Tharraing an t-imeacht ‘Hurling for Gaza' slua mór go Páirc Uí Chorragáin, Béal Feirste, Dé Sathairn.
Is é an grúpa Gaels Against Genocide a d’eagraigh an cluiche iomána idir foireann Uladh agus foireann na gcúigí eile le hairgead a thiomsú don Gaza Paediatric Care Initiative (GPCI). I measc na réaltaí a bhí ar an dá phainéal bhí Podge Collins, Danny Sutcliffe, Gerard Walsh agus Aidan McCarthy. Bhí Davy Fitzgerald, a ceapadh ina bhainisteoir nua ar Aontroim mí Lúnasa seo caite, ag bainistiú an phainéil Ultaigh agus bhí Louis Mulqueen i gceannas ar fhoireann an chuid eile d'Éirinn.
Beidh an GCPI ag tabhairt páistí Pailistíneacha a gortaíodh in ionsaithe Iosrael ó Gaza go hÉirinn le go mbeidh teacht acu ar chúram leighis agus ar chaighdeán maireachtála níos airde. Caithfear an t-airgead a tiomsaíodh ag an chluiche 'Hurling for Gaza' ar na costais taistil agus leighis lena aghaidh seo.
Labhair Meon Eile le Brian Mac an tSionnaigh, atá ina bhall de choiste Gaels Against Genocide, agus le James Ó Giollagáin, a bhí ag imirt ar an lá, faoin imeacht.
Buíochas le Bayview Media as na físeáin a chuir siad ar fáil dúinn.