BÁC buach, & fós ag dul i dtreis

BÁC buach, & fós ag dul i dtreis

Damien Ó Dónaill

“Beidh lá eile ag an bPaorach, ach ar chaill Maigh Eo an deis cluiche ceannais na hÉireann a bhaint?”

Sin an méid a scríobh mé coicís ó shin agus, bhuel, is cinnte gur chaill Maigh Eo a ndeis arís arú inné.

Chonaic muid sárchluiche arís i gCeannáras Dé Sathairn agus sula dtéim a dhath níos faide leis an alt seo, ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do na himreoirí ón dá fhoireann a d’fhág achan rud ar an pháirc dá gcontae agus an rud is mó a chuirfeadh isteach orm nó gur imreoirí amaitéaracha iad seo uilig.

Níl siad ag saothrú na milliún mar atá lucht an tsacair thar sáile. Ach sin scéal eile.

Bhí coimhlint iontach idir Maigh Eo agus Baile Átha Cliath ach beidh Corn Sam Mhig Uighir ag fanacht san ardchathair agus tiocfaidh Jim Gavin agus a fhoireann ar ais arís ar an bhliain seo chugainn ag iarraidh an tríú craobh as a chéile a bhaint.

Caithfidh muid trua a bheith againn de Mhaigh Eo, bliain eile agus iad fágtha gan craobh na hÉireann ach tháinig siad cóngarach go maith dó i mbliana.

Rinne Stephen Rochford, botúin i mo bharúil ag athrú an chúil bháire ar an lá is mó den bhliain ach déanann bainisteoirí cinntí móra. Corruair oibríonn siad ach nuair nach n-oibríonn siad, bíonn ceisteanna móra le freagairt acu.

Nuair a chaill Robbie Hennelly seilbh na liathróide, bronnadh cic pionóis ar Bhaile Átha Cliath agus ansin tugadh isteach David Clarke, an fear a ba cheart a bheith idir na cuaillí Dé Sathairn. Is sárchúl báire é Henelly ach bhí brú ollmhór air ag imirt a chéad chluiche i gcraobhchomórtas na bliana seo.

Nuair a bháigh Dermott Connolly an liathróid san eangach ón chic pionóis, ba bhuille tubaisteach a bhí ann do Mhaigh Eo agus bhí an ghaoth sna seoltaí ag na ‘Dubs’.

Bhí leathghreim acu ar an chorn ach throid Maigh Eo leo go deireadh agus i ndairíre is beag a bhí idir na foirne seo nuair a shéid Maurice Deegan an fheadóg ag deireadh an chluiche. Briseadh croí do lucht an iarthair arís agus ní fheicim iad ag teacht ar ais ar feadh roinnt blianta anois le cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach.

Tá súil agam go bhfuil mé contráilte ach dar liom go bhfaca muid deireadh ré i mbliana le foireann Mhaigh Eo.

Comhghairdeas le Baile Átha Cliath, is iad an fhoireann is fearr in Éirinn iad le roinnt blianta anuas agus an rud is measa don chuid eile den tír, níl an tobar tráite san ardchathair, ach ag líonadh leis atá an tobar sin agus an fhoireann ag dul ó neart go neart faoi stiúir ghéar Jim Gavin.

Tá deireadh le craobh eile, cé go bhfuil muid i mí Dheireadh an Fhómhair agus ag amharc siar, bhí craobhchomórtas maith againn i mbliana cé go raibh orainn fanacht go deireadh an tséasúir sula bhfaca muid splanc mar is ceart.

Bhí bliain mhaith ag Tiobraid Árainn, sa chluiche leathcheannais den chead uair le 81 bliain. Bhain Tír Eoghain ar ais Craobh Uladh. Bhain Gaillimh stangadh asainn nuair a bhuail siad Maigh Eo, agus chuaigh Gaillimh ar aghaidh le craobh Chonnachta a bhaint den chéad uair le ocht mbliana.

An chnámh spairne is mó arís i mbliana ag lucht tacaíochta na gcluichí nó an Cárta Dubh.

Léirigh cluiche an tSathairn go bhfuil sé in am cártaí dubha na réiteoirí a dhó agus dearmad a dhéanamh díobh. Na cártaí a dhó agus ní na réiteoirí!

Anois, tá mise go mór i bhfách le deireadh a chur leis an tsoiniciúlacht inár gcluichí agus le bheith ionraice, rinne an cárta dubh sin go pointe ach ní hé freagra na faidbhe é an cárta dubh, dar liom.

Tá sé ródheacair ag réiteoirí réiteoireacht a dhéanamh ar chluichí agus dá mbeadh fiche súil orthu, ní thiocfadh leo an cárta dubh a chur i bhfeidhm mar ba chóir.

Tá rud inteacht de dhíth le deireadh a chur leis an ghreamú mar a thugann siad air i gcluichí rugbaí nuair a tharraingítear imreoir go talamh ach níl réiteoirí ábalta mar a dúirt mé súile a bheith acu i ngach áit. Bíonn cuidiú ag reiteoirí ó na maoir taobhlíne ach ní leor sin.

Chomh maith leis sin, cad é faoi na réiteoirí i gcluichí club nuair nach bhfuil cuidiú acu? Sílim féin gur cheart cárta buí a bhronnadh ar na himreoirí agus má dhéantar an dara huair é, cárta dearg ar an toirt a bhronnadh orthu.

Bheadh na réiteoirí ní ba mhuiníní ansin dar liom agus dá ndéanfadh imreoir dhá thacal shoiniciúla, bheadh sé ar shiúl den pháirc agus ní fhéadfaí a áit ar an pháirc a líonadh agus bheadh a fhoireann fear gann as sin go deireadh an chluiche.

Is mór an trua gurb iad na réiteoirí atá a bplé againn ag deireadh an tséasúir ach tá súil againn uilig go bhfuil fuascailt na faidhbe ag duine éigin.

Beidh na contaetha ag déanamh scíste anois atá tuillte acu ach beidh na cluichí contae ar obair arís i gceann trí mhí. Idir an dá linn, beidh achan duine ag súil go mór leis an bhliain seo chugainn agus ag coinneáil súil ar chluichí craoibhe na gclubanna fud fad na tíre.

An rud is measa faoi sin, ná go mbeidh muid i ndúlaíocht an gheimhridh gan mhoill, agus tá na cumainn ag ullmhú do chluiche ceannais ina gcontae féin.

Sin scéal do lá eile chomh maith, an masla agus an easpa suime a léirítear sna cumainn áitiúla a ba cheart a bheith i gcroílár ar gcluichí.

Is cinnte go ndéanfar go leor cainte idir an dá linn, agus na foirne contae ag toiseacht ag ullmhú don bhliain seo chugainn, cuid acu ar obair cheanna féin is gan iad ag fáil pingin nó bonn ar a shon.

Laochra atá iontu uilig.

Close
Close