Ag filleadh abhaile go dtí an tOileán Iathghlas

Thar na blianta tá daoine tar éis an tOileán Iathghlas a fhágáil agus dul sa tóir ar shaol nua thar lear.

I mbliana tá an ‘Gathering’ ar siúl ag an rialtas le daoine a spreagadh cuairt a thabhairt ar an bhaile agus chun cairde agus teaghlaigh a thabhairt ar ais le chéile arís.

Ní imeacht mór amháin atá sa Gathering ach bliain iomlán d’imeachtaí éagsúla ar fud na tíre agus daoine ag filleadh abhaile go hÉirinn ó gach cearn den domhan.

Tá ócáidí spóirt, ceoil agus fiú imeachtaí eitlíochta ar siúl agus a dhícheall á dhéanamh ag an Gathering daoine a mhealladh ar ais chun na tíre.

Beidh an Gathering ag críochnú ag deireadh na bliana seo ach tá fós neart imeachtaí le tecaht idir seo agus sin.

Le déanaí léirigh figiúirí ón Phríomh-Oifig Staidrimh go raibh méadú 8% ar líon na ndaoine a tháinig ar cuairt go hÉirinn idir mí na Bealtaine agus mí Iúil 2013 i gcomparáid leis an bhliain seo caite agus bhí méadú 6% ar líon na ndaoine a tháinig ar cuairt idir mí Eanáir agus mí Iúil.

Bhí Meon Eile i láthair i mBéal an Mhuirthéad i gContae Mhaigh Eo nuair a bhí imeacht ar siúl ansin don Gathering: Craobhchomórtas Liathróid Láimhe.

Bhí daoine sa bhaile ó SAM agus Sasana chun freastal ar an teacht le chéile speisialta seo.

Ag filleadh abhaile go dtí an Oileáin Iathghlais / Sarah de Búrca
Close
Close