Eile tréaslú le gach uile duine a ghlac páirt sa dúshlán iontach seo. Níl aon dabht ach go bhfuil ardmholladh tuillte ag CLG Laochra Loch Lao.

Close
Close