'Tic Teac' le Púca Puppets

I 1997 bhunaigh Niamh Lawlor an comhlacht ‘Púca Puppets’ agus í ag iarraidh an dá mhórspéis a bhí aici - an aisteoireacht agus an dearadh - a thabhairt le chéile. Sin an chúis ar thug sí faoi phuipéid a chruthú agus an scéal ‘Tic Teac’ a chumadh í féin. 

Úsáideann sí na puipéid sin le haistear taiscéalaíochta agus forbartha an pháiste a léiriú agus a cheiliúradh.

Tugann sí cuireadh do na páistí páirt a ghlacadh sa seó agus cuidiú a thabhairt leis an seit a chur le chéile. I ndiaidh phríomhchuid an scéil bíonn seans ag gach duine an mata cailce a líonadh le pictiúir atá tarraingthe acu féin.

Thóg Niamh na puipéid uilig í féin agus is le linn di a bheith ag smaoineamh siar ar a hiníon féin agus í níos óige agus ar cé chomh gasta agus a d’fhás sí aníos a tháinig sí ar an scéal. Bhí sí ag iarraidh an tábhacht a bhaineann le fás agus le forbairt gach páiste a cheiliúradh.

Mar chuid den fhéile ‘Liú Lúnasa’ tháinig Niamh ar ais i ndiaidh sos cúpla bliain chun an seó siamsúil a chur ar an ardán arís. 

Chuaigh Meon Eile chuig Cultúrlann McAdam Ó Fiaich leis an seó a fheiceáil agus fuair muid seans a bheith i gcuideachta Niamh agus comhrá a bheith againn léi. 

Le tuilleadh eolais a fháil ar Púca Puppets téigh anseo

Close
Close