Veigeanáir 2021


Gach bliain, tugann daoine fud fad an domhain faoin dúshlán Veganuary, nó Veigeanáir, le linn mhí Eanáir. Bia veigeánach a ithe i gcaitheamh na míosa atá i gceist ar ndóigh, rud a bhfuil go leor buntáistí ag baint leis don duine agus don timpeallacht araon.

D'iarr David Attenborough ar an chine daonna a bheith níos airdeallaí ar an bhia a itheann siad agus thug sé rabhadh dúinn uilig faoi na hiarmhairtí a thiocfaidh den tionscal feirmeoireachta amach anseo.

Ní bhaineann Veigeanáir le haiste bia amháin. Ní féidir aon táirge a úsáid a bhfuil ábhair ó ainmhithe ann ná aon táirge a dhéanann dochar ar bith d'ainmhithe - éadaí, cosmaidí agus earraí níocháin san áireamh. 

Labhair Eibhlín Nic Cormaic, iníon léinn in Ollscoil na Banríona, le Meon Eile faoin aiste bia veigeánach a bhí aici le linn na míosa seo agus tá cúpla nod aici do dhuine ar bith ar mian leo níos lú feola a ithe.

Close
Close