Díomá ar mhuintir Shleacht Néill

Díomá ar mhuintir Shleacht Néill

Fearghal Mag Uiginn

Cora Finne 1-14 Sleacht Néill 0-07

Tá Corn Aindí Uí Mhuireagáin i seilbh Chora Finne arís agus an bua tuillte go maith ag an chéad ghlúin eile den chlann.

Ray Ó Síoda a bhí mar chaptaen ar an chlub nuair a tógadh an gradam den chéad uair riamh, thiar sa bhliain 1998, agus bhí beirt mhac deartháir leis ar an fhoireann a bhain an lá an iarraidh seo, leis an chorn a thabhairt aniar arís eile.

San fhuil acu atá cumas na peile ag Cora Finne agus léiríodh sin ar an ardán is airde.

Tá a fhios ag Sleacht Néill gur bhain an fhoireann is fearr sa tír an corn agus ní maslach ar bith é bheith sa dara háit. Agus is sa dara háit a bhí Sleacht Néill ón dara bomaite déag den chluiche ar aghaidh.

Bhí tús muiníneach ag Curaidh Uladh, cic saor lúbtha idir na cuaillí ag Críostóir Ó Brolcháin (0-01), ar briseadh an dealrachán s’aige mí ó shin go díreach sa bhabhta leathcheannais.

Dochreidte gur cuireadh chun páirce ar chor ar bith é. Thug cúilín spreagúil ón dara Críostóir, Mac Thaidhg (0-01), dóchas mór agus idir an dá scór sin is dócha gur chóir cic pionóis bheith ag Sleacht Néill.

Agus Pól Ó Brolcháin (0-1) réidh leis an liathróid a bhualadh, chuir Ó hUiginn Chora Finne a chos isteach, feall de réir an leabhair agus cic pionóis – nár tugadh.

Tá clú agus cáil ar an fhonn mall “Táimse ‘mo chodladh is ná dúistear mé”. Is trua do Shleacht Néill nach sin an port a sheinn Mícheál Mac Giolla Fhiondáin (Lundy) inné mar nuair a dhúisigh sé sa dara bomaite déag, ní raibh neart ná neart ag Sleacht Néill air.

Scóráil sé trí ardchúilín ón imirt sular tugadh an buille marfach. Bhí an fhís ag Ciarán Mac Gearailt pas a idircheapadh le Cora Finne a chur ar an ionsaí arís, cheap laoch na himeartha agamsa, Garaí Sice (0-05), pas ard san aer, thiontaigh ar an toirt is thug deis do Mháirtín Ó Fearchair (1-00) an liathróid a neadú in eangach na nUltach. Port Shleacht Néill a bhí seinnte.

Chuir a dheartháir, Mícheál, cúilín leis. Chuir Sice (0-5) arraingeach an bháis trí cheartlár chroí Shleacht Néill ó chic saor agus go tobann bhí an cluiche thart mar choimhlint.

Bhí na buaiteoirí i ndiaidh rabharta de scóranna a chur ar an chlár – 1-5 as a chéile taobh istigh de bhomaite déag agus bádh dóchas na hUltach sa tréimhse cinniúnach sin.

Snámh in aghaidh easa a bhí ann anois agus cé gur scóráil Gearóid Ó Brolcháin (0-03) cúilín breá ón imirt sa cheathrú bhomaite is fiche, thug scór an duine ó Ó Dúláinne (0-01) is ó Liam Ó Síoda (cic 45m) buntáiste an bhua do Chora Finne roimh leathama: Cora Finne 1-08 Sleacht Néill 0-03

Ní thig iarrachtaí móra in aisce Shleacht Néill a lochtú sa dara tréimhse is fuair Pádraig Ó Ceallaigh (0-1) an chéad scór ó chic saor ach bhí cosaint Churaidh Uladh polltach go maith anois agus corruair ina codladh i gceart – ligeadh d’imreoir lár páirce Churaidh na Gaillimhe, Mac Eachaidh (0-1) pas a bhailiú ar a shuaimhneas ó chic soar Sice is gan stró an liathróid a dhíriú idir na cuaillí.

Thug na fir ionaid, triúr san aon ollathrú amháin, fuinneamh breise do Shleacht Néill ar feadh tamaill bhig ach gan faobhar go leor chun tosaigh agus gan chúl, ní raibh aiséirí ar bith i ndán do Shleacht Néill – den chéad uair i mbliana.

Chuir cúilíní eile ó Eoin de Búrca (0-1) agus Sice Cora Finne as radharc, 1-13/0-07 agus fear ionaid de chuid mhuintir an Iarthair, Seosamh Ó Cainnia (0-1) a chuir an scór deiridh ar an chlár.

Dá mbeadh cúl de dhíth, thabharfadh sé faoi, ach ba leor an naoú cúilín ón imirt ag na buaiteoirí agus ag máistrí an chluiche ón dara bomaite déag ar aghaidh.

Bhí casadh beag amháin eile i seanchas an chluiche. Cic pionóis nár bronnadh ag a thús, cic pionóis nár chic pionóis é ach a bronnadh, ag a dheireadh.

Ní bheadh i gceist ach cuma níos fearr a chur ar chlár na scór is an t-am istigh ach, ag teacht le drochlá peile ag Curaidh Uladh, chuir Cormac Ó Dochartaigh an lagiarracht ar dheis is amú.

Ní raibh an cluiche ceannais peile seo inchurtha leis na coimhlintí eile le blianta beag anuas ach níor cheart dó sin baint de bhua slachtmhar, máistriúil Chora Finne. Bhí ceannairí is an lámh in uachtar acu ó cheann ceann na páirce agus chun tosaigh bhí luas, lúfaireacht, comhimirt is cruinneas le sonrú a thuill an bua.

Maidir le Sleacht Néill de, rinne Mac Maoláin, an cúl báire, a sheacht ndícheall a fhoireann a choinneáil san iomaíocht agus dhá shábháil ar ardchaigheán aige roimh leathama.

Bhí an dúshlán ba mhó ag Breandán Mac Ruairí – srian a chur ar Lundy – is níor scóráil laoch na Gaillimhe sa dara leath.

Cé go raibh tús láidir ag Pádaí Fada Mag Uiginn fá lár na páirce, beidh díomá ar Shleacht Néill nár ceapadh seilbh ghlan minic go leor. Chun tosaigh, throid Gearóid Ó Brolcháin go deireadh agus é ba bheaichte de na tosaithe.

Thig le Sleacht Néill bheith bródúil, mórtasach as a bhfuil bainte amach i mbliana ach ar an lá, bhí an bua tuillte go rímhaith ag an chéad ghlúin eile den chlann – Fine Cora Finne. Comhghairdeas.

Close
Close