Ghlac ceithre Ghaelscoil i mBéal Feirste páirt i gCorn na bhFál 2025 i Spórtlann na hÉireann in iarthar na cathrach ar na mallaibh.
Gaelscoil na Móna, Gaelscoil an Lonnáin, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Gaelscoil na bhFál na scoileanna a bhí páirteach sa lá mór cluichí Gaelacha agus bhí craic den scoth acu le neart rannpháirteachais, cairdis, spóirt agus spraoi.
Ba é seo an tríú bliain den imeacht agus bliain i ndiaidh bliana tá méadú ag teacht ar an tsuim in eispéireis mar seo do pháistí bunscoile.
Bhí uair an chloig ag na páistí cluichí iomanaíochta agus camógaíochta a imirt agus ansin uair an chloig eile le haghaidh peil Ghaelach.
Ba spreagadh iontach é an t-imeacht don aos óg agus ba léiriú soiléir é chomh maith go bhfuil an Ghaeilge beo taobh amuigh de gheataí na scoile, agus sa chás seo, ar pháirc na peile.
D'fhreastail Meon Eile ar Chorn na bhFál agus labhair muid le múinteoir Rang 5 i nGaelscoil an Lonnáin, Aoífe Thomas, le Múinteoir Rang 6 i nGaelscoil na bhFál, Cormac Ó Cóplainn, agus le Brian Mac an tSionnaigh as Ionad Uíbh Eachach a d'eagraidh an lá sultmhar spreagúil mar chuid d'Fhéile Aistear 2025 agus Seachtain na Gaeilge.