Cluiche cinniúnach romhainn

Gráinne McElwain

Cuireadh ceist ar chóitseálaí fhoireann rugbaí na hÉireann Joe Schmidt roinnt seachtainí ó shin faoi na spriocanna a bhí aige do Chomórtas na Sé Náisiún i mbliana.

D’admhaigh sé go mba mhaith leis ‘dún’ a dhéanamh as Staid Aviva agus go mbainfeadh siad na trí chluiche baile a bheas acu ann.

Mhothaigh sé fosta más féidir leo cluiche a bhuachan in aghaidh Shasana nó na Fraince as baile go mbeadh an-deis acu críochnú sa chéad dá áit ag deireadh an chomórtais.

Tús maith leath na hoibre a deirtear agus an tseachtain seo caite thosaigh foireann Schmidt go maith nuair a fuair Éire an lámh in uachtar ar Alba 28-6 san Aviva.

Cé gur imir na hÉireannaigh go maith, faoiseamh an mothúchán is mó a bhí ag Schmidt ag deireadh an chluiche.

Níor imir Paul O’Connell mar go raibh drochshlaghdán air ach ba chóir go mbeadh sé ar ais don chluiche mór ar an Satharn beag seo in aghaidh na Breataine Bige.

Gan dabht, an cluiche a bhfuil gach duine ag caint faoi anseo ná an choimhlint idir Éire agus Cymru.

D’éirigh leis an Bhreatain Bheag an comórtas a bhuachan dhá bhliain as a chéile agus tá siad dírithe ar an tríú ceann a chrochadh leo.

Níl sé seo déanta ag aon fhoireann riamh ó bunaíodh an comórtas in 1883 ach tuigeann siad go bhfuil feabhas mór de dhíth ón taispeántas a bhí acu in aghaidh na hIodáile an tseachtain seo caite.

Ní raibh cosaint s’acu dian go leor agus ghéill siad dhá úd.

Anuraidh, ghnóthaigh an Bhreatain Bheag níos mó úd ná aon fhoireann eile sa chomórtas agus níor ghéill siad ach trí cinn le linn an chomórtais ar fad agus b’shin sa chéad chluiche in aghaidh na hÉireann.

Bhí Éire 30-3 chun cinn ag leath-am an uair sin ach d’éirigh leis an Bhreatain Bheag teacht ar ais sa chluiche agus chríochnaigh siad 30-22.

Ceachtanna le foghlaim ag an dá fhoireann ach bheifeá ag súil go mbeadh an choimhlint níos giorra an geábh seo.

Maidir le foireann na hÉireann is dócha go mbeidh siad ag súil le níos mó ó na cosantóirí ar an ionsaí mar in amanna ní raibh an imirt chomh díreach agus a d’fhéadfadh sé a bheith in aghaidh na hAlban.

Bhí Gordon D’Arcy amuigh le gortú agus beidh le feiceáil an dtabharfaidh Joe Schmidt isteach arís é in áit Luke Marshall a d’imir go maith in aghaidh na hAlban.

Ní aon locht ar Marshall é ach bheadh go leor daoine sásta D’Arcy a fheiceáil ag imirt ar ghualainn O’Driscoll mar gheall ar an taithí agus comhthuiscint atá eatarthu.

Beidh sé sin uilig ag teastáil in aghaidh leithéidí George North, Alex Cuthbert, Scott Williams agus Jamie Roberts.

Bí ag súil le cluiche fisiciúil teasaí idir na foirne seo agus beidh go leor cur síos sna meáin chumarsáide an tseachtain seo faoin gcinneadh a rinne Warren Gatland ar thuras na Leon, Brian O’Driscoll a fhágáil as an tríú cluiche san Astráil.

Níl Gatland ná O’Driscoll ag déanamh a mhór de ach cuireann sé leis an teannas, go háirithe agus an seans ann go bhfeicfimid deichniúr d’fhoireann na Leon ag tosnú ar fhoireann na Breataine Bige.

Rud spéisiúil eile ná na himreoirí a bheas i gcoimhlint dhíreach in aghaidh a chéile.

Tá an baol ann nach mbeidh Jonathan Davis, an fear a fuair áit O’Driscoll san Astráil, ag tosnú mar gheall ar ghortú agus gurb é Scott Williams a bheas ag tabhairt aghaidhe ar O’Driscoll.

Níl Adam Jones ag imirt chomh maith agus is féidir sa chéad líne faoi láthair don Bhreatain Bheag agus feicfimid cé a thiocfas amach chun cinn idir é agus Cian Healy atá ag imirt go maith.

Coimhlintí eile gur fiú súil a choinneáil orthu ná ag uimhir a hocht idir Jamie Heaslip agus Toby Faletau, Conor Murray agus Mike Philips mar leathchúlaithe clibirte agus ár ndóigh Paul O’Connell agus Alun Wyn Jones sa phaca.

Tabharfaidh bua Dé Sathairn spreagadh do na buaiteoirí go háirithe le babhta a trí a bheas doiligh don dá fhoireann ar siúl i gceann coicíse.

Beidh Éire as baile in aghaidh Shasana i Twickenham agus imreoidh an Bhreatain Bheag sa bhaile in aghaidh na Fraince.

Cuideoidh bua go mór le hÉirinn na spriocanna atá ag Joe Schmidt a chomhlíonadh.

Close
Close