Mí na bPeataí 2021

Is é Aibreán 'Mí na bPeataí', agus 'Lá na bPeataí' a bheidh ann Dé Domhnaigh, mar sin, lenár gcairde clúmhacha a cheiliúradh, labhair Meon Eile le roinnt páistí faoin ghrá atá acu dá bpeataí.

Tá níos mó peataí i dTuaisceart na hÉireann in aghaidh an duine ná mar atá ó dheas ná sa Bhreatain - tá madadh ag 35% de thithe agus cat ag 13% acu.

De reir an AACAP, bíonn muinín níos fearr ag páistí, agus bíonn an chumarsáid neamhbhriathartha agus atrua níos forbartha acu fosta, má bhíonn peata acu agus iad ag fás aníos.

Thug Meon Eile cuairt ar Rhys atá ina chónaí i mBéal Feirste agus rinne sé cur síos ar na rudaí is fearr leis faoina mhadadh Baby.

Labhair muid chomh maith le triúr ón Iúr, Mairéad, Aisling agus Seán Art, a bhfuil cuid mhór peataí ar leith acu. Labhair siad faoin dóigh a dtugann siad aire do na cait, éin, laghairteanna agus nathracha atá acu.

Close
Close