Tuairimí faoin Nollaig le Gaelscoil Phádraig Naofa

Tá cailíní agus gasúirí óga fud fad na cruinne ag tnúth le turas Dhaidí na Nollag agus an draíocht ar fad a bhaineann leis an am seo bliana.

Sa chlár deiridh seo sa tsraith, thug Meon Eile cuairt ar Ghaelscoil Phádraig Naofa i gCrois Mhic Lionnáin agus labhair muid le páistí rang 5 lena dtuairimí a fháil faoi gach uile rud Nollaigiúil. Phléigh siad na rudaí is fearr leo faoin Nollaig, na scannáin Nollag is ansa leo agus na rudaí is tábhachtaí faoin am seo den bhliain.

Chomh maith leis sin, chuir daltaí scoile ón chór seó ar siúl dúinn le ceol an tséasúir!

Close
Close