Gaelfast ag Gaelscoil Ghleann Darach

In 2018 bunaíodh an scéim Gaelfast le cluichí CLG a chur chun cinn sna bunscoileanna i mórcheantar Bhéal Feirste. Téann cóitseálaithe amach chuig na scoileanna le hiománaíocht, camógaíocht agus peil Ghaelach a theagasc do dhaltaí scoile agus reáchtáiltear cluichí ar leith do gach duine, fiú dóibh siúd nach bhfuil spéis acu sa spórt.

Creideann Gaelfast go bhfuil an aclaíocht níos tábhachtaí ná riamh anois, go háirithe i ndiaidh na dianghlasála, agus féachann siad le sláinte choirp agus sláinte mheabhrach na bpáistí a chur chun cinn fríd an chraic agus spraoi taobh amuigh.

Bhuail Meon Eile leis na cóitseálaithe Damian McCallin agus Alfie Hannaway i nGaelscoil Ghleann Darach, áit a ndearna siad seisiún traenála le rang 6. Labhair muid fosta leis an múinteoir Caitlín O'Connor agus le beirt daltaú scoile, Fianna agus Pearse.

Is feidir dul anseo le tuilleadh eolais a fháil ar Gaelfast nó le spás a chur in áirithe do do scoil don bhliain seo chugainn.

Close
Close