Anois agus mí na Nollag linn tá cailíní agus gasúirí óga ar fud fad na cruinne ag tnúth le turas Dhaidí na Nollag agus an draíocht ar fad a bhaineann leis an am seo bliana.
Thug Meon Eile cuairt ar Scoil na Fuiseoige in iarthar Bhéal Feirste agus labhair muid le páistí rang 4 agus 7 lena dtuairimí a fháil faoi gach uile rud Nollaigiúil. Phléigh siad na rudaí is fearr leo faoin Nollaig, an sneachta agus na lucharacháin ina measc!