Thriftify, ag éascú na siopadóireachta athláimhe

Bhunaigh an fiontraí sóisialta Rónán Ó Dálaigh agus beirt eile an suíomh siopadóireachta Thriftify chun cuidiú le siopaí carthanachta a gcuid earraí a dhíol ar líne. 

De réir a chuid taighde, thuig Rónán go raibh luach níos airde ar na hearraí a tugadh isteach chuig siopaí carthanachta ná an méid airgid a bhí na siopaí a shaothrú as na hearraí céanna a dhíol. Tháinig an triúr bunaitheoirí le chéile mar sin chun teicneolaíocht a fhorbairt agus a chur ar fáil do shiopaí carthanachta. Déanann an suíomh luacháil ar earraí agus iad a dhíol dóibh ar líne.

Tá roinnt duaiseanna bainte ag an fhiontar le déanaí agus an aidhm atá ag Thriftify anois ná 200 siopa carthanachta a bheith ar bord faoi dheireadh 2020.

Bhuail Meon Eile isteach chuig oifigí Thriftify chun labhairt le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Rónán Ó Dálaigh.

Close
Close