Is ar an 17 Márta 1985 a bunaíodh Raidió Fáilte, nó ‘Raidió Feirste’ mar a tugadh air ag an am. 40 bliain ina dhiaidh sin, tá an stáisiún go fóill ag craoladh go laethúil agus ag cur seirbhís ar fáil do phobal Bhéal Feirste agus d’éisteoirí níos faide i gcéin. Leis an lá a ceiliúradh, tháinig scaifte ollmhór le chéile i bhfoirgneamh Raidió Fáilte ar Bhóthar na bhFál sa chathair.
Rinneadh macnamh ar an mhéid atá bainte amach ag an stáisiún - ó bheith ag craoladh mar stáisiún raidió bradach, go dtí ceadúnas Ofcom a bhaint amach in 2006 agus foirgneamh úrnua a oscailt go hoifigiúil in 2019.
Beidh tréimhse mhór cheiliúrtha ag an stáisiún idir Márta 2025 agus Méan Fómhair 2026, tráth a bhéas 20 bliain bainte amach ag Raidió Fáilte faoi choimirce Ofcom.
Is é Ainle Ó Cairealláin, mac le Gearóid Ó Cairealláin nach maireann agus a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an stáisiúin, a sheol an tréimhse cheiliúrtha agus thug Eoghan Ó Néill, atá ag craoladh le Raidió Fáilte ón tús, caint ar stair an raidió pobail Gaeilge i mBéal Feirste.
Bhí Meon Eile i láthair ar an lá agus labhair muid le Storm Eaton-Kilgallon atá ag obair mar irischraoltóir cúnta le Raidió Fáilte. D’inis sí dúinn faoin fhuinneamh a bhíonn thart ar an stáisiún, bíodh sin ó lá go lá agus iad ag obair nó ag na himeachtaí pobail a bhíonn á reachtáil go rialta.
D’inis Ainle Ó Cairealláin dúinn faoi na dea-chuimhní atá aige féin agus ag deartháireacha s’aige ar luath-laethanta an stáisiúin agus faoin bhród a bheadh ar a athair agus Raidió Fáilte 40 bliain ar an fhód anois.
Labhair muid fosta le hEoghan Ó Néill, duine de na daoine is mó atá luaite le Raidió Fáilte, faoin fhás agus forbairt atá feicthe aige féin thar na blianta agus faoin dóchas atá aige don todhchaí.