Conall Ó Máirtín
Tá corn an Anglo-Celt ar ais sna cnoic anocht agus an ceiliúradh faoi lán seoil ag muintir Thír Chonaill agus buachaillí Jim McGuinness.
Má chreideann tú i bpisreoga ní gá ach a bheith ag amharc ar na blianta ina bhfuil Craobh Uladh bainte ag Tír Chonaill, 72, 82, 92, agus tuigfidh tú cén fáth ar shíl daoine áirithe go raibh ainm na gConallach scríofa ar an chorn ó thús na bliana.
Is cinnte nach raibh McGuinness i measc na ndaoine sin áfach agus plean fadtéarmach aige le todhchaí a chontae a chinntiú ar bhealach s’acu féin.
Achan deich mbliana tagann foireann le chéile a athraíonn stíl na peile.
Tharla sé le foireann an Dúin sna seascáidí, le Ciarraí agus Baile Átha Cliath sna seachtóidí agus ochtóidí, Tír Eoghain agus Ard Mhacha ag tús an chéid seo agus anois tá Tír Chonaill tar éis an caighdeán a ardú d’achan fhoireann eile sa tír.
Cé go bhfuair Tír Chonaill cáineadh millteanach, tá 4-43 faighte acu i gCraobh Uladh i mbliana.
Más rud é go raibh stíl chosanta acu anuraidh, tá Jim tar éis cur leis an bheartaíocht a bhí acu.
Ní raibh duine ar bith in amhras nach raibh na himreoirí ann leis na scóranna a aimsiú ach sílim féin go raibh ceacht le foghlaim acu, agus is é sin an dóigh chun craobhacha a bhaint.
Bhí blas an bhua de dhíth orthu, agus nuair tá sin agat ní bhíonn tú ag iarraidh filleadh ar na seanlaethanta.
Tá an ceacht seo foghlamtha acu anois agus tá na Connallaigh i ndiaidh teaicticí s’acu a leathnú amach. Bhí 11 duine ar an chlár acu i gCluain Eois inné agus ceann de na scóranna is mó faighte ag aon fhoireann i gcluiche ceannais Uladh riamh.
Ard-aclaíocht
Chaith mé seal ag amharc ar réamhaclaíocht na foirne agus baineadh geit asam cé comh cumhachtach agus atá siad agus iad ag reachtáil.
Is léir ón dóigh a bhfuil athrú tagtha ar choirp na n-imreoirí go mbeidh sé deacair ar aon fhoireann eile cur suas le haclaíocht s’acu.
Níos luaithe i mbliana bhí Tír Chonaill ag traenáil 12 uair in aghaidh na seachtaine, mar a rinne Baile Átha Cliath anuraidh.
Ach is éacht nach beag é sin i gcontae chomh mór.
Ní dóigh liom go bhfuil foireann ar bith eile ann, seachas b’fhéidir Cill Dara agus Baile Átha Cliath, a bheas in ann don aclaíocht atá anois acu.
Is suimiúil an rud é gur thóg mé an cheist le Mickey Harte níos luaithe i mbliana an raibh sé ar intinn aige bheith ag traenáil ar an dóigh chéanna.
D’fhreagair sé nach mbeadh Tír Eoghain ag dul an bealach seo ach cá bhfuil contae na Láimhe Deirge anois?
Téann an aclaíocht seo i bhfeidhm agus iad ar an fhrithionsaí.
Le huimhreacha ag titim siar thart ar an liathróid, briseann Tír Chonaill amach i ndiaidh dóibh an liathróid a thiontú thart i ngrúpaí agus tá sé fíordheacair iad a stopadh agus iad ag teacht fríd ar ardluas.
In éadan an Dúin agus i rith na bliana tá scrios déanta ag Frank McGlynn agus Anthony Thompson.
Rinne na fir ó na Beanna Boirche iarrachtaí stad a chur leis na gluaiseachtaí seo ó dhomhain sa chosaint ach is rud an-deacair é seo gan cártaí a phiocadh suas, rud a tharla do Benny Coulter agus é ag iarraidh stop a chur le gluaiseacht Mark McHugh.
Cruinneas Conallach
Chomh maith leis an láidreacht agus aclaíocht atá ag Tír Chonaill, tá cruinneas acu.
De ghnáth bíonn foirne idirchontae ábalta leath na seansanna scórála a aimsiú ach tá Tír Chonaill ag athrú 59% de dheiseanna chuig scóranna.
Tá McFadden, McElhinny, Murphy, McBrearty agus McHugh uilig ag aimsiú dornán de scóranna in achan chluiche.
Difear ollmhór ó bhí anuraidh ann.
Ach tá cruinneas ag Tír Chonaill sa ghreamú chomh maith.
Cé go bhfuil ceist ardaithe faoi na feallanna straitéiseach a bhíonn in úsáid acu, ní thugann siad saorchiceanna taobh istigh den cheantar naofa sin, an D os comhair na gcúl.
Sa chéad leath nuair a bhí an Dún sa cluiche, thug Tír Chonaill 15 cic saor dóibh ach sa darna leath nuair a rinne Tír Chonaill scrios ar an Dún, thit an uimhir sin síos go cúig cinn, rud a chiall nach raibh na seansanna céanna ag Liam Doyle agus Aidan Carr.
Tá aghaidh anois ag Tír Chonaill ar an darna cuid den chraobh agus is léir go gcreideann na himreoirí go dtig leo dul céim níos faide i mbliana agus cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach, agus é a bhaint.
Do chontae an Dúin agus James McCartan tá sé lá acu anois chun iad féin a phiocadh suas don dúshlán a bheas ann in éadan Thiobraid Árann, rud nach mbeidh furasta má tá stair na gcailliúintí i gcluichí ceannais na gcúigí ar eolas agat.