Gach bliain cuirtear Féile Peile na nGaelscoileanna ar siúl do gach Gaelscoil i mBéal Feirste. Bhí an 15ú heagrán den fhéile ann ar na mallaibh ag Spórtlann na hÉireann, Iarthar Bhéal Feirste.
Bíonn roinnt duaiseanna le baint ar an lá, ina measc trófaithe, boinn agus turas saor in aisce do trí scoil le cuairt a thabhairt ar Chomórtas Peile na Gaeltachta.
Is í aidhm na n-imeachtaí ná páistí a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga i dtimpeallacht spraíúil spreagúil inar féidir leo idirghníomhú le páistí ó scoileanna éagsúla agus a gcuid scileanna peile a chleachtadh lena chois.
Is é Corn Uí Mhuirí príomhchorn na hócáide, a aimníodh in ómós don pheileadóir agus Gaelgeoir, Liam Ó Múirí, a fuair bás 15 bliana ó shin. D'fhreastail teaghlach Liam ar an bhronnadh ag deireadh an chomórtais.
D'fhreastail Meon Eile ar an lá rannpháirteach rathúil agus an ghrian sa spéir. Labhair muid le múinteoir ó Ghaelscoil na bhFál, Seán Fennell, le múinteoir ó Scoil An Droichead, Fiona Lappin, agus le múinteoir i gColáiste Feirste, Fionntán Ó Mealláin. Bhí focal againn fosta le roinnt páistí bunscoile a ghlac páirt sa lá agus le dalta ó Choláiste Feirste, Fionnbar, a bhí ag cuidiú ar an pháirc imeartha.