Cóisir Lucht na Scéime ag Ollscoil na Banríona

Eagraíodh oíche ghalánta i Leabharlann Mhic an Lia, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ar na mallaibh le fáilte mhór a chur roimh na mic léinn úra atá ina gcónaí ar scéim cónaithe na hollscoile.

Is scéim í ina gcuirtear lóistín ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí le Gaeil eile agus iad ar an ollscoil. Is cuma cén t-ábhar a ndéanann tú staidéar air, a fhad is gur mac léinn de chuid Ollscoil na Banríona thú agus go bhfuil cumas ard agat sa Ghaeilge, tá fáilte romhat cur isteach ar an scéim agus tú ag dul isteach sa chéad bhliain.

Tá an scéim trí bliana ar an fhód anois agus tá sí ag fás léi ó shin. Bhí an chéad ghrúpa de mhic léinn lonnaithe i hallaí i lár na cathrach, ansin bhog an scéim go teach ar Bhóthar Mhaigh Luain, in aice leis an sráidbhaile mac léinn Elms. Anois, tá an grúpa lonnaithe i dteach le chéile i gceantar 'Mount Charles', cúpla bomaite ó champas na hollscoile.

Tugadh cuireadh do roinnt ionadaithe ó An Droichead, Raidió Fáilte, Turas agus Naíscoil na Seolta teacht agus labhairt ar an oíche, chomh maith leis na mic léinn a bhí ar an scéim anuraidh. Cuireadh píotsa ar fáil trí Ghaeilge a bhuí le Cathal Gormley ó 'Carro Della Pizza' i dTír Eoghain.

Labhair Meon Eile le beirt bhall den Chumann Ghaelach, an tUachtáran Anna Nic Gafraidh agus an Rúnaí Josh Mac Oitir. Beidh ról ar leith ag an Chumann Ghaelach i gcur le taithí na mac léinn agus tá Anna agus Josh gnóthach cheana féin ag eagrú roinnt imeachtaí spéisiúla.

Tá Josh ag imirt leis an chlub Gaeilge CLG, Laochra Loch Lao, agus labhair sé leis an mic léinn faoin ghné sin dá shaol chomh maith agus faoin ndóigh a gcuireann sé leis an eispéireas mic léinn i mBéal Feirste. Labhair an tOifigeach Tacaíochta Teanga de chuid Ollscoil na Banríona, Mark Harte, linn faoin dóigh a gcuidíonn an scéim le próifíl na Gaeilge a ardú fud fad an champais. Bhí an deis againn labhairt le Ethan Mac Cearáin chomh maith, mac léinn atá páirteach sa scéim i mbliana agus atá ag baint an-sult go deo as go dtí seo.

Close
Close