Tuairimí an Phobail: Toghchán Tionóil eile ar na bacáin

Bhí Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann ann i mí Meithimh 2022. Léirigh na torthaí ón toghchán seo bua stairiúil do Shinn Féin agus, den chéad uair riamh, tá Céad-Aire poblachtánach ann ó thuaidh, Michelle O’Neill.

Tamall beag i ndiaidh na dtorthaí seo, duirt Jeffrey Donaldson ón DUP nach mbeadh an páirtí sásta a bheith ina shuí ag Cnoc an Anfa mar gheall ar Phrótacal Thuaisceart Éireann ar Theorainn Mhara na hÉireann, mír thábhachtach a tháinig de na cainteanna a lean an Breatimeacht.

De bhrí nach raibh an Tionól in ann Coiste Feidhmiúcháin a chur le chéile i ndiaidh dhá sheachtain déag, beidh ar Westminster toghchán eile a reáchtáil an bhliain seo chugainn muna mbíonn na páirtithe in ann comhréiteach a aimsiú idir an dá linn.

Labhair Meon Eile leis an Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh faoina smaointí féin ar chúrsaí faoi láthair agus labhair muid fosta le Jake Mac Siacais agus Cuisle Nic Liam faoina dtuairimí agus an frustrachas a mhothaíonn go leor daoine anseo sa tuaisceart leamhsháinn i láthair na huaire.

Close
Close